Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Mharbhadh Gabhair.
Title
Ar Mharbhadh Gabhair.
Author(s)
Mac Gearailt, Piaras,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Mharbhadh Gabhair. Cia tharla dealbh sa' mbaile gan chabhair ar bith I ngomhgar gleanna, is dob' aindeis go leór mo chruth, Mo bhanaltra a' sgreadaigh, mar “Beith bhochd” ní bhfuair istigh, 'S gan deireadh le gainne an té mharbh mo ghabhar is d'ith! A Chaora — 'na haice nár fhachtar an t-uan a' rith! A bhó, ar maidin, go bhfachtar i gcluais an ghuirt! A chapall, lá an earraigh, go bhfachtar lag suaithte fliuch! 'S a leanbh gan bainne um eadarshuth a' duanaireacht! An té mharbh mo ghabhar, gurab bodhar a bhean 's a pháisde! Nár fhágaidh na gabhair aige annlann tuir chabáiste! 'Nuair is goire dhó cabhair, nár ghabhaidh a chuid a chéile, Ach mar chuipe na habhann lá ramharta 's gan fosgadh ó'n ngaeith air. A Chonchubhair Treó! faoi dhó go gcaillir do mheamhair! Id' chloigeann gach ló go raibh ceól ag beacha' agus creabhair! Tar éis seaca naoi n-órdlach fógraim tuair “droichid a'dobhair,” Is gan ceirt ar do thóin acht cóta de chroiceann an ghabhair! Ar do leabaidh, leath-dhreóighte, fógraim caithte thu id' lobhar, Ar uireasbaidh lóin, go feoidhte seargtha odhar, Binnseach led' thaobh, 's ar an taobh eile sean-phoc ramhar, Is do cheann i riocht pleusgtha ó bhéiceach gharg na ngabhar!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services