Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Title
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Séadna (Ar leanamhaint.) Cionnus rún do choiméad — an Pinsinéir Buidhe - Seóid na Mná Cos-nochttha. Síle. Agus cogar, a Pheg. Nach deas a dhein Máire Ghearra tar éis a tsaoghail. Peg. Airiú, cad do rin' sí, a Shíle? Síle. Gheall sí do Shéadna go gcoimeád- radh sí a rún, agus níor choimeád. Thug sí do Shiobháin é, agus ní raibh aon cheart aici é thabhairt d'aon-ne'. Peg. Is dócha, a Shíle, gur mar mhaithe do Shéadna thug sí an rún do Shiobháin, i dtreó gur mhóide an urraim a bheidheadh ag Siobháin dó. Síle. 'Seadh go díreach! Ní headh, mhaise', acht mar mhaithe léi féin. Nuair d'imthigh an measgán mearaidh úd d'á haigneadh, tháinig náire uirthi a rádh gur chuir sí Siobhán ag triall ar Shéadna, d'á iarraidh air í phósadh, agus níor bh'fhuláir lei an sgeul go léir d' innsint annsain do Shiobháin, i dtreó ná beidheadh aon mhilleán ag Siobháin uirthi. Peg. Agus d'ár ndóigh, a Shíle, má's chuige sin do rin' sí é, is dócha ná beidheadh aon mhilleán ag Séadna féin uirthi 'na thaobh. Síle. D'innis sé dhi fé rún é. Caidé an tairbhe rún, muna gcoimeádfar é? Bhí sé ceart aici an sgeul d'fhágáil mar bhí sé, agus gan a thuilleadh cainte do dheunamh mar ghioll air le haon-ne' beó. Ní bheidheadh aon mhilleán ag Séadna uirthi, an n-eadh? Tá go breágh! Ní mar sin is ceart rún do choimeád. Fágaim le hudhacht, a Pheg, nár cheapas go 'neósadh sí do Shiobháin féin é. Peg. Ba mhaith an bhail uirthi, a Shíle, nach tusa bhí ann, nuair bhí sí d'á innsint do Shiobháin. Síle. Abair é! Geallaim dhuit go ndéárfainn rud éigin léi ná dubhairt Siobhán léi. “Ná bíodh ceisd ort, a shéadna,” ars' isi; “coimeádfad-sa do rún.” Choimeád sí é leis go deas — é do sgaoileadh amach chomh luath agus tháinig sí chum cainte le Siobhán! Dá ndeunadh aon bhean eile acht Máire Ghearra é, ní bheidheadh leath a iongnaidh orm — acht í siúd, gur cheapas ná leigfeadh sí rún uaithi, dá mbeidheadh sí le stracadh idir chapallaibh. Nóra. Am bhriathar féin, a Shíle, gur iomdha duine ná leigfeadh rún uaidh, dá mbeidheadh sé le stracadh idir chapallaibh, agus 'na thaobh sain, do sgaoilfeadh uaidh é nuair ná beidheadh aon-ne' d'á iarraidh air. Síle. Má 'seadh, ní daoine de shaghas Mháire Ghearra iad. Cáit. Cogar, a Shíle, d'ár ndóich do bhí rún chomh mór leis tabhartha aici do Shiobháin cheana, agus caidé an díoghbháil a bhí ann, rún eile do thabhairt 'na theannta' dhi? Síle. B'é a cuid féin é sin. Ní raibh bac uirthi a rogha rud do dhéanamh le n-a rún féin, acht ní mar sin do rún duine eile. Peg. Tá an ceart agat, a Shíle. Acht tuig an méid seo. Ní mar a chéile rún foghanta agus droch-rún. An rún do dhéanfadh díoghbháil do Shéadna, níor thug sé uaidh i n-aon chor é. An rún do thug sé do Mháire Ghearra, ní raibh ceangal dian mar sin
uirthi é choiméad, agus a fhios aici gur mhó an tairbhe 'ná an dochar do Shéadna an rún sain do thabhairt uaithi do Shiobháin. Go mór mór ó bhí rún Mháire féin aici sin cheana. Gob. Agus cogar, a Pheg. D'ar ndóigh ní raibh rún Shéadna ag an sagart. Peg. Cia dubhairt go raibh? Gob. 'S dóigh, badh dhóigh le duine ar an gcuma ar ar labhair sé go raibh oiread aige dhe agus bhí ag an mnaoi chos-nochttha. Peg. Cionnus é sin? Gob. Dubhairt an sagart go raibh Séadna ag gabháil de chosaibh 'na chroidhe féin ar son an tSlánuightheóra; agus dubhairt an bhean chos- nochttha, is dóigh liom, an focal céadna, nuair chonnaic sé ar an gcnoc í. Cionnus 'fhéadfaidís bheith ar an bhfocal gcéadna, muna mbeidheadh go raibh an rún céadna aco? Peg. Is dócha go raibh an rún ag an mnaoi. Ba dhuine de'n triúr í gur thug sé an déirc dhóibh ar son an tSlánuightheóra, agus níor bhean shaoghalta í. Ní mar sin do'n tsagart. Ní raibh aon fhios aige ar an rún, ná aon fhagháil aige ar an leithéid d'fhios do bheith aige. Gob. Cad do chuir ar an bhfocal gcéadna é mar sin? Peg. Ní fheadar 'n tsaoghal, a Ghobnait, cad do chuir ar an bhfocal gceudna é. Nuair 'airigheas féin an sgeul ar dtúis, níor chuireas an cheisd sin, acht is amhlaidh do cheapas im'aigneadh gurab amhlaidh do thuig an sagart go raibh Séadna pósta cheana a gan fhios. Cáit. 'Dhe cad eile? Nach 'in é cheapfadh aon-ne.' Gob. Airiú, agus caidé an moladh bheidheadh ag an sagart air mar gheall air sin? Badh mhór an buidheachas badh cheart do bheith air, go deimhin, toisg gan bhean do phósadh agus é pósta cheana! Cáit. Nach maith do phós an Pinsinéir Buidhe agus é pósta cheana? Gob. An rascail! Agus feuch cad d'imthigh air. Síle. Cad d'imthigh air, a Ghobnait? Cáit. d'imthigh an rud do bhí tuillte aige, a Shíle — é chur an loch amach. Gob. D'airigheas-sa gur ró-dhóbair go gcrochfaidhe é. Cáit. Mar sin do bhí sé amuigh air go raibh sé pósta trí huaire, agus gur mhairbh sé an cheud bhean, acht níor daoradh ann é. Síle. D'ar ndóigh, ní fheádfadh sé bheith pósta trí huaire, agus an triúr ban beó. Gob. Ná féadsadh sé a leigint air le gach mnaoi dhíobh ná raibh sé pósta acht aici féin? Síle. Airiú, an bitheamhnach! Nár mhór an eugcóir agus t-éitheach dó a leithéid sin do dhéanamh. Gob. Is dócha gur bheag aige siúd bréag mhór, agus gur bh'éadtrom aige eugcóir throm. Cáit. Is beag an sgeul é bheith imthighthe an loch amach. Gob. Is beag, agus is beag an sgeul gan puinn d'á shórd do bheith 'na dhiaidh. Síle. Acht cogar, a Pheg. Ní fheadar caidé an buaidh bhí 'san tseóid úd a thug an bhean chos-nochttha do Shéadna, agus a rádh gur imthigh an bhuadhairt mhór chomh tapaidh dhe. Nach truagh gan a leithéid ag gach aon-ne' go mbeidheadh buadhairt air! Peg. D'réir mar thuigeas-sa an sgeul, a Shíle, a chuid, ceapaim gur iomdha duine go mbíonn an tseóid úd aige, go ndéineann sí maolughadh ar bhuadhairt dó. Síle. Cionnus é sin, a Pheg? Peg. An té bhrúighfidh fé a mhian agus shéan- faidh a thoil ar son Dé, nó ar son an tSlánuightheóra, nó ar son an cheirt, beidh cuimhne an ghnímh sin 'na chroidhe, agus nuair thiocfaidh buadhairt air, ní bhéarfaidh an bhuaidhairt greim ar chroidhe air. Gob. Agus is dócha, d'á mhéid é an mian, gurab eadh is mó é an gníomh. Peg. Is eadh sain. Agus sin é cúis go ndubhairt an bhean, go raibh an gníomh déanta ag Séadna, an lá sain, dob'uaisle d'ár rinneadh i nÉirinn le fada roimhe sin —
“an bhean dob'fhearr i nÉirinn do chur ó n-a chroidhe, níos túisge 'ná dhéanfadh sé a leithéid d'eugcóir uirthi. (leanfar de seo.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services