Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Díosgán d'Eugsamhlaidh Gaedhilge.
Title
Díosgán d'Eugsamhlaidh Gaedhilge.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Ua hIceadha, M. P.
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DÍOSGÁN D'EUGSAMHLAIBH GAEDHILGE. Ag taisdeal na tíre dham anois a's arís le dhá bhliadhain is minic atchuala na seandaoine ag aithris dánta, dreuchta, eachtraidhe agus a leithéididhe. Do rith liom gur fiú cuid aca do sgríobhadh síos ar chor nach gcaillfidhe iad. Ag so roinn díobh. I bparróisde Chille Ghobnait, i ngar do Dhúngharbháin, bhí sagart parróisde atá ós cionn deich mbliadhan fichead ó shoin. An tAthair Micheál Ua Conchubhair do b'ainm dó. File Gaedhilge b'eadh é. Do bhí sé ag suidheachán faoisidín lá, agus ba cheart do dhuine éigin ar a dtugadh Tadhg bheith ann, acht ní raibh. Do bhí a bhean ann, bé 'r domhan é; agus d'fhiarfhuigh an sagart di cá raibh Tadhg. Adubhairt sisi go raibh sé 'san mbaile. 'Sé adubhairt an sagart annsoin: Tá Tadhg ins an mbaile 'na shuidhe ar an suidhiste, A's Máire annso ag caitheamh an bhríste. Do bhí an sagart ceudna ag suidheachán faoisidín eile, cia aca roimhe sin nó 'na dhiaidh ní fheadar, agus d'fhiarfhuigh sé de dhuine de mhuintir Cheallaigh an raibh a sgilling aige le díol. “Ní fhuil,” adubhairt an Ceallach, “agus dá mbeidheadh a leithéid agam, do b'fhearra liom bonn do chur fé m' bhróig.” Annsain adubhairt an sagart gan stad: - “A Cheallaigh na mbonn, Nár dhíol sgilling ariamh le fonn.” Ó'n lá soin gur eug sé, tugadh “Ceallach na mbonn” mar leas-ainm ar an duine bhocht soin. Ag so urnaighe fuaras ó sheanmhnaoi i bparróisde na hEaglaise ar chiumhais na hAbhann Móire: — “O! a Dhia, a charthanacht gan teora agus a thróchaire gan miosúr! 'sé do ghrádh dobheir duitse teacht go dtí mé, a's 'sé mo dhóchas dobheir damhsa thú ghlacadh. Tugaim mo chorp duit mar theampull; mo chroidhe dhuit mar altóir, a's m'anam duit mar phixus. O! a Thighearna, a Uain naomhtha neamhchionntaigh, a Fhuasgaltóir na trócaire, a leinbh uasail, a Íosa! clúdaigh mé le d' fhalluing; tabhair lóisdín dam in do chroidhe; sluig mé in do Ríoghacht; léig mé le'd chumhracht a's le d' charthanacht; aithbheodhuigh mé le d' bhás; foluigh mé le d' loit; glan mé le d' chuid fola; táthaigh mé le d' ghrádh; agus deun mé go hiomlán taithneamhach do réir do naomhchroidhe féin, a Tighearna, Amen.” Ag so dreucht dá ngoirthear “Moladh an tobaic.” Duine darbh' ainm Gearóid Ó Maonaigh a úghdar. Bhí sagart i bparróisde Chille Rosanra fad' ó ar a dtugadh an ainm sin, a's b'fhéidir gurbh ionann an sagart soin a's ughdar an dreuchta ro leanas:— Mór-mhíorbhuileach an tobac so, tosach tachair gacha críonnacht', Luibh do bheannuigh gach cléireach, 's an tAthair Seumas Ó Gríobhthaigh. Ní sámh fleadh ná feusta, ní sámh aon chuid dár n-onóir, Ná bí an tobac bríoghmhar ag gach Ríoghain ro-mhóir. Doghní náimhde síothchánta, eadrainne, clanna Lóbuis. Is blasta leósan, 's is sásta, boladh an tsnaoisín tsróna, Luibh íocshláinte ár gcailleach, do bheir cabhair dár gcliaraibh, Dobheir dár súilibh amharc, agus fuaradh dár ngalar fiacal. Is maith píopa 'san oidhche, 's is ro-mhaith snaoisín ar maidin: An duilleóg is maith gan amhrus bheith fá 'n ndranndal dá cagnadh. Is folláin gal an tsúsa do lucht múcha' a's reuma; Folláin gal na maidne do lucht allais a's méithchris. Is maith an t-adhbhar sgíthe púdar snaoise 'san obair,
Mar chaithid lucht na suanóg iomad spiúnóg go socair. Má tá luaidheacht 'san mbeannacht, ó 'sé ceannach is buaine, Is beannuighthe neach ina bheathaidh, fós a's a ndeachaidh uainne. Do lucht casachtaighe a's slaodáin is deagh-ghnás ceart ciallmhar: Bainfidh an snaoisín seordán agus pleasgán as a dtiarach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services