Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Aonghuis Mhic Fhirdiach
Title
Eachtra Aonghuis Mhic Fhirdiach
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Williams, N.J.A.
Composition Date
1700
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1977)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ACHTRA AONGUIS MHIC FHIRDIACH MHIC AN DÁGHA Feacht n-aon dá raibh cuirimsi agus fleagh agus féasda a ríoghdhún Iarthar an Domhuin ag Aoife inghion Bhéine mhic Fhergusa mhic Fhlainn neartmhair .i. áirdrígh Iarthar an Domhuin an tan sin agus ní raibh
lorgaire ioná oighre ar na háirdríghe uile acht madh amháin Aoife réamhráidhte agus tárla laoch meardha móraigionntach a ttoinniaith a bhfogus do ríoghcharthaigh Aoife agus bá hainm don laoch Dáire Dreachsho- luis agus bá tairisi ré Dáire Aoife do bhárr ar bhanndálaibh an domhuin agus do-ronnsad a ccoinghiol ré chéile d'aigne agus d'aontoil ionnus gur nasgadh ré chéile iad. Agus a ttráth áinis agus aoibhneasa na sochuídhe, táinig laoch míliota borbthréan /84/ feadhmláidir don dún agus níor bheannaig aon isan teaghlach dhó agus ó náchar chuir siad fiafruíghe air, do shuig a bhfogus do Aoife agus tógbhas a chinnbhirt agus nochtas a éadan agus mogh agus innsge a chrotha agus a dhealbha agus arna fhaigsin sin do shluaghaibh an teaghlaigh bá mire meanma agus ba hárdúghadh aigne riú bheith ag feithiomh agus ag féachuin air. Agus bá mó budh sáimhe ré hAoife a fhaigsin ná ré haon don teaghlach acht madh amháin Dáire Dreachsholuis agus ní raibh ar tuinn talmhan tromfhódaig laoch bá mó fuath agus míthoil do Aongus ioná Dáire agus fochtus d'Aongus gá críoch bunaidh dhó. "As geis damh", ar Aongus "gan sgéal do nochta orm féin go nochtar sgéala damh". "Maiseadh", ara Dáire, "ort a chomhall". "Gabhuim ris", do rádh Aongus. Agus iar sin gabhas Aongus a chinnbhirt chatha agus cómhlann air agus triallus amach as dorus an dúna ar an bhfaighche bhfódghlais bhféaruaithne agus Dáire iona dhiaig go fraochdha fergach fírnimhneach agus iar sin do-roinne an dias deaghlaoch ar a chéile mar dhá leómhan lonna lúithfhergacha nó mar dhá tharbh tána tréinnertmhura nó mar dhá ghríbhingneach ghéara ghoimheamhla. Dob iad sin a n-aisder agus a n-imtheachta ag teacht a ccómfhogus a chéile dhóibh. Agus iar sin do nochtsad a ccloidhmhthe géara claisleathna agus do thriallsad a ccoinne agus a ccómdháil a chéile gan taom time ná tláis ar aon aco agus tugsad ucht ré hucht agus glún ré gliadh agus do-ronnsad cómhlann cneasghéarrtha cróidhearg cneadhach cróighlíonta fria ré uaire /85/ gan taom time ná tláis ar aon sioch a chéile díobh. Agus dá éis sin fhuair Aongus béim breathbhuille ar Dháire gur theasg an ceann don cholainn aige agus gur thuit Dáire fó lár gan anam ann. Agus iar sin triallus buidhion an dúna iona ccipeadhaibh daingiona dosgaoilte agus iona ruadhchathaibh tréana dosmachtaighthe a ccoinne agus a ccómhdháil Aonguis agus do ghabh Aongus dóibh gur fhúig gach laoch díobh ar roinn dá leasraig ag imirt báis agus buainéaga ortha ionnus náchar théarnó éalóghach beó ioná laoch aisdir as díobh. Dála dearbhráthar Aonguis .i. Fergus, triallus don domhan mhór amach a ndóigh go tteangbhadh Aongus dó agus ar tteacht d'Fhergus gusan bhfaighthe ad-chonnairc ár agus easbadh na laoch iomdha sin agus Aongus ar ttuitim a ttáimhnéalaibh eatortha agus do thriall Fergus gusan laoch agus sgaoileas a chinnbhirt de agus tug aithne gurab é a dhearbhráthair Aongus
tárla san ghábha sin. Agus as iomdha éighmhe fhada fíorthruaighe agus gul árd éagcaointeach do-rín Fergus ar an láthair sin agus ní raibh cor ioná iompó an Aongus ris an raé sin agus do chan Fergus an laoi so:
"Dóigh liom mo dhearbhráthair dil an araghna báis go deimhin gan cuimhne, gan forfhaire, a bhfhad ó Thír Tharrngaire. /86/ Dursain gur fada fós ar n-athair ónar n-iomthós 's gan a theacht 'n ar ngaire, creach gan cheilt dár saorbhaile. Aoife áin, inghion Bhéine, 's í do chráig mo chóimhchéile; do chlóg Dáire na ttreas ós é d'fhág mé gan áighneas. Dá bhfaiceadh Feardiach an fhuilt san ármhach chliar le cuimilt - laochradh gan fiaradh an fhuinn, fiannadh Éireann a-deirim."
D'aithle na laoi sin d'Fhergus, d'osgail Aongus a bhéal agus do rádh: "Uch, as truagh nách fuil deoch agam", ar sé. Iar sin do thriall Fergus d'fhios an dúna agus iar tteacht don dún dó, d'aitchig sé deoch dá dhearbhráthair agus do dháil Aoife easgra d'fhíon nuadh dhó agus fochtus cionnus do bhí ag an ríghmhíleadh d'éis an mhórchatha sin do chuir ar Dháire agus ar a shluaghaibh iomdha. "Do thoil na ndéithe biaidh fá shláinnte folláin", ara Fergus. Agus dá éis sin do thriall Fergus ar ccúlaibh d'fhios Aonguis agus tug an easgra dhó agus do ghabh Aonghus an easgra iona láimh agus do choisg a íota lé agus iar sin éirghios iona sheasamh agus tugsad ar aon lámh ar imthecht d'fhios /87/ an dúna. Agus ar n-imthecht dóibh fochtus Aongus dá dhearbhráthair cionnus do bhí a n-athair agus a ccáirde uile a tTír Tarrngaire. "Go cosmhail", ara Feargus, "go deimhin acht gurab mór bhur n-easbasa ortha". "Ní budh fada sin ortha", do rádh Aongus. Ar an modh sin
dhóibh go ráinig siad an dún agus iar ndul don dún dóibh do thriall Aongus d'fhios Aoife agus ferus Aoife fíorchaoin fáilte roimhe agus as é do rádh: "Go deimhin, a ríghmhílidh, as méadughadh maisi agus meanman linn tú thecht slán ón móirghleó son a rabhais agus dom dhóigh ó do thuig ádhbhar ar bhfírchéile léd láimh, biaidh do thoil agus do mheanma mur aon leat féin mar chéile agam". "Is dleacht sin", ar Aongus. Mar sin dóibh go húrthosach oidhche, agus imtheacht dá ttug Aoife isan dún tárla laoch merdha ferniadhta calma toirteamhail tréan-bhuilleach mórdha merchalma uirthe agus earradh chróidherg uime agus ad chuir lámh timchioll Aoife agus sgiobas leis trésan ndún amach don chur sin í agus níorbh fheas d'Aoife cia do bhí ann ioná gá conair iona ngeabhadh agus ad chuir mórgháir dochma agus dóláis aiste agus éighmhios ós árd agus bá clos d'Aongus agus d'Fhergus í agus níor chuir siad a suim an tráith sin í. Agus fá ré uaire dá éis sin éirghios Aongus iona sheasamh agus tug mórchuaird an teaghlaigh agus ní raibh Aoife ann. Agus dá éis sin triallus gusan áit a raibh Fergus agus nochtus dó imtheacht Aoife gan fios ná aithne ná airiúghadh do shluaghaibh an teaghlaigh. Is annsin do rádh Fergus: "As iongna liom cia do-bhéaradh Aoife as an ndún": "Maith a fhios agamsa cia /88/ do dháil ris í", do rádh Aongus. "Cia hé?" ara Fergus. "Adhurthach mac rígh Gréag", ar sé, "óir ar tteacht damhsa don chrích do-rineas fos agus cómhnuídhe fria ré míosa iona dhún agus d'iarr orm léigion dó techt liom don chríchsi agus do dhiúltas é agus as dóigh gurab é do lean mé gusan dún so agus leanam ar moch maidne amárach é". "Déingiom", ara Fergus. Ar an mogh sin dóibh go moch maidne arna mháireach agus iar mbuineas gréine as a mogall forais, do ghabh Aongus a earradh catha agus cómhlann uime agus do rádh re Fergus an dún agus an chríoch do chosnamh go techt dó féin ar ccúlaibh agus nár thaom bisig dóibh a chailleamhuin ar gach taoibh. "Is doilg leamsa anmhuin annsa dún so iar n-imthecht duitsi", ara Fergus agus do chan an laoi mar leanas:
"Tuirsioch dhamh - sgaramhuin gan séan - 's nách feas an bhfaiciod aoinsgéal go crích dhomhuin fós dom dháil, ré n-ocht turais mo chompáin. Aoife bhárrchas na nós nglan truagh mar thárla ar talamh; do sgar liomsa lúth ár n-ochta, d'fhúig mé fann gan chuidiochta.
Mo bhráthair taobh dom dhá thaoibh d'fhág misi tréith mar chomhaoin, 's gan agam do dhomhan dil acht Aongus flath nách daidhbhir".
D'aithle na laoi sin d'Fhergus tug Aongus lámh ar imtheacht agus do gléasadh a churoch leabhairthéadach dhó agus do cuireadh lón laoi agus bliadhna innte agus do thug tosach do mhuir agus deireadh do thír agus níor fágbhadh ris tácla gan teanna ná lámha gan leónadh ná táirrne gan trothlúghadh ag imirt gaoisi agus gaisge go ferghlic fáidheamhail fíreolach ar an ngaoith mboirbthréin móirneartmhair agus ó nách fuair an ghaoth time ná tlás air, tillios dá dún dorcha dranntánach fíochmhar fohorránach ciapálach móirfhergach agus sgarus riú agus do thriall an curoch 'na réim réig shotail gan sgís gan airiúghadh go ttáinig an ionad soillsi ar thalamh fhódghlas fhéaruaidhne bá háillne fíodhbhadh agus dosa, agus ar an bhfonn datháluinn cnuaisiomdha d'fhaigsin d'Aongus, do chan an laoi mar leanas:
"Truagh misi gan caomhthach cóir d'éis mo thuirsi, mo chómhóil, an bhláth mhíonla mhórdha mhear, mo ghrádh Aoife gan meabhal. Dearg a gruadh, geal dearg a béal, a cneas ós tartha gealchraobh, a brághaid mar ghéis gan sal air 's a déad gan cháim dár meabhair. /90/ Cúis toile do thuar mo ghrádh; mo-nuar gan liom ag cómhrádh a corp seang sona gan locht dár bhronnas uiliog m'annsocht. Abhartach má dháil dá bhrug, ní gheabhad gan áir iomad, 's a cheann dá cholainn go bhfeas gan feall, gan goin ar cháirdeas."
d'aithle na laoi sin d'Aongus ad-chonnairc an chathair ann-gheal áluinn agus an phíoláid ríoga ró-mhaisioch arna sgáthadh 'na húirthimpchioll do shéadaibh fíoráillne fionndruinne agus í arna cosnamh agus arna
himdhíon re laochradh gníbhéachtacha goile agus gaisge, óir do thíonóil agus do chruinnig Abharthach clanna ríogh agus ró-fhlatha agus triatha agus taoisiocha na Gréige Móire agus na Gréige Bige agus triar mac rígh Gréag .i. On, Ocht agus Connocht agus ní raibh samhail an triar laoch sin san domhan, óir ní gabhthaoi riú a ccathaibh ná a ccómhlannaibh isan domhan mhór amach; óir bá feasach Abhartach ar ttús nách tiocfadh de féin Aoife do rochtuin go ttuiteadh Dáire ré hAongus agus dá bhíthin sin do thiomsaig an mórshluagh réamhráidhte. Dála Aoife, ar bhfaigsin an churaig di, tug aithne go raibh Aongus innte agus do chan an laoi mar leanas:
/91/ "Abharthach mac Airt na lann do-rad mo ghean óm chumann; bile caomh gan bhréig, gan us, cuimirc na ndéithe ar Aongus! Uch, as truagh 's as tréan mo chás is géarr gach lao mo dhóláis; eagal liom gur mó mo ghruaim go mór annois ná aonuair. Tré chloinn Chearbhaill mhóir na ttreas ris nách gabhthar fós aighneas a ccrích don domhan fá seach do sgís uile mo mhisneach. Dá ttig ré hAongus mo ghrádh a mbéimiog sin an aontráth 's a cclaona - mo chaomh gan locht - On agus Ocht agus Connocht, budh dóigh go ttiúbhradh tar ais meabhal Abhárthaicc bhárrchais 's do lúth a lainne gan bhéim go sgiopadh misi as móirGhréig".
D'aithle na laoi sin d'Aoife, do ghabh Aongus cuan agus caladh san Ghréig agus do fhosd a churoch agus triallus roimhe gacha ndíreach d'fhios na cathrach agus as sin gusan bhfatha bhfódghlais bhféaruaithne agus tárla uimhir do shluaghaibh iomdha Abharrthaig ann /92/ roimhe ré lúth agus ré lámhach agus ré ngníomha goile agus gaisge agus táinig Aongus ar an láthair agus níor labhair aon don chóimhthionól ris agus níor chuir Aongus goimh 'na ndáil agus
níor labhair riú mur an ccéadna. Níor chian dá éis sin gur labhair On mac Cearbhaill .i. an mac fá sine do chloinn rígh Gréige-Sgithia, agus adubhairt: "Go deimhin", ar sé, "bá feárr liom Aongus mac Firdiach d'fhaigsin ar an láthair so ioná laocha na cruinne". Agus níor labhair Aongus aon fhocal acht mur nár chlos dó aitheasg an mhílidh. Iar sin tháinig On go hAongus agus fóchtus de gá críoch bunaidh dhó. "Maiseadh", ar Aongus, "as geis liom gan sgéal d'aithris do neach go n-aithrisder sgéal damh". "As mar sin damhsa", do rádh On, "agus as miann liom sgéala d'fhagháil uaitsi ar áis nó ar éigion". "Ort do chomhall", ar Aongus. Iar sin do ghabh an dias deaghlaoch a n-earradh catha agus cómhlann ortha agus tugsad ucht ré hucht agus glún ré gliadh agus do-ronnsad cómhlann féig fuireachair dísger dána dásachtach niadhta naimhdíghe neartchalma cróighlíonta cneasgheárrtha confadhach gan time gan tlás gan tarcaisne gan béim ar aon sioch a chéile fria hathaidh agus fria haimsir trí n-uaire gan bárr ag aon ar oile. Agus bá mór iongna On nách raibh tréine agus fortamhlacht aige féin ar an laoch adbhuinn agus níor mhó sin airshirgheilleadhasion ioná ar Aongus. Ar an modh sin dóibh go triall don ghréin iona mogall foruis agus arna fhaigsin sin do On, do smuain aige féin gur dhleacht dó béim brathbhuille d'fhagháil ar a chaomhthach comhlann agus an tan tug Aongus sin dá aire, tógbhas a sgiath d'imdhíon a chuirp agus a chinnbhirt agus tug amus /93/ lonn láinneartmhar ar On go ttug fá ghaoi goile agus gaisge don chur sin é agus gur cheangail go cruaigh dosgaoilte On. Agus as amhlaidh do bhí Aongus an tan sin go ngeabhadh éan ar a chromruathar tré gach alg lándomhuin dá raibh ar a chlí chaomháluinn agus ní raibh snas buille ná béime ar On d'éis an mhóirghleó. Dála Ferguis mhic Fhirdiach .i. dearbhráthair Aonguis, do tuigeadh dhó go raibh Aongus isan mórghábha sin san nGréig Móir agus do-rín cumann agus caradradh ré siar Aoife fána dhún do chosnamh agus do choiméad go tille ar ccúlaibh dhó agus annsin tug lámh ar imtheacht agus ní fos do-roinne go ráinig láthair an mhórchatha iar ttuitim na hoidhche céadna agus Aongus iona uathadh agus iona aonar ar an bhfatha agus On fá chuibhrioch agus é a bhfogus dó agus ar tteacht d'Fhergus do láthair tug Aongus dá úighe agus dá aire an laoch agus fochtas cia do bhí ann. "Eascara dhuitsi é", ara Fergus. Iar sin tug Aongus lámh ar éirghe 'na sheasamh agus do rádh Fergus: "Ad shuíghe! agus ní námhaid misi agus dá madh námhaid don domhan mé, ní námhaid duitsi mé". Agus arna chlos sin do Aongus tug aithne gurab é Fergus do bhí ann. Iar sin do shamhail Abharthach amus longphuirt do thabhairt ar Aongus agus On do dháil ris don dún.
Dála Ferguis, gabhus fleasg doilfe draoigheachta do bhí aige agus cuireas ceann di isan talamh agus séideis an ceann eile de réna anáil agus éirghios glé thinntídhe lasrach iona ttimpchioll agus tug Aongus aithne chruinn ar Fhergus agus do rádh: "Fáilte dhuit, a mhílidh", ar se, "agus atáimsi cneadhach cróighlíonta cneasghearrtha /94/ d'aithle cómhlann an laoi aniógh". "Ná cuir sin a bhfáth", ara Fergus agus dá éis sin gabhas a luibh íce agus íocshláinnte do bhí aige agus cuimlios an gach tromlot agus ealg dá raibh ar Aongus agus dá aithle sin ní raibh dóigh ghalair ná easláinnte ar Aongus. "An ar an láthairsi go sdrásda", ara Fergus, "agus ní heagal ní fá nimh duit go teacht ar ccúlaibh dhamhsa". Dála Abharthaig, ar bhfaigsin (ar bhfaigsin) an morc taidhbhsioch donnruadh tine dhó, do thuig nách raibh ar ccumus dó díth ioná dochar d'imirt ar Aongus agus do smuain Aoife do thíodhlacan don Aisia Móir ar seachad ó Aongus agus do tuigeadh d'Fhergus an ní sin agus ar ngléasadh céad laoch merchalma ré hAoife agus iad tar cathraigh amach, táinig Fergus agus cuirios a lámh fá chrios Aoife agus gabhas fán osgail í agus triallus ar ccúlaibh uas ísiol do neach do na sluaghaibh agus ní fos do-rín go ttug go hAongus don chur sin Aoife agus arna fhagsin (sin) di as iongna náchar sgar a bradán beatha ría tré lúthgháir agus tré mhóirmheanmuin agus níor lúgha ré hAongus ioná ré hAoife an ní sin agus do chan an laoi mar leanas:
"Fáilte dhuit, a Aoife áin, a fhíormhath áluinn, a chompáin, d'aithle gach turuis dá ttug, fáilte dhuit dár bhfionnbhrug. /95/ Inghion Daire an Domhuin Duinn aoibhinn go ttángais huguinn; iar bhféachuin críocha lé cruas do chríoch 'dhercbhair a bhfíorluas. Ní sgarfad ré hAbharthach all go sgarad ris a chóimhcheann mar bhladh is mar bhuídhe ort dá bhfoil astig 'na longphort. Fá dhoighir duinnlasrach géar a chríocha gan fos a aithmhéal 's a dhún deighiosdais nách gann cuirfiod fá thine; dearbham".
D'aithle na laoi sin do Aongus, triallas Fergus gusan dún agus as amhla fuair an céad laoch do thiomuin Aoife do rochtuin riú uas ísiol ag gearradh agus ag céimnióghadh a chéile go dochmach diogh-ionghabhála agus roinn díobh agá chruthúghadh gurab iad an drong eile do chuir Aoife ar seachad agus ar tteacht d'Fhergus huca do nocht a lann agus d'imir bás agus buainéag ortha go haonlaoch meardha móraigionntach agus tug an dias deaghlaoch sin ucht ré hucht agus troigh ré taca agus glúin ré glia agus do nocht siad a n-airm ar a chéile agus do luig siad ar úrluídhe niadhta neartmhara /96/ doigh-eadrána fria réidh uaire gan taom time ná tláis ar aon sioch a chéile dhíobh go bhfuair Fergus brathbhuille ar an laoch agus gur theasg a cheann dá cholainn aige. Agus cuirios an ceann a bhfolach agus triallus don dún agus Abharthach agus Art an t-áirdrigh ag caithiomh fleidhe agus féasda agus do bhuail dorrnn ar Abharthach agus cuirios fán mbórd é agus an dara dorrnn ar Art .i. áirdrígh Gréag agus tógbhas an mhias do bhí iona bhfiadhnuisi agus tug an corrnn caoimhfhleadhach órdha do bhí lán d'fhíon Gréagach agus ceann an churadh do thuit leis roimhe sin agus léigios ar siúbhal é d'fhios Aonguis agus Aoife agus ní fos do-rín go ttáinig huca agus gur nocht a imtheachta dhóibh ó chrích go crích agus do thaisbeáin an ceann dóibh agus arna fhaigsin do On léigios iachta agus liocht ádhbhallmhór agus do rádh: "Uch, as truagh mo mharthuinn iar n-éag don tí ara raibh an ceann sin ané". "Cia hé?" ar iadsan. "Mo dhearbhráthair díl, Ocht", ar sé agus dá éis sin do chan an laoi mar leanas:
"Mo-nuar féin nách turruinn tréan d'imir éag, éagnach na sgís ormsa féin go cruaidh roimh chách sul bhuail an bás inn 'nar ndíol. Gréaga-Sgithia shaor na sgoil nár chlaon raibh roimh annocht; /97/ D'imthig go tréith - treisi a ttreas - mo shearc, mo léan gan fos. Ní mhair do dhroing ríoga ar bhfuinn acht ochtar 'gan bhuídhin beó; geárr mhairfios súd is sinn: cúis mo chlí thimhligh lé ceó".
d'aithle na laoi sin do On fóchtus Aongus cia hé. "Bá mac do rígh Gréaga-Sgithia ané mé agus ní mac rígh ná ridire aniógh mé agus do thuit
an dearbhráthair bá sine liom do láimh éachtaig an mhílidh úd ad chuidiochtainsi annois agus as é sin an ceann do chath fó lár annois agus dob fheárr liomsa mé féin do thuitim ioná é". "Créad an anfhórluinn tug oruibh tiacht don chríchsi ag cabhair lé hAbharthach?", ar sé. "Atá", ara On, "inghion áluinn fhinnmhaiseach atá ag Art .i. áirdrígh Gréag agus ní raibh laoch san domhan budh dile lé ná dearbhráthair eile liomsa agus do thriall dár n-achar ar m'athair .i. Flann mór áirdrígh Gréaga- Sgithia agus dá bhíthin sin do nasg oruinn techt don chrích so do chabhair lé hAbharthach an bhur ccuinnesi". "Agus anar mhiann libh go ttuitfeadh an laoch úd agus misi a ndóigh bainchéile d'fhagháil dod dhearbhráthairsi?" ar Aongus. "Go deimhin", ara On, "níor tuigeadh dhamh go mbeadh dola ioná diomdha oruinn do thaoibh ár n-aisdir don chríchsi". "Bá dile dhíbh misi agus an laoch úd ioná rígh Gréag, óir as clann do Fhirdiach /98/ mhic an Dágha a Tír Tarrngaire sinn agus bá gaol fogus dá chéile rígh Tíre Tarrngaire agus rígh Gréaga-Sgithia agus ní miag agus ní maisi liomsa bhur ttuitim agus dá bhfaghainn aon laoch eile dá bhur ndíothchur agus a fhios do bheith agam cia sibh, do bhiag mo chabhair aguibh". "Maiseadh", ara On, "aitchim thú ar do mhórdhacht, más tusa Aongus, a aithghin don laoch úd ad chuidiochtain dul do labhairt ré Connocht agus a nochtadh dhó teacht dom ionnsuídhe gan fhuireach do labhrad ris roimh chrích mo shaoghail". Do rádh Aongus sin ré Fergus agus dá éis sin do thriall Fergus go Connocht agus do nocht friotal On dó agus arna chlos sin do Chonnocht cuireas lámh iona leathanarmuibh agus triallus lé Feargus gusan bhfatha agus an tan ad-chonnairc On fá chuibhreach agus ceann Ocht iona fhiadhnaisi do ghabh dochma agus doicheasna mhór é agus do chan an laoi mar leanas:
"Mo chreach féin, a chaomhchlann Airt, mar do nasgus an mhalairt go ttugas ar dhéine sibh, a fhuar On mhaordha nár dhaidhbhir. Tréantaom toile do chlaoidh sinn go docht gan bhrígh mar thuigim: fá ghaoi guile On go bhfis Fhearguis nimhnig is Aonguis. Na laochradh bá dile dhamh ar tuinn tréanmhair na talmhan gur radas, ón, do dhéine árdbhar bróin is aithmhéile.
/99/ On ar ttús a ngéibhinn ghlinn, Ocht gan cnuice do thuitim fáth mo mhéala féin fá seach, do ghoid mé lé mo mhóirchreach".
D'aithle na laoi sin do Chonnacht, sléachtus a bhfiadhnaisi Aonguis agus aitchios díon agus cuimirce air. "Do-gheabhair sin", ara Aongus agus gabhas idir a lámhaibh Connacht agus dáileas teora póg dó agus teannus réna ucht agus réna urbhruinne é agus do rádh: "As mór mo dhiomhda agus mo dhólás tré thuitim do dhearbhráthar lé Fergus agus dá madh feasach Fergus go raibh Ocht isan ccómhlann, ní thuitfiog do láimh Fherguis agus ní bhfuil tárthuinn air annois". Agus iar sin d'fher siad a chluibhthe caointe agus do sgríobhadh a ainm an ogham agus do-rineadh feart fódbhuídhe dhó. Agus dá éis sin do rádh Connocht: "Atá Abharthach ag léigion teachta go hOileán an Uaignis ar chionn an Ridire Dhuibh do dhíoghail a shluagha agus Aoife oruibh agus atá mac seathar dó iona bhfoil ilghníomha agus iolbhuadha fis agus fallsona doilfe draoigheachta Innsi an Tile go huilidhe agus go hiomlán dárbá hainm Breas Buadhach agus as dóigh ris go mbiaidh san ccathairsi annocht". "Beir buadh agus beannocht, a Chonnocht", ar Aongus. Iar sin do ghlan an lá gona lánshoillsi agus d'éirigh an ghrian as a mogall foruis. Iar sin tug Fergus a dheaslámh timpchioll an mhoirc lasraig agus tógbhus a fhleasg agus do chuir a ccúmhdach é agus dá éis sin éirghios ar an bhfaighthe agus fochtus cómhlann agus táinig Abharthach 'na choinne agus 'na chomdháil agus do feradh comhlann tréan talchuir mórgháibhtheach cróilíonta cnisgheárrthadh dóigh-eadrána eatortha agus bá clos ar fad agus /100/ ar fóirleithiod Gréige Móire uile úrluídhe na laoch agus an-fhálfadh na míleadh agus géime na léirlann ag teagmháil ré céile ó sin go meadhón laoi gan taom time ar aon sioch a chéile aco. Is annsin do rádh Art .i. rígh Gréag: "A mhic dhil, cuimhnig do ghaos goile agus gaisge agus do ghníomha lúith agus lánchumais agus cuimhnig fós do ghníomha mór do-áirmhighthe san domhan mhór amach agus fionnam do ghnímhéachta ar an allmhurthach". Ar cclos na mbriathar sin do Abharthach tug lúth 'na lámhaibh agus cruas iona chroidhe agus tréine iona mheanmuin agus do thuig nách raibh ar tuinn talmhan laoch budh ionchómhluinn ris. An tan tug Fergus sin dá uíghe agus dá aire tug síth sanntach boirbthréan dóigh-eadrána ar Abharthach go ttug fó lár agus fá ghaoi goile agus gaisge don chur sin Abharthach agus go rug go hairm a raibh Aongus agus cách
don chur sin é. "A dherbhráthair", ar Fergus, "ag sin do námhaid fá chuibhrioch agad agus tabhair do bhreith féin air". "Beir buadh agus beannacht, a ríghmhílidh", ara Aongus. Bá mór umoro garrtha guil agus dochma agus dóláis ar fad agus ar fóirleithead Gréige Móire uile trésan sgeolaing sin agus bá mór miadh agus maisi agus úrgháirdiúghadh meanman Aonguis agus na sluagh eile mur aon ré hAoife. Dála Airt .i. áirdrígh Gréige Móre, arna chlos dó go raibh a aonmhac Abharthach fá sgís agus fá chuibhrioch ag Aongus mac rígh Tíre Tarrngaire, do ghabh duibhe agus doghraing agus doicheasna ádhbhalmhór é agus níorbh fheas dó créad do-dhiongnadh d'éis a aoinmhic agus do smuain aige féin dá ttigeadh an Ridire Dubh agus Breas Buadhach an oidhche sin go madh fhéidir go ttiocfadh díobh díoghail a cheas agus a dhoghruinge /101/ ar dhroing Tíre Tarrngaire agus do rádh réna légáid imtheacht go hAongus agus síth do nasga ris fria ré dhá lá agus teóra oidhche. Iar sin táinig an légáid agus do nocht fáth a thuruis d'Aongus agus do rádh Aongus ris go nasgadh. Ar an modh sin dóibh go crích na ré agus na haimsire réamhráidhte agus iarna chríochnúghadh, táinig an Ridire Dubh agus Breas Buadhach fán ttráith sin agus ferus an rígh ferchaoin fáilte riú agus d'aithris imtheachta a mhic Abharthaig agus a shluagh iomdha agus tuitim Ocht ré láimh éachtaig Fhergus mhic rígh Tíre Tarrngaire agus cailleamhuin Aoife .i. inghion rígh Iarthair an Domhuin. "As mór na háir agus na heasbadha d'fhoilngis mar gheall ar inghin rígh Iarthair an Domhuin", ar an Ridire Dubh, "agus a Bhreas", ar sé, "cia aco do-ghéabhad réim ais san chómhlann amáireach?" "An laoch úd do chraipligh mac an rígh, Abharthach", ar sé. "Maiseadh, luighimsi fó bhrígh m'arm", ar an Ridire Dubh, "nách budh riaghlach misi ar Oileán an Uaignis, muna ttugad fá ghaoi goile agus gaisge an laoch eile". Mar sin dóibh go súbhach sádhail go moch maidne arna mháireach agus iar n-éirghe as a n-iomdhaidh agus as a n-áirdleabaidh dhóibh do ghabhsad a n- earradh catha agus cómhlann ortha go dlúith daingion dosgaoilte agus do thriallsad ar an bhfatha bhfódghlais bhféaruaithne agus do rádh Breas Buadhach: "Fionnam gá bhfuil an ríghmhíleadh agá bhfoil mac rígh Gréag a ngéibhionnaibh aige". "Misi an laoch sin", ara /102/ Fergus. "Gá bhfoil mac rígh Gréaga-Sgithia?" ar an Ridire Dubh. "Misi an laoch sin", ara Aongus. Iar sin do ghabh an ceathrar tréinfher dá chéile go lonn líomhtha neartchalma agus go teann tailc tréanchumais agus go niadhta naimhdíghe neartchalma tréanbhuilleach dóigh-eadrána d'úrluídhe borba mórgálacha agus do shíthibh teanna dochosnuibh amhuil leómhain nimhneacha luaithfhergacha nó mur ghríbhningniocha soighnionda tinntídhe
go ttugsad troigh ré taca agus glún re gliadh go triall don ghréin dá mogall forais gan béim time ná tláis ar aon sioch a chéile díobh. Agus do thionnsgain an Ridire éirghe do léim úiréadruim ós an bhfaighthe agus triall ar ccúlaibh go dún righ Gréag. Agus tug Aongus a imthechta dá úighe agus dá aire agus ar n-éirghe don Ridire Dhubh ós cionn Aonguis, gabhas Aongus ar chaol coisi an Ridire Dubh agus do bhuail fó lár don chur sin an Ridire agus ceanglas go cruaig cunnuil dosgaoilte an Ridire Dubh ar an láthair sin. Agus arna fhaigsin sin do Aoife, as é do rádh: "Beir buadh agus beannocht, a ríghmhílidh is féarr gníomha goile agus gaisge don Ádhamh-chloinn, ar ttabhairt an Ridire Dhuibh fá ghaoi goile agus gaisge, an tí nár gabhadh ris a ccathaibh ná a ccómhlannaibh roimhe riabh, an tí lér thuit m'athair agus a dhias dhearbhráthar agus mo dhias dhearbhráthar féin mur aon riú; agus teasg a cheann dá cholainn aige muna nochta créad tug air Dubha Aon Oidhche agus Oileán an Uaignis do bhuain dom athair agus gan gean gléamhaisioch gáire do nochtadh ré réidh fhada agus ré tréimhsi imchian. /103/ Dála na deisi deaghlaoch eile, níor ghabh time ná tlás aon aco fó réidh cheithre lá agus teóra oidhche agus a ccrích na réidh agus na haimsire sin dóibh, fuair Feargus béim brathbhuille ar Bhreas gur bhuail a chorp fo lár agus go ttug fó chuibhrioch chunnuil dosgaoilte Breas don chur sin agus gur léig fó lár agus fó thalamh a bhfochair an Ridire Dhuibh é. Arna fhaigsin don Ridire Dhubh ar an modh sin 'na chimioch chraiplighthe níorbh fheas dó créad do-dhiongnadh óir as a mBreas do bhí a dhóigh uile agus tug gile agus finne agus maisi ar dhuibhe agus ar ghlaisi agus ar mhíomhaisi agus ní raibh focal úrlabhra iona bhéal agus níorbh fheas dó an lá sioch an oidhche agus do sgannraidh a dhreach agus a chéadfadha amhuil bá haimid é. Agus tug Aongus dá aire an riocht dochmach dólásach iona raibh. Dála Fhearguis, iar léigion Bhreasa fó lár agus fó lántalamh dhó, do thriall d'fhios an dúna agus ad fuair rígh Gréag agus a inghion áluinn fhionnmhaisioch agus an bhainríoghan go dubhach déarach doicheasnach gan suim a cceól ioná an aoibhnios ioná an úrgháirdiúghadh meanman ioná aigne aco. Agus arna bhfaigsin d'Fhergus, gabhas inghion an rígh idir a lámhaibh agus tug teóra póg di agus do rádh: "Gá feárr do nasga ré Breas ná leis an Ridire nDubh ioná le laoch eile?" "Dá bhfeasainn gur tú ar n- iarra", ar isi. "Aithris t'iarra", ar sé. "Fergus mac rígh Gréige- Sgithia", ar isi. Iar sin tógbhus Fergus a chathbhárr dá éadan agus nochtus a chruith agus a dhealbh dá láthair agus arna aithne di, tug teóra póg dó agus do rádh: "A Fherguis chroidhe, as maisi liom t'fhaigsin beó d'aithle do mhóirghleó lé Bras Buadhach dár gheall an rígh mo athair mur chóimhchéile mé do chionn tusa /104/ agus do dhearbhráthair do thabhairt fá ghaoi goile agus gaisge". "On", ara Fergus, "muna mbeadh Abharthach do dhearbhráthair, do-gheabhuinnsi ar áis nó ar éigion cian roimh annois tú."
Agus dá éis sin níorbh fheas don rígh cia do dháil a inghion ris. d'innis Ceithlionn .i. an inghion don rígh gurab é Fergus mac rígh Gréige- Sgithia do bhí ann agus gurab é thug Abharthach fá ghaoi goile agus Breas Buadhach mar aon ris agus gur dá haitche féin táinig don chur sin: "Agus dom dhóigh, a athair ionmhuinn", ar sí, "as aoibhinn an laoch do theacht cáirdeamhail aobhdha miochair muinnterdha síthioch soineamhail linn a ttráth ar ndiomdha agus ar ndóláis". "As fíor sin, a inghion", ar an rígh agus arna rádh sin don rígh fearus fíorchaoin fáilte ré Fergus agus fochtus sgéala na n-éacht mór sin tárla ar an bhfaighthe bhfódghlais bhféaruaithne de. Do nocht Fergus dó mar leanas: "Tárla dhamhsa fortamhlughadh ar do mhac agus ar Bhreas Bhuadhach", ar sé, "agus Aoife inghion rígh Iarthair an Domhuin do dháil liom gusa cóimhchéile féin .i. Aongus mac rígh Gréige-Sgithia agus as liom do thuit Ocht agus as mé do chaomhnaig On agus atá Connocht a lámh agam mur aon ris na suadha eile". "Dom dhóigh gheabhair ag Abharthach ar son do thoile dom inghin". "Níor mhiann leat t'inghion do nasga mar bhainchéile gus annois", ar sé. "Créad an t-ádhbhar", ar an rígh, "agus nách tú an t-oighre?" "An é nách biadh oighreacht agam an tan do bhiadh oighreacht ag rígh nó ag árdfhlath eile?" "Is cosmhuil gur fíor sin", ar an righ, "Maiseadh", ar an rígh, "bíodh sí agad annois agus an chríoch /105/ so mar aon lé agus léig mo mhac sláinchréachtach hugam". "Léigfiod", ara Feargus. Iad sin do nasgadh cuir agus coinghil agus slána idir Fhergus agus Ceithlionn agus bá haoibhinn riú araon an coinghiol sin. Dála Aonguis ris an Ridire nDubh: "A Ridire Dhuibh", ara Aongus, "as briathar dhamh go tteasgfad do cheann díot muna nochtair do sgéala dhamh amhuil do rádh Aoife go sdrásda". "Tig leat sin do dhéanamh", ar an Ridire, "agus as cruaig an mhogsuinne ormsa na sgéala sin d'aithris; tairis sin is mó dhamh mo bheatha ioná iad", agus do thionnsgain an aithris mar leanus: "Lá n-aon dá rabhas san Innia a bhfarradh agus a ccoimhdeacht rígh na hInnia .i. m'athair, agus do thriall an rígh agus sluaga a theaghlaig agus misi mur aon rém athair ag fiadhach agus ag fionnchosgur agus d'éirig fiadh beannach áirdléimneach dúinn a bhfogus do choill dosáluinn agus d'fhíodhbhadhaibh chluthmhara chnuaisiomhda agus do léigeadh coin agus gadhair mur aon réna ngiolladhaibh iona dhiaig agus gach aon do na sluaghaibh agus do na hárdfhlathaibh iona dhumha sealga agus iona láthair lice féin agus misi mar aon riú. Agus níor chian dhamhsa do bhárr aroile an tan do ghluais an fiadh dom fhios agus dom ionnsuídhe agus ar tteacht a bhfogus don fhiadh dhamhsa do sgaoileas sleagh chrannramhur chrófhairsiong chatha do bhí um láimh dhó agus tárla an tsleagh dhó iona cheann agus níor gheárr agus níor oibrigh air agus triallus 'na réim reatha fán ccoill agus misi iona dhiaig agus mé a
bhfogus fad láimhe laoich dhó agus ní tháinig dhíom a lamhúghadh gur leanas air tré gach conair ionar ghabh go néalta dubhdhorcha na hoidhche agus /106/ níorbh fheas damhsa cá conair don domhan mhór iona rabhas an tan sin agus do thuigeas, dar leam, go raibh an rígh agus a choimhighthe a bhfogus damh go nuige sin. Agus an tan ad-chonnarc nách raibh guth daonna ná ainmhidhe a cclos dhamh, do léigios each do bhí agam ar fhéarghort ara ttáinig an tráth sin agus d'fhanus féin a bhfogus di ag siúbhal agus níorbh fheas damh créad do-dhiongnainn. Agus níor chian damh ar an modh sin ar an uair ad-chonnairc an laoch míliota mearchalma an earradh agus an éide dhrollaig dualaicc úrmháillig agus dá chraoisioch chrannreamhra chrófhairsionga chatha iona láimh chlí agus lann ghlanfhaobhair chlaisleathan ar a thaoibh agus sgabal fada ghlanáluinn órdha uime agus mionn chuanna chlochórdha chaoimhlíghtheach uim a cheann agus tibhridh seirgthe seirce iona dhá ríoghrosg; agus táinig dom ionnsuídhe agus fóchtus créad tug orm techt ar an ttulach sin do bhárr aroile agus do nochtas dó gur mearbhall slíghe agus róid ionghabhtha tárla dhamh. "Math a fhios agamsa créad do thug thú, a Chuirc chleasaig mheabhlaig mhic rígh na hInnia, agus as briathar dhamh go ttiubhra t'fhuil agus t'fheoil agus do chnámha sásúghadh ann". Agus iar sin nochtas a lann chlaisleathan mhóiréachtach agus tug síth sanntach sáirnimhneach dochosnuimh orm agus do ghabhas dom imdhíon ar an laoch ccródha mearchalma; agus ar an modh sin dúinn go héirghe don ghréin as a mogall forais arna mháireach agus as sin go meadhón laoi agus tárla dhamh béim brathbhuille d'fhagháil ar an laoch gur theasgus a cheann dá cholainn aige. Agus iar ttuitim an /107/ chinn, éirghios a bhfirminte aidheoir agus léimios an cholann ós mo chionn agus tuitios an ceann céadna uirthe agus táinig san chruith chéadna am choinne agus am chómhdháil agus do bhrosdaig a lámha agus d'árduig a chleasa goile agus gaisge agus níor chian damh go bhfuair an laoch brathbhuille orm agus go ttug chum láir agus chum talmhan don chur sin mé agus náchar fhúig uiriod snáithe slimcháoil sróill d'éide, d'ionnar ná d'éadach orm agus dá éis sin ceanglas go cruaidh cunnail dosgaoilte mé agus tógbhus idir a lámhaibh aoingheala mé agus fágbhus a ccurach bheag bhéalsgaoilte mé ó thuinn go tuinn agus ó linn go linn ar an muir mbraonaig eachairghil mhórgháibhthig mé, áit iona rabhas dá lá agus teóra oidhche. Agus iar sin ad-chonnarc long luchtmhar leabhairthéadach agus do sgartus go hárdghothach ar an bhfuirinn agus do chluin siad mé agus do ghabhadar dom fhios agus do thógsad ar bhórd an churaig mé agus tugsad biadh agus deoch agus arm agus éide dhamh agus do dháil siad leó athaidh fhada mé. Agus níor chian dúinn go ttárla curoch eile dhúinn agus do mheas lucht an churaig sin ar ndíothchur agus an tan ad-chonnarc sin do nochtus ortha agus tugus fá ghaoi goile agus gaisge iad agus do ghabhas flaithios agus fórlamhnus an churaig. Agus bá hiomdha séada buadh agus bisig fuarus innte agus d'fhúigeas
aon laoch amháin díobh gan bás agus buainéag d'imirt air do-bhéaradh fios agus faisnéis damh gá críoch bunaig dhóibh agus do fhóchtus sgéala de gá críoch bunaig dhóibh agus ráidhsiom gurab ó chrích na Sorcha agus gurab do Ambrós mac Tréin .i. an Macaomh Mór do fhóghnadaois agus gurab ón Innia do ghluaiseadur /108/ go déaghnach agus go ttárla mearbhall ortha do sgar ris an Macaomh iad agus d'fhiafruígheas do créad do-rín siad ann. "Do-rad an Macaomh Aofa, inghion rígh na hInnia, ris", ar sé, "agus saidhbhrios agus maithios an rígh uile agus as dá mhathus a bhfoil san ccuroch so agus do ghabh fearg mhór é tré náchar imir bás agus buainéag ar mhac rígh na hInnia an uair do bhí fá chruadhchuibhrioch aige agus do nasg mionna éasga agus gréine air féin dá tteangmhadh an aon rann don domhan air go ttiúbhradh fá ghaoi goile agus gaisge é". Arna chlos sin damhsa do sheachnas an rann sin don domhan iona mbí fos agus comhnuídhe an Mhacaoimh Mhóir agus muna ttig d'Aongus mac rígh Gréaga- Sgithia fortamhlúghadh air, ní bhfoil san domhan laoch a dhiongmhála acht madh amháin dá bhfaghadh Breas Buadhach codla an treas oidhche do bhiadh ionchomhluinn ris. "Agus, a Aoife", ar sé, "nír imreas bás ná buainéag ar t'athair ná ar a bhráithribh ná ar do bhraithresi fós agus atáid agam an Oileán an Uaignis fós agus tugus an cur so a ndóigh go ttiocadh díom mo dhíth agus mo dhochar do dhíoghail ar an Macaomh Mór uair éigin. Agus sin mo sgéala dhuit, a ríghmhílidh, agus aitchim thú ar do ghrádhaibh goile agus gaisge, cabhair liom a ccuinne mo námhad .i. an Macaomh Mór." Arna chlos sin do Aongus, aitchios úmhla agus sírgheilleadha agus aisgeadha ar na laochradh uile go crích a saoghail agus tugsad cuir agus slána d'Aongus iar sin agus do léig Aongus fá sgaoile iad .i. On agus Connocht, Abharthach agus Breas agus an Ridire Dubh agus trialluid go dún an rígh agus ferus an rígh fíorchaoin fáilte riú agus do shuig an rígh agus na suadha sin a modh óil agus aoibhniosa agus ar mbeith ar meisge dhóibh ag an bhfleadh óil do /109/ nasgadh Fergus agus Déine .i. inghion rígh Gréag ré chéile. Ar an modh sin dóibh fó réidh coicíosa agus d'aithle na ré agus na haimsire sin tugsad lámh ar imtheacht go críocha na Sorcha agus do chan Déine an laoi mar leanas.
"Slán libh, a choimhighthe chaomh, ál na ríoga nárbh ionchlaon; fá bhuadh, fá bhisioch tar ais go ttaga d'fhios bhur bhfleadhais.
Aongus aobhdha, lúth na lann, Fergus caomh nár dhiúlt cómhlann, On agus Connacht cáidh - do gabhadh ris na macáimh. Abharthach áluinn nár lag an árdfhlath cíadh do mheallag? Ridire Dubh is Breas beódha nár sgar linn gan aithmhéola go crích Sorcha na lann nglas, an chríoch nách gann a ccáirdeas, do dhíothchur Ambróis mhóir mhir; anshódh dhá sgís ba daidhbhir. 'Na raon go ttig sonus séin 's go seachnaid uile toibhéim ar Ambrós riúsan go ttig an chóip dúrmhadh nár mheabhraig. Buadh catha a ccríochaibh an fhir lé huafhlathaibh na sinnser /110/ doibhearta dochta nár chlaon chasfas go port go ró-chaomh".
D'aithle na laoi sin do Dhéine, do rádh Aongus ria anmhuin a bhfochair Aoife go teacht ar ccúlaibh dhóibh agus go ttiocfadh féin dá n-ionnsuídhe fó réidh aithgheárr. Agus dá éis sin do ghabhadar na suadha iomhda sin ag ceileabhradh do rígh Gréag agus don bhainríoghain agus d'Aoife agus do Dhéine agus do shluaghaibh an dúna ar cheana agus tugsad lámh ar imthiocht agus do thriallsad go hur an chuain agus an chalaith, áit iona raibh long luchtmhar leabhairthéadach úrlamh ré a ttionnlacan go crích na Sorcha. Agus do ghléas siad isan loing agus tugsad tosach do mhuir agus deire do thír agus níor fhágsad taca gan tenna ná seólchrann gan lúba ná lámh gan leónadh ná táirrne gan trothlúghadh ag imirt ar an ngaoith ngáibhthig mboirbthréin mborroifidh móirneartmhair agus ó nách fuair taom time ná tláis ar na míleadhaibh, tilleas dá dún dranntánach diamhair dorcha féin ionnus go raibh síth agus sádhail ag an laochradh fria ré ocht lá agus teóra oidhche
agus san uair chéadna do ghabhsad cuan agus calaith a ccríochaibh glasa glanáilne cnuaisiomdha féaruaithne na Sorcha. Agus iar ngabháil cuain agus calaith dhóibh, as é do rádh Aongus: "Cia dhiongmhálus an Macaomh Mór?" ar sé. "Geabhamna sluagh an dúna do dhiongmháil", ar siad, "agus bíodh diongmháil an Mhacaoimh Mhóir ortsa". "Gabhuim orm do dheoin na ndéithe", ar Aongus, "agus as amhla as óircheas da gach aon a lá agus a aimsir do thabhairt ag freasdal catha agus cómhlann agus cia gheabhas cómhlann an laoi /111/ amáireach?" "Misi", ara On. "Agus misi an dara lá", ara Connocht. Ar an modh sin dóibh go ttáinig siad chum dúna datháluinn agus tugsad fá dhoighir dhonnruadh lasrach an dún agus gach dún ó sin go príomhchathair an Mhacaoimh Mhóir agus níor fhúig siad buair ná bótháinneadh teanna ná treabhaire gan mille agus gan sgannradh agus léirsgrios, agus iar tteacht a bhfogus don ríoghchathair dóibh do bhuail an maidhm sgéithe go tric gríobhdha gradánach agus go tréan tinnmhear ró-nearthmar ionnus nár fhág searrach a láir ná laogh a mboin ná naoidhin fó bhroinn mná do bhá taobhthrom torrach ar fad agus ar fóirleithiod na Sorcha an aon áit ionar chlos an bhloisbhéim sgéithe sin. Is annsin do rádh Ambrós .i. an Macaomh Mór: "A dhéithe dá n-adhruim", ar sé, "cia don Ádhamhchloinn do bhuailfeadh samhail an bhloisgbhéim sin munab é Aongus mac rígh Tíre Tarrngaire do bhuain í?" Agus dá éis sin do rádh ré Galuabhar mac rígh na cCuroch cómhlann d'fhreasdal agus d'fhriothálamh don laoch. Agus iar sin gluaisios Galuabhar do bhaoithléim áird úiréadruim tar an ccathraigh agus nochtus a lann chlaisleathan ghlanfhaobhuir agus d'ionnsuig On mac rígh Gréige-Sgithia Galuabhar agus do-rín siad ( ) tric talchair gnímhéachtach tinneasnach ré chéile gan time ná tlás ag aon sioch a chéile dhíobh go triall don ghréin dá mogall foruis. Agus an uair ad-chonnairc Galuabhar am tillte ar ccúlaibh aige, éirghios do bhaoithléim áird úiréadruim ós cionn On agus gabhas On ar chaol coisi iona dheasláimh an laoch lonn láinnertmhar agus buaileas a chorp fó lár agus fó lántalamh a bhfiadhnaisi na sluag iomdha sin agus ceanglas go cruaidh cunnuil dosgaoilte Galuabhar /112/ don chur sin agus do rádh do réim ádha agus mhóráthais go raibh a roinn don fhóghmhar fá sgeimhiol aige agus tug sin gean gléamhaisioch gáire do na suadha uile. Agus iar tteacht don oidhche do ghabh Feargus a fhleasg doilfe draoigheachta do bhí aige agus cuirios ceann san talmhuin di agus séidios an ceann eile agus éirghios morc tinntídhe treanlasrach ós a ccionn agus iona ttimpchioll uile ar mhodh ná tiocfadh ré laoch fó nimh amus longphoirt do thabhairt ortha agus do-rín siad suan agus sádhail go héirdhe don ghréin as a
mogall foruis. Is annsin do thóg Fergus an fhleasg agus cuirios a ccúmhdach í. As annsin d'éirig Connocht mac rígh Gréige-Sgithia agus do bhuail bloisgbhéim sgéithe bá mó do ár agus d'easbadha ná an béim an lá roimhe. Dála Ambróis, "Is cosmhuil gurab é so críoch an tsáoghail tárla dhúinn annois", ar sé, "óir do-chluinim bloisgbhéim na sgéithe ag neartúghadh ag an ndias ndeaghlaoch so agus, a Chuinn Chródha, a mhic rígh na hAnntuaidhe, freasdail cómhlann don laoch úd". Iar sin do ghabh Conn Cródha a earradh catha agus cómhlann uime agus éirghios do lúth a ghéag agus do chrannaibh a chraoisioch do léim áird úiréadroim tar an ccathair amach a bhfiadhnaisi na ríghmhíleadh. Agus dá éis sin éirghios Connocht agus do nocht a lann agus do-rín siad an dias deaghlaoch cómhlann tric tolgánach cnisgheárrthadh cróighlíonta gan time gan tlás gan tarcuisne gan béim time ná tláis ar aon sioch a chéile aco go triall don ghréin dá mogall forais agus an uair ad-chonnairc Conn Cródha tráth fosa agus comhnaighthe a bhfogus dó, tug éirghe lúth úiréadrom air ós cionn /113/ Connocht agus do ghabh Connocht ar chaol a chos Conn Cródha agus tug fó lár agus fó lántalmhuin don chur sin Conn agus ceanglas go cunnuil cruaidh dosgaoilte é a bhfochair a chompáin agus muígheas go mór gníomh an laoi sin. "Is ormsa atá cómhlann an laoi amáireach", ara Abharthach mac rígh Gréag. "As cosmhuil gurab eadh", ara Aongus. Dá éis sin gabhus Fergus a fhleasg doilfe draoigheachta amhuil do ghabh an oidhche roimhe sin agus do-rín siad suan agus sádhail go moch maidne arna mháireach. Agus dá aithle sin buaileas Abharthach bloisgbhéim sgéithe ní ba tréine go mór ioná an lá roimhe sin. Iad sin do rádh Ambrós .i. an Macaomh Mór: "A Sgátháin Sgiathsholuis, mhic rígh na Tisbirne, freasdail cómhlann don laoch úd". Iar sin éirghios Sgáthán agus gabhus a earradh catha agus cómhlann air agus éirghios do bhaoithléim úiréadruim uas an ccathair amach agus do sheasaimh ar a dhá bhonn a bhfiadhnaisi na sluagh n-oirdheirc agus éirghios Abharthach 'na chuinne agus 'na chómhdháil agus tugsad ucht ré hucht agus troigh ré taca agus glúin ré gliadh agus do-ronnsad cómhlann cnisgheárrthadh cróilíonta fíochmhar fíorchalma gan taom time ná tláis ar aon sioch a chéile dhíobh go triall don ghréin dá mogall foruis agus an uair ad-chonnairc Sgáthán tráith sgurtha a bhfogus dó, éirghios do bhaoithléim úiréadroim ós cionn Abharthaig agus gabhus Abharthach greim daingion dosgaoilte ar an laoch go ttug 'na chime chraiplighthe chum láir agus chum talmhan Sgáthán don chur sin agus muígheas féin an ghoil agus an ghaisge sin go mór. Do-rin Fergus amhuil do-rín gach oidhche roimhe agus mur sin dóibh go héirghe gréine arna mháireach. Is annsin éirghios an Ridire /114/
Dubh .i. mac áirdrígh na hInnia, agus buailios bloisgbhéim agus ad chuir an chathair amhuil tonn chroithfe talmhan agus do ghreas sin Ambrós; agus arna chlos d'Aofa, eírghios ar mullach an ghrianáin agus tug aithne gurab é a dearbhráthair do bhí ann: "Éirigh, a Ruinnioll Ghlais, mhic rígh Lochluinn, agus freasdail cómhlann don ríghmhíleadh úd". Iar sin éirghios Ruinnioll d'úrluinn a shleidhe agus do chrannaibh a chraoisioch agus do ghabh leithiod a dhá bhonn don talmhuin tromfhódaig ar láthair an chatha agus éirghios an Ridire Dubh dhó fó fhíoch agus fó chonfadh díoghaltais go náchar mhór go ccuireadh Ruinnioll fad láimhe laoich a ttalmhuin idir sin agus meadhón laoi gur chuibhrig go cunnuil cruaidh dosgaoilte Ruinnioll agus go ttug 'na chime chraiplighthe a bhfiadhnaisi na laochradh don chur sin é agus muígheas an gnímhéacht sin go mór. Agus dá éis sin do-rín Fergus a ghnáthach féin gusan ttráigh sin go moch maidne arna mháireach agus iar sin éirghios Breas Buadhach d'aitche comhluinn. "Freasdail comhlann don laoch úd, a Ghéide mhic rígh na cCaolthaoi". "Is doilg dhamhsa cómhlann d'fhreasdal dó", ara Géide, "óir níor thill laoch ar ccúlaibh dár fhreasdail cómhlann riú go sdrásda agus bíodh go rachad ann, as díomhaoin mo thurus." Iar sin éirghios Géide do úrluinn a shleidhe agus do chrannaibh a chraoisioch agus éirghios do bhaoithléim úiréadroim agus do ghabh lán a dhá bhonn don fhaighthe fhódghlais fhéaruaithne agus táinig Breas 'na choinne agus 'na chómhdháil agus d'fhearsad gleó gáibhtheach gráineamhail ainiarmhartha ré chéile agus as é bá críoch don chómhlann: Géide do /115/ thabhairt fá ghaoi goile agus gaisge ré Breas Buadhach agus mur sin dóibh go moch maidne. Dála an Mhacaoimh Mhóir, as é do rádh: "As iongna liom créad an cruas catha táinig orm annois do bhárr aroile". Agus iar sin éirghios Fergus mac rígh Tíre Tarrngaire agus do ghabh a chorp iona chaithéide agus fochtus comhlann go hainiarmhartha agus do rádh Ambrós: "Éirigh, a Chaoil Iarnuídhe cródha mhic rígh na Gasguinne, agus freasdail cómhlann don laoch úd." Iar sin éirghios Caol agus ceanglas a chorp 'na chaithéide agus éirghios do bhaoithléim úiréadroim d'úrluinn a sgéithe agus do chrannaibh a chraoisioch agus do ghabh lán a ghealbhonn don fhaighthe fhódghlais fhéaruaithne agus do thriall Fergus iona choinne agus iona chómhdháil agus do feradh gleó gáibhtheach gráineamhail croighlíonta cneasgherrtha ainiarmhartha idir an ndias ndeadhlaoch sin go crích an laoi agus do-fuair Fergus béim brathbhuille ar Chaol go ttug fá ghaoi goile agus gaisge Caol don chur sin agus fágbhus idir na laochaibh eile fá chuibhrioch é. Ar an mogh sin dóibh go héirdhe an laoi dá aithle agus gur éirig Aongus mac rígh Tíre Tarrngaire, an dragún dána dochosnuimh agus an
laoch láidir lánmhaisioch agus an cura cródha gníbhéachtach fris nách gabhadh laoch ná ríghmhíleadh a ccath ná a ccomhlann agus fochtus go dána deársgnaithe cómhlann agus arna chlos don fher mhór .i. an Macaomh, táinig dá ionnsuídhe agus tug an dias deaghlaoch sin ucht ré hucht agus troigh ré taca agus glúin ré gliadh agus ní raibh ar tuinn talmhan a samhail. Agus do bhádar ar na himtheachta sin go /116/ teacht gréine an mheadhónlaoi, tráith do fuair Aongus béim brathbhuille ar an bhfer mór gur theasg a cheann dá cholainn aige agus gur ghabh iona dheasláimh é agus go ttug rogha an urchuir de ar ucht agus ar úrbhruinne na colna céadna agus gur thuit siad araon 'na meall marbh chum talmhan. Agus dá éis sin triallus an Ridire Dubh agus Breas d'fhios Aobhtha agus do rín Aongus agus Fergus math na cathrach agus dá éis sin do chuir siad tré dhoighir donnruadh lasrach an ríghchathair agus dá éis sin triallus an Ridire Dubh go hOileán an Uaignis agus do léig fá sgaoile rígh Iarthair an Domhuin agus a dhias dhearbhráthur agus a dhias mac agus dá aithle sin tug an laochradh réamhráidhte .i. Galuaibhrioch mac rígh na cCuroch agus Conn Cródha mac rígh Antuaithe agus Sgáthán Sgiathsholuis mac rígh na Tisbirne agus Rinnioll Glas mac rígh Lochlonn agus Géide mac rígh na gCaolthaoi agus Caol Iarnaighthe mac rígh na Gasguinne mur aon ris na ríoghfhlathaibh eile cuir agus slána d'Aongus .i. bheith dá réir agus do réir a dhéirbhinnidh 'na dhiaig go crích a saoghail. Dá aithle sin do thriall gach aon aco d'fhios a áite bunaidh féin agus Aongus agus Fergus agus Abharthach don Ghréig, áit ionar nasgadh Fergus agus Déine. Agus do thriallsad go Tír Tarrngaire agus Aongus agus Aoife go hIarthar an Domhuin, áit iona ttárla Béine mac Fergusa agus a dhias dhearbhráthar agus a dhias mac ortha frisar fearadh fíorchaoin fáilte ré hAongus agus ré hAoife agus do-rad Aoife clann áluinn fhionnmhaisioch do Aongus. Gomadh í sin Achtra Aongusa mhic Rígh Tíre Tarrngaire go nuige sin. Arna sgríobhadh lé STIABHNA RIGHIS.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services