Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Séadna. (Ar leanamhaint.)

Title
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Séadna



(Ar leanamhaint.)



Cionnus rún do choiméad — an Pinsinéir Buidhe -
Seóid na Mná Cos-nochttha.



Síle. Agus cogar, a Pheg. Nach deas a
dhein Máire Ghearra tar éis a tsaoghail.



Peg. Airiú, cad do rin' sí, a Shíle?



Síle. Gheall sí do Shéadna go gcoimeád-
radh sí a rún, agus níor choimeád. Thug sí do
Shiobháin é, agus ní raibh aon cheart aici é
thabhairt d'aon-ne'.



Peg. Is dócha, a Shíle, gur mar mhaithe do
Shéadna thug sí an rún do Shiobháin, i dtreó
gur mhóide an urraim a bheidheadh ag Siobháin
dó.



Síle. 'Seadh go díreach! Ní headh, mhaise',
acht mar mhaithe léi féin. Nuair d'imthigh an
measgán mearaidh úd d'á haigneadh, tháinig
náire uirthi a rádh gur chuir sí Siobhán ag
triall ar Shéadna, d'á iarraidh air í phósadh,
agus níor bh'fhuláir lei an sgeul go léir d'
innsint annsain do Shiobháin, i dtreó ná
beidheadh aon mhilleán ag Siobháin uirthi.



Peg. Agus d'ár ndóigh, a Shíle, má's chuige
sin do rin' sí é, is dócha ná beidheadh aon
mhilleán ag Séadna féin uirthi 'na thaobh.



Síle. D'innis sé dhi fé rún é. Caidé an
tairbhe rún, muna gcoimeádfar é? Bhí sé
ceart aici an sgeul d'fhágáil mar bhí sé, agus
gan a thuilleadh cainte do dheunamh mar ghioll
air le haon-ne' beó. Ní bheidheadh aon
mhilleán ag Séadna uirthi, an n-eadh? Tá
go breágh! Ní mar sin is ceart rún do
choimeád. Fágaim le hudhacht, a Pheg, nár
cheapas go 'neósadh sí do Shiobháin féin é.



Peg. Ba mhaith an bhail uirthi, a Shíle, nach
tusa bhí ann, nuair bhí sí d'á innsint do
Shiobháin.



Síle. Abair é! Geallaim dhuit go
ndéárfainn rud éigin léi ná dubhairt
Siobhán léi. “Ná bíodh ceisd ort, a
shéadna,” ars' isi; “coimeádfad-sa do
rún.” Choimeád sí é leis go deas — é do
sgaoileadh amach chomh luath agus tháinig sí chum
cainte le Siobhán! Dá ndeunadh aon bhean
eile acht Máire Ghearra é, ní bheidheadh leath a
iongnaidh orm — acht í siúd, gur cheapas ná
leigfeadh sí rún uaithi, dá mbeidheadh sí le
stracadh idir chapallaibh.



Nóra. Am bhriathar féin, a Shíle, gur
iomdha duine ná leigfeadh rún uaidh, dá
mbeidheadh sé le stracadh idir chapallaibh, agus
'na thaobh sain, do sgaoilfeadh uaidh é nuair
ná beidheadh aon-ne' d'á iarraidh air.



Síle. Má 'seadh, ní daoine de shaghas
Mháire Ghearra iad.



Cáit. Cogar, a Shíle, d'ár ndóich do bhí
rún chomh mór leis tabhartha aici do Shiobháin
cheana, agus caidé an díoghbháil a bhí ann, rún
eile do thabhairt 'na theannta' dhi?



Síle. B'é a cuid féin é sin. Ní raibh
bac uirthi a rogha rud do dhéanamh le n-a
rún féin, acht ní mar sin do rún duine eile.



Peg. Tá an ceart agat, a Shíle. Acht
tuig an méid seo. Ní mar a chéile rún
foghanta agus droch-rún. An rún do dhéanfadh
díoghbháil do Shéadna, níor thug sé uaidh i
n-aon chor é. An rún do thug sé do Mháire
Ghearra, ní raibh ceangal dian mar sin


L. 86


uirthi é choiméad, agus a fhios aici gur mhó an
tairbhe 'ná an dochar do Shéadna an rún sain
do thabhairt uaithi do Shiobháin. Go mór mór
ó bhí rún Mháire féin aici sin cheana.



Gob. Agus cogar, a Pheg. D'ar ndóigh
ní raibh rún Shéadna ag an sagart.



Peg. Cia dubhairt go raibh?



Gob. 'S dóigh, badh dhóigh le duine ar an
gcuma ar ar labhair sé go raibh oiread aige
dhe agus bhí ag an mnaoi chos-nochttha.



Peg. Cionnus é sin?



Gob. Dubhairt an sagart go raibh Séadna
ag gabháil de chosaibh 'na chroidhe féin ar son
an tSlánuightheóra; agus dubhairt an bhean chos-
nochttha, is dóigh liom, an focal céadna,
nuair chonnaic sé ar an gcnoc í. Cionnus
'fhéadfaidís bheith ar an bhfocal gcéadna,
muna mbeidheadh go raibh an rún céadna
aco?



Peg. Is dócha go raibh an rún ag an
mnaoi. Ba dhuine de'n triúr í gur thug sé an
déirc dhóibh ar son an tSlánuightheóra, agus
níor bhean shaoghalta í. Ní mar sin do'n
tsagart. Ní raibh aon fhios aige ar an rún,
ná aon fhagháil aige ar an leithéid d'fhios do
bheith aige.



Gob. Cad do chuir ar an bhfocal gcéadna
é mar sin?



Peg. Ní fheadar 'n tsaoghal, a Ghobnait,
cad do chuir ar an bhfocal gceudna é.
Nuair 'airigheas féin an sgeul ar dtúis,
níor chuireas an cheisd sin, acht is amhlaidh
do cheapas im'aigneadh gurab amhlaidh do
thuig an sagart go raibh Séadna pósta
cheana a gan fhios.



Cáit. 'Dhe cad eile? Nach 'in é cheapfadh
aon-ne.'



Gob. Airiú, agus caidé an moladh bheidheadh
ag an sagart air mar gheall air sin? Badh
mhór an buidheachas badh cheart do bheith air,
go deimhin, toisg gan bhean do phósadh agus é
pósta cheana!



Cáit. Nach maith do phós an Pinsinéir
Buidhe agus é pósta cheana?



Gob. An rascail! Agus feuch cad d'imthigh air.



Síle. Cad d'imthigh air, a Ghobnait?



Cáit. d'imthigh an rud do bhí tuillte aige,
a Shíle — é chur an loch amach.



Gob. D'airigheas-sa gur ró-dhóbair go
gcrochfaidhe é.



Cáit. Mar sin do bhí sé amuigh air go
raibh sé pósta trí huaire, agus gur mhairbh sé
an cheud bhean, acht níor daoradh ann é.



Síle. D'ar ndóigh, ní fheádfadh sé bheith
pósta trí huaire, agus an triúr ban beó.



Gob. Ná féadsadh sé a leigint air le gach
mnaoi dhíobh ná raibh sé pósta acht aici
féin?



Síle. Airiú, an bitheamhnach! Nár mhór
an eugcóir agus t-éitheach dó a leithéid sin
do dhéanamh.



Gob. Is dócha gur bheag aige siúd bréag
mhór, agus gur bh'éadtrom aige eugcóir throm.



Cáit. Is beag an sgeul é bheith imthighthe
an loch amach.



Gob. Is beag, agus is beag an sgeul gan
puinn d'á shórd do bheith 'na dhiaidh.



Síle. Acht cogar, a Pheg. Ní fheadar
caidé an buaidh bhí 'san tseóid úd a thug an
bhean chos-nochttha do Shéadna, agus a rádh gur
imthigh an bhuadhairt mhór chomh tapaidh dhe.
Nach truagh gan a leithéid ag gach aon-ne' go
mbeidheadh buadhairt air!



Peg. D'réir mar thuigeas-sa an sgeul, a
Shíle, a chuid, ceapaim gur iomdha duine go
mbíonn an tseóid úd aige, go ndéineann sí
maolughadh ar bhuadhairt dó.



Síle. Cionnus é sin, a Pheg?



Peg. An té bhrúighfidh fé a mhian agus shéan-
faidh a thoil ar son Dé, nó ar son an
tSlánuightheóra, nó ar son an cheirt, beidh
cuimhne an ghnímh sin 'na chroidhe, agus nuair
thiocfaidh buadhairt air, ní bhéarfaidh an
bhuaidhairt greim ar chroidhe air.



Gob. Agus is dócha, d'á mhéid é an mian,
gurab eadh is mó é an gníomh.



Peg. Is eadh sain. Agus sin é cúis go
ndubhairt an bhean, go raibh an gníomh
déanta ag Séadna, an lá sain, dob'uaisle
d'ár rinneadh i nÉirinn le fada roimhe sin —


L. 87


“an bhean dob'fhearr i nÉirinn do chur ó n-a
chroidhe, níos túisge 'ná dhéanfadh sé a
leithéid d'eugcóir uirthi.



(leanfar de seo.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services