Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cath Cluana Tairbh. III.
Title
Cath Cluana Tairbh. III.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CATH CLUANA TAIRBH. III. FILLEADH FEAR MUMHAN. Tháinig Donnchadh mac Briain, go gcrea- chaibh Laighean leis, as gach áird i rabhadar, Satharn Cásga go Cill Mhaighninn, áit i raibh Tadhg mac Brian agus Cian mac Maolmhuaidh, agus gach ar thearnuigh as an gcath, idir shlán agus easlán, d' fhearaibh Éireann ar cheana. Annsin d' imthigheadar go Mullach Maisdean ar n-a bháireach, agus do chuir Donnchadh mac Briain an dá fhichid déag bó go hÁrd Macha, amhail d' aithin a athair dó. Longphort fo leith do bhí ag an Dáil gCais, agus longphort eile ag Cian mac Maolmhuaidh, ag Domhnall mac Duibh-dá-Bhuireann, agus ag maithibh sleachta Eoghain Mhóir. Iar n-éirghe do ló ar n-a bháireach, do chuir Cian mac Maolmhuaidh teachta do chum cloinne Briain, d' iarraidh braighde ortha, agus adubhairt go raibh a mbraighde féin ag a n-athair-sean, agus gur bh' áil leis iad-san bheith fá ghéilleadh aige, óir ba sine Eoghan Mór 'ná Cormac Cas. Adubhairt Donnchadh mac Briain nach dá ndeóin do bí soin ag a n-athair, acht é dá bhaint díobh ar éigin, agus nach tiubhradh féin braighde ná géilleadh dhóibh, dá mbeith coimhlíon catha dhóibh-sean aige; óir ní raibh Donnchadh acht deich gcéad, agus do bhí Cian deich gcéad fichead. Ó'dchonnairc Domhnall mac Duibh-dá-Bhuireann Donnchadh mac Briain ag aomhact na mbraighde do Chian, d'fhiarfuigh “cá sochar dó féin braighde d' fhagháil dó- san ó Dháil gCais?” Adubhairt Cian “nach roinnfeadh braighde na ríghe leis-sean, acht a chuid féineachais féin d' Íbh Eachach do bheith aige.” Adubhairt Domhnall “muna bhfuigheadh féin tairbhe dá chionn, nach rachadh ag tabhach braighde dhó-san.” Adubhairt Cian go mbudh héigean dó-san dul ó n-a theach do ghabháil na ngiall.” “Maise', is é an t-éigean fhuilingfead,” do ráidh Domhnall, ag dealughadh dhó le Cian go n-a chuid féin de'n tsluagh. Ó 'dchonnairc Donnchadh mac Briain an míorún sin ag síol Eoghain Mhóir dá chéile, d'éirigh as an longphort agus do ghluais le n-a shluagh do'n Mhumhain; agas ag teacht dó go hÁth Aoi ar Bhearbha, d' iarr Mac Giolla Phádraig géilleadh agus braighde air, nó cath. Adubhairt Donnchadh mac Briain nach tiubhradh féin braighde dhó, agus dá mbeith i dtaoibh le haon-óglaoch, go dtiubhradh cath
dhó, “óir ní chuala go dtug aon dá dtáinig reomham riamh géilleadh ná braighde d'aon dá dtáinig roimh Mac Giolla Phádraig.” Agus adubhairt Donnchadh trian na bhfear slán do chur ag coiméad na n-othar, agus d' ullmhuigh é féin 's an dá dtrian eile chum an chatha. Adubhradar na hothair cuailleacha do sháitheadh i dtalamh, agus iad féin do cheangal díobh, agus a n-airm do thabhairt i n-a lámhaibh, agus go dtroidfidís amhail chách; agus adubhairt Donnchadh gur thruagh nach é a bhás tháinig i bhfochair uaisle a chinidh 's a mhuintire, sul ráinig de chor 'san tsaoghal Mac Giolla Phádraig d' iarraidh braighde air. Ar bhfeiscint do shluagh Osraighe an t- inneall sain do chuir an Dáil gCais ortha féin, d' obadar an cath do chur leó. “Is nár díbh-se sin,” do ráidh Mac Giolla Phádraig, “óir atáthaoi líon a n-ithte súd, dá mbadh arán iad.” “Má támaoid,” do ráidh an sluagh, “ní muirbhfear aon díobh súd gan deichneabhar de'n tsluagh so do thuitim leis. Agus ca maith dhúinne dul ag gleic leó, an cineadh is calma fil i n-Éirinn ná bhí riamh, agus nár theich troigh ar gcúl ó Lochlannchaibh?” “Maise', ó nach áil libh cath do thabhairt dóibh,” do ráidh Mac Giolla Phádraig, “tugaidh amus iomruagtha ortha.” Agus do rinneadar sain, agus ba mheasa leis an Dáil gCais sin 'ná an cath do chur. Ciodh tra acht do ráinig Donnchad mac Briain 's an méid do mhair de'n Dáil gCais go Ceann Corann. Iar dteacht do Chian mac Maolmhuaidh go n-a Mhuimhneachaibh go Ráith Raithleann, do fógradh cath idir é féin agus Domhnall mac Duibh-dá-Bhuireann. D' ullmhuigheadar chum an chatha leath ar leath go Maigh Guile, agus an lá roimh an gcath, do ghabhadar roinn de ghiollaíbh Chéin trí chinn each agus d' ibheadar bainne bhí ag teacht chum saoiribh Cille Mo- Cholmóg. Ní dhearna Cian muinteardhas fós ná cumann ná comhairle le Mo-Cholmóg. Ní mar sin do Dhomhnall mach Duibh-dá- Bhuireann, táinig go Mo-Cholmóg agus do rinne umhla agus géilleadh dhó. Do chuadar i gcoinne a chéile go Muigh Guile agus do fearadh cath eatortha, gur marbhadh Cian mac Maolmhuaidh, agus Cathal agus Raghallach, a dhís dearbhráthar, go n-ár deisgirt Mhumhan maille leó, 'san gcath sin; aois an Tighearna míle bliadhan agus cúig bliadhna déag.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services