Ar Mharbhadh Gabhair.
Cia tharla dealbh sa' mbaile gan chabhair ar bith
I ngomhgar gleanna, is dob' aindeis go leór mo chruth,
Mo bhanaltra a' sgreadaigh, mar “Beith bhochd” ní
bhfuair istigh,
'S gan deireadh le gainne an té mharbh mo ghabhar
is d'ith!
A Chaora — 'na haice nár fhachtar an t-uan a' rith!
A bhó, ar maidin, go bhfachtar i gcluais an ghuirt!
A chapall, lá an earraigh, go bhfachtar lag suaithte
fliuch!
'S a leanbh gan bainne um eadarshuth a' duanaireacht!
An té mharbh mo ghabhar, gurab bodhar a bhean 's a
pháisde!
Nár fhágaidh na gabhair aige annlann tuir chabáiste!
'Nuair is goire dhó cabhair, nár ghabhaidh a chuid a chéile,
Ach mar chuipe na habhann lá ramharta 's gan fosgadh
ó'n ngaeith air.
A Chonchubhair Treó! faoi dhó go gcaillir do mheamhair!
Id' chloigeann gach ló go raibh ceól ag beacha' agus
creabhair!
Tar éis seaca naoi n-órdlach fógraim tuair “droichid
a'dobhair,”
Is gan ceirt ar do thóin acht cóta de chroiceann an
ghabhair!
Ar do leabaidh, leath-dhreóighte, fógraim caithte thu
id' lobhar,
Ar uireasbaidh lóin, go feoidhte seargtha odhar,
Binnseach led' thaobh, 's ar an taobh eile sean-phoc ramhar,
Is do cheann i riocht pleusgtha ó bhéiceach gharg na
ngabhar!