Ag taisdeal na tíre dham anois a's arís
le dhá bhliadhain is minic atchuala na
seandaoine ag aithris dánta, dreuchta,
eachtraidhe agus a leithéididhe. Do rith liom
gur fiú cuid aca do sgríobhadh síos ar chor
nach gcaillfidhe iad. Ag so roinn díobh.
I bparróisde Chille Ghobnait, i ngar do
Dhúngharbháin, bhí sagart parróisde atá ós
cionn deich mbliadhan fichead ó shoin. An
tAthair Micheál Ua Conchubhair do b'ainm
dó. File Gaedhilge b'eadh é. Do bhí sé ag
suidheachán faoisidín lá, agus ba cheart do
dhuine éigin ar a dtugadh Tadhg bheith ann,
acht ní raibh. Do bhí a bhean ann, bé 'r
domhan é; agus d'fhiarfhuigh an sagart di
cá raibh Tadhg. Adubhairt sisi go raibh sé
'san mbaile. 'Sé adubhairt an sagart
annsoin:
Tá Tadhg ins an mbaile 'na shuidhe ar
an suidhiste,
A's Máire annso ag caitheamh an
bhríste.
Do bhí an sagart ceudna ag suidheachán
faoisidín eile, cia aca roimhe sin nó 'na
dhiaidh ní fheadar, agus d'fhiarfhuigh sé de
dhuine de mhuintir Cheallaigh an raibh a
sgilling aige le díol. “Ní fhuil,” adubhairt
an Ceallach, “agus dá mbeidheadh a leithéid
agam, do b'fhearra liom bonn do chur fé m'
bhróig.” Annsain adubhairt an sagart gan
stad: -
“A Cheallaigh na mbonn,
Nár dhíol sgilling ariamh le fonn.”
Ó'n lá soin gur eug sé, tugadh “Ceallach na
mbonn” mar leas-ainm ar an duine bhocht
soin.
Ag so urnaighe fuaras ó sheanmhnaoi i
bparróisde na hEaglaise ar chiumhais na
hAbhann Móire: — “O! a Dhia, a charthanacht
gan teora agus a thróchaire gan miosúr! 'sé
do ghrádh dobheir duitse teacht go dtí mé, a's
'sé mo dhóchas dobheir damhsa thú ghlacadh.
Tugaim mo chorp duit mar theampull; mo
chroidhe dhuit mar altóir, a's m'anam duit
mar phixus. O! a Thighearna, a Uain naomhtha
neamhchionntaigh, a Fhuasgaltóir na trócaire,
a leinbh uasail, a Íosa! clúdaigh mé le d'
fhalluing; tabhair lóisdín dam in do chroidhe;
sluig mé in do Ríoghacht; léig mé le'd
chumhracht a's le d' charthanacht; aithbheodhuigh
mé le d' bhás; foluigh mé le d' loit;
glan mé le d' chuid fola; táthaigh mé le d' ghrádh;
agus deun mé go hiomlán taithneamhach do
réir do naomhchroidhe féin, a Tighearna,
Amen.”
Ag so dreucht dá ngoirthear “Moladh an
tobaic.” Duine darbh' ainm Gearóid Ó
Maonaigh a úghdar. Bhí sagart i bparróisde
Chille Rosanra fad' ó ar a dtugadh an ainm
sin, a's b'fhéidir gurbh ionann an sagart
soin a's ughdar an dreuchta ro leanas:—
Mór-mhíorbhuileach an tobac so, tosach
tachair gacha críonnacht',
Luibh do bheannuigh gach cléireach, 's an
tAthair Seumas Ó Gríobhthaigh.
Ní sámh fleadh ná feusta, ní sámh aon
chuid dár n-onóir,
Ná bí an tobac bríoghmhar ag gach
Ríoghain ro-mhóir.
Doghní náimhde síothchánta, eadrainne,
clanna Lóbuis.
Is blasta leósan, 's is sásta, boladh
an tsnaoisín tsróna,
Luibh íocshláinte ár gcailleach, do bheir
cabhair dár gcliaraibh,
Dobheir dár súilibh amharc, agus fuaradh
dár ngalar fiacal.
Is maith píopa 'san oidhche, 's is ro-mhaith
snaoisín ar maidin:
An duilleóg is maith gan amhrus bheith
fá 'n ndranndal dá cagnadh.
Is folláin gal an tsúsa do lucht múcha'
a's reuma;
Folláin gal na maidne do lucht allais
a's méithchris.
Is maith an t-adhbhar sgíthe púdar
snaoise 'san obair,
Mar chaithid lucht na suanóg iomad
spiúnóg go socair.
Má tá luaidheacht 'san mbeannacht, ó
'sé ceannach is buaine,
Is beannuighthe neach ina bheathaidh, fós
a's a ndeachaidh uainne.
Do lucht casachtaighe a's slaodáin is
deagh-ghnás ceart ciallmhar:
Bainfidh an snaoisín seordán agus
pleasgán as a dtiarach.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11