Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sean-ráidhte agus Sean-ranna.
Title
Sean-ráidhte agus Sean-ranna.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Ó Donnchudha, Tadhg
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEAN-RÁIDHTE AGUS SEAN-RANNA Do chnuasuigh Tadhg Ó Donnchudha. 26. Na trí roda is deacra do thuigsint 'san domhan: inntleacht na mban, obair na mbeach, teacht agus imtheacht na taoide. 27. Mo ghrádh thu an rud agat! 28. An té go mbíonn an phroinn aige, bíonn an fínnéadh aige. 29. Tosach Aoine nó deireadh Sathairn. 30. Cáirde go foghmhar agus cáirde go deó. 31. An chearc istigh agus an ubh amuigh. 32. Ar fheitheamh leis féin 'seadh dheineann an cat crónán. 33. Cuir smacht ar do leanbh i laethean- taibh na hóige. 34. Is creach do'n chat a phuisín. 35. D'ólfainn an bhólacht agus an capaillín glas. 36. Tóg uaim é agus gan uaim acht é. 37. Do tharraingeóchadh súgán sneachta é. 38. Caithfimíd cubhar do réir an sparáin. 39. Gach bó dá haindeise agus gach capall dá dheise. 40. Tar a éis do chítear gach beart (acht an té chaitheann an beart roimhe). 41. Cogadh na gcarad, ní bhíonn sé buan eatorra. 42. Tagann an cáirde agus ní maithtear na fiacha. 43. Ní'l a fhios cia aca is searrach an deagh-lárach. 44. Tabhair dam aon rud, agus bheurad dó dhuit. 45. Budh cheart duit cuimhne ar an arán do ithir. 46. Is fearr áiseacht na srathaire ná iasacht na hiallaide. 47. 'Nuair is mó é an t-anfhadh, 'seadh is goire do'n chobhair é. 48. An té bhíonn bog fé (fá) n-a thóin, bíonn sé bog fé n-a dheoir (deóraibh). 49. 'Nuair bhíonn an cat amuigh, bíonn an luch istigh ag rinnce. 50. 'Nuair is gann é an biadh, is cóir é roinnt. 51. Sinn fhéin sinn féin. 52. Ag díol meala agus ag ceannacht mísleán. 53. Ní buidhe atá sé ó 'n ngréin acht buidhe ó 'n bpréimh. 54. Eólas gan udhdarthás. 55. Ná bac aon-ne' go mbeidh an bheag nó an mhór-éifeacht aige. 56. Aithnigheann fear na holna 'dhíol fear na holna 'cheannach. 57. Lean ar an meath agus tiocfaidh sí.
58. D'orduigh Dia dul go haonach gan gnó. 59. Treabhadh muintire Mhúrnáin. 60. Gan blas gan buidheachas. 61. Le dúthchas agus le háthas. 62. Tnút le breith 'seadh chailleann an cearbhach. 63. Mara (muna) mbeadh sé indé agat, bheadh sé indiu agat. 64. Tabhair a rogha do'n bhodach agus toghfaidh sé an díogha (pr. dee). 65. Ceó soininne ar aibhnibh agus ceó doininne ar cnocaibh. 66. Mara mbeadh acht puisín agam, bheinn i lár an aonaigh leis. 67. Sicínidhe an fhoghmhair, pípiridhe an gheimhridh. 68. Ní mhúinfeadh an saoghal é, ná cogadh na bpiléireadh. 69. Má's gearr duit an cóta, is giorra dhuit an léine. 70. Is mó an chaint 'ná an chneadaigh. 71. Bíonn ciall dul a ceann duine aosda. 72. An té bhíonn bothánach, bíonn sé sgeultach. 73. Tar éis na mionn is fearr na mná. 74. Ní sgoirn do dhuine bhocht ciall do bheith aige. 75. Taibh (togh) do chuilleacht (chuide- achta) sul a dtéighir ag ól. 76. Ní thagann ciall roimh aois. 77. Is mó an tuilleadh 'ná an comhaireamh. 78. Is fearr ag neóin 'ná ar maidin. 79. 'Nuair thiocfaidh lá, tiocfaidh comhairle. 80. Sioc i dtosach na hoidhche do dhíol Fionn a bhróga. 81. An mb' fhearr leat bean na fiche seift 'ná bean na fiche punt. 82. Tart deireadh an óil agus brón deireadh an mhairg. 83. Díogha gach síne an sioc, acht is fearr sioc 'ná sír-fhearthainn. 84. Is minic nár bh' fhearr bheith ro-dheas 'ná bheith id' chleas mhargaidh. 85. Bíonn searrach 'na ghearrán go Nodlaig. 86. Ní féidir an treabhadh agus an tiomáint do dheunamh. 87. Is fearr aon chiall do cheannuighthear 'ná dhá chiall do mhúintear. 88. An gad is giorra do'n sgórnaigh do réidhteach go deó'. 89. Beart gan leigheas, foidhidne is fearr air. 90. Ins an obair do gheobhair an fhoghlaim. 91. Ní bhionn an iontaobh i lá fhoghmhair. 92. An té bhuaileann Jack, díolann sé as. 93. Fiach dubh foghmhair nó fionnóg ear- raigh. 94. Ní thagann fuacht go hearrach, ná cruaidheas ar dhaoinibh. 95. Is iomdha cor chuireann lá earraigh dhe. 96. I ndomhan na ndall, is rí fear aon- ruisg. 97. Ní híseal ná huasal, acht thíos seal a's thuas seal. 98. So-nuachar do'n do-nuachar. 99. 'Nuair is mó é an spórt is cóir stad de. 100. Ni bhuaidhfeadh aon rud ar an sean- nós.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services