Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-ráidhte agus Sean-ranna.

Title
Sean-ráidhte agus Sean-ranna.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Ó Donnchudha, Tadhg
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEAN-RÁIDHTE AGUS SEAN-RANNA



Do chnuasuigh Tadhg Ó Donnchudha.



26. Na trí roda is deacra do thuigsint
'san domhan: inntleacht na mban, obair na
mbeach, teacht agus imtheacht na taoide.



27. Mo ghrádh thu an rud agat!



28. An té go mbíonn an phroinn aige,
bíonn an fínnéadh aige.



29. Tosach Aoine nó deireadh Sathairn.



30. Cáirde go foghmhar agus cáirde go deó.



31. An chearc istigh agus an ubh amuigh.



32. Ar fheitheamh leis féin 'seadh dheineann
an cat crónán.



33. Cuir smacht ar do leanbh i laethean-
taibh na hóige.



34. Is creach do'n chat a phuisín.



35. D'ólfainn an bhólacht agus an capaillín
glas.



36. Tóg uaim é agus gan uaim acht é.



37. Do tharraingeóchadh súgán sneachta é.



38. Caithfimíd cubhar do réir an sparáin.



39. Gach bó dá haindeise agus gach capall
dá dheise.



40. Tar a éis do chítear gach beart (acht
an té chaitheann an beart roimhe).



41. Cogadh na gcarad, ní bhíonn sé buan
eatorra.



42. Tagann an cáirde agus ní maithtear na
fiacha.



43. Ní'l a fhios cia aca is searrach an
deagh-lárach.



44. Tabhair dam aon rud, agus bheurad dó
dhuit.



45. Budh cheart duit cuimhne ar an arán
do ithir.



46. Is fearr áiseacht na srathaire ná
iasacht na hiallaide.



47. 'Nuair is mó é an t-anfhadh, 'seadh
is goire do'n chobhair é.



48. An té bhíonn bog fé (fá) n-a thóin,
bíonn sé bog fé n-a dheoir (deóraibh).



49. 'Nuair bhíonn an cat amuigh, bíonn an
luch istigh ag rinnce.



50. 'Nuair is gann é an biadh, is cóir é
roinnt.



51. Sinn fhéin sinn féin.



52. Ag díol meala agus ag ceannacht
mísleán.



53. Ní buidhe atá sé ó 'n ngréin acht
buidhe ó 'n bpréimh.



54. Eólas gan udhdarthás.



55. Ná bac aon-ne' go mbeidh an bheag nó
an mhór-éifeacht aige.



56. Aithnigheann fear na holna 'dhíol fear
na holna 'cheannach.



57. Lean ar an meath agus tiocfaidh sí.


L. 58


58. D'orduigh Dia dul go haonach gan gnó.



59. Treabhadh muintire Mhúrnáin.



60. Gan blas gan buidheachas.



61. Le dúthchas agus le háthas.



62. Tnút le breith 'seadh chailleann an
cearbhach.



63. Mara (muna) mbeadh sé indé agat,
bheadh sé indiu agat.



64. Tabhair a rogha do'n bhodach agus toghfaidh
sé an díogha (pr. dee).



65. Ceó soininne ar aibhnibh agus ceó doininne
ar cnocaibh.



66. Mara mbeadh acht puisín agam, bheinn
i lár an aonaigh leis.



67. Sicínidhe an fhoghmhair, pípiridhe an
gheimhridh.



68. Ní mhúinfeadh an saoghal é, ná cogadh
na bpiléireadh.



69. Má's gearr duit an cóta, is giorra
dhuit an léine.



70. Is mó an chaint 'ná an chneadaigh.



71. Bíonn ciall dul a ceann duine aosda.



72. An té bhíonn bothánach, bíonn sé
sgeultach.



73. Tar éis na mionn is fearr na mná.



74. Ní sgoirn do dhuine bhocht ciall do
bheith aige.



75. Taibh (togh) do chuilleacht (chuide-
achta) sul a dtéighir ag ól.



76. Ní thagann ciall roimh aois.



77. Is mó an tuilleadh 'ná an comhaireamh.



78. Is fearr ag neóin 'ná ar maidin.



79. 'Nuair thiocfaidh lá, tiocfaidh comhairle.



80. Sioc i dtosach na hoidhche do dhíol
Fionn a bhróga.



81. An mb' fhearr leat bean na fiche
seift 'ná bean na fiche punt.



82. Tart deireadh an óil agus brón deireadh
an mhairg.



83. Díogha gach síne an sioc, acht is fearr
sioc 'ná sír-fhearthainn.



84. Is minic nár bh' fhearr bheith ro-dheas
'ná bheith id' chleas mhargaidh.



85. Bíonn searrach 'na ghearrán go
Nodlaig.



86. Ní féidir an treabhadh agus an tiomáint
do dheunamh.



87. Is fearr aon chiall do cheannuighthear
'ná dhá chiall do mhúintear.



88. An gad is giorra do'n sgórnaigh do
réidhteach go deó'.



89. Beart gan leigheas, foidhidne is fearr
air.



90. Ins an obair do gheobhair an fhoghlaim.



91. Ní bhionn an iontaobh i lá fhoghmhair.



92. An té bhuaileann Jack, díolann sé as.



93. Fiach dubh foghmhair nó fionnóg ear-
raigh.



94. Ní thagann fuacht go hearrach, ná
cruaidheas ar dhaoinibh.



95. Is iomdha cor chuireann lá earraigh dhe.



96. I ndomhan na ndall, is rí fear aon-
ruisg.



97. Ní híseal ná huasal, acht thíos seal
a's thuas seal.



98. So-nuachar do'n do-nuachar.



99. 'Nuair is mó é an spórt is cóir stad
de.



100. Ni bhuaidhfeadh aon rud ar an sean-
nós.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services