Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cath Cluana Tairbh. III.

Title
Cath Cluana Tairbh. III.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CATH CLUANA TAIRBH. III.



FILLEADH FEAR MUMHAN.



Tháinig Donnchadh mac Briain, go gcrea-
chaibh Laighean leis, as gach áird i rabhadar,
Satharn Cásga go Cill Mhaighninn, áit i raibh
Tadhg mac Brian agus Cian mac Maolmhuaidh,
agus gach ar thearnuigh as an gcath, idir shlán agus
easlán, d' fhearaibh Éireann ar cheana.
Annsin d' imthigheadar go Mullach
Maisdean ar n-a bháireach, agus do chuir
Donnchadh mac Briain an dá fhichid déag bó
go hÁrd Macha, amhail d' aithin a athair dó.
Longphort fo leith do bhí ag an Dáil gCais,
agus longphort eile ag Cian mac Maolmhuaidh,
ag Domhnall mac Duibh-dá-Bhuireann, agus ag
maithibh sleachta Eoghain Mhóir. Iar n-éirghe
do ló ar n-a bháireach, do chuir Cian mac
Maolmhuaidh teachta do chum cloinne Briain,
d' iarraidh braighde ortha, agus adubhairt go raibh
a mbraighde féin ag a n-athair-sean, agus gur
bh' áil leis iad-san bheith fá ghéilleadh aige,
óir ba sine Eoghan Mór 'ná Cormac Cas.
Adubhairt Donnchadh mac Briain nach dá
ndeóin do bí soin ag a n-athair, acht é dá
bhaint díobh ar éigin, agus nach tiubhradh féin
braighde ná géilleadh dhóibh, dá mbeith
coimhlíon catha dhóibh-sean aige; óir ní raibh
Donnchadh acht deich gcéad, agus do bhí Cian deich
gcéad fichead. Ó'dchonnairc Domhnall mac
Duibh-dá-Bhuireann Donnchadh mac Briain
ag aomhact na mbraighde do Chian, d'fhiarfuigh
“cá sochar dó féin braighde d' fhagháil dó-
san ó Dháil gCais?” Adubhairt Cian “nach
roinnfeadh braighde na ríghe leis-sean, acht a
chuid féineachais féin d' Íbh Eachach do bheith
aige.” Adubhairt Domhnall “muna bhfuigheadh
féin tairbhe dá chionn, nach rachadh ag tabhach
braighde dhó-san.” Adubhairt Cian go mbudh
héigean dó-san dul ó n-a theach do ghabháil
na ngiall.” “Maise', is é an t-éigean
fhuilingfead,” do ráidh Domhnall, ag
dealughadh dhó le Cian go n-a chuid féin
de'n tsluagh.



Ó 'dchonnairc Donnchadh mac Briain an
míorún sin ag síol Eoghain Mhóir dá chéile,
d'éirigh as an longphort agus do ghluais le n-a
shluagh do'n Mhumhain; agas ag teacht dó go
hÁth Aoi ar Bhearbha, d' iarr Mac Giolla
Phádraig géilleadh agus braighde air, nó cath.
Adubhairt Donnchadh mac Briain nach
tiubhradh féin braighde dhó, agus dá mbeith i
dtaoibh le haon-óglaoch, go dtiubhradh cath


L. 56


dhó, “óir ní chuala go dtug aon dá dtáinig
reomham riamh géilleadh ná braighde d'aon
dá dtáinig roimh Mac Giolla Phádraig.”
Agus adubhairt Donnchadh trian na bhfear
slán do chur ag coiméad na n-othar, agus
d' ullmhuigh é féin 's an dá dtrian eile chum
an chatha. Adubhradar na hothair cuailleacha
do sháitheadh i dtalamh, agus iad féin do cheangal
díobh, agus a n-airm do thabhairt i n-a lámhaibh,
agus go dtroidfidís amhail chách; agus adubhairt
Donnchadh gur thruagh nach é a bhás tháinig i
bhfochair uaisle a chinidh 's a mhuintire, sul
ráinig de chor 'san tsaoghal Mac Giolla
Phádraig d' iarraidh braighde air.



Ar bhfeiscint do shluagh Osraighe an t-
inneall sain do chuir an Dáil gCais ortha
féin, d' obadar an cath do chur leó. “Is
nár díbh-se sin,” do ráidh Mac Giolla
Phádraig, “óir atáthaoi líon a n-ithte súd,
dá mbadh arán iad.” “Má támaoid,” do
ráidh an sluagh, “ní muirbhfear aon díobh
súd gan deichneabhar de'n tsluagh so do
thuitim leis. Agus ca maith dhúinne dul ag
gleic leó, an cineadh is calma fil i n-Éirinn
ná bhí riamh, agus nár theich troigh ar gcúl ó
Lochlannchaibh?” “Maise', ó nach áil libh
cath do thabhairt dóibh,” do ráidh Mac Giolla
Phádraig, “tugaidh amus iomruagtha ortha.”
Agus do rinneadar sain, agus ba mheasa leis
an Dáil gCais sin 'ná an cath do chur. Ciodh
tra acht do ráinig Donnchad mac Briain 's
an méid do mhair de'n Dáil gCais go Ceann
Corann.



Iar dteacht do Chian mac Maolmhuaidh go
n-a Mhuimhneachaibh go Ráith Raithleann, do
fógradh cath idir é féin agus Domhnall mac
Duibh-dá-Bhuireann. D' ullmhuigheadar chum
an chatha leath ar leath go Maigh Guile, agus an
lá roimh an gcath, do ghabhadar roinn de
ghiollaíbh Chéin trí chinn each agus d' ibheadar
bainne bhí ag teacht chum saoiribh Cille Mo-
Cholmóg. Ní dhearna Cian muinteardhas
fós ná cumann ná comhairle le Mo-Cholmóg.
Ní mar sin do Dhomhnall mach Duibh-dá-
Bhuireann, táinig go Mo-Cholmóg agus do rinne
umhla agus géilleadh dhó.



Do chuadar i gcoinne a chéile go Muigh
Guile agus do fearadh cath eatortha, gur
marbhadh Cian mac Maolmhuaidh, agus Cathal agus
Raghallach, a dhís dearbhráthar, go n-ár
deisgirt Mhumhan maille leó, 'san gcath sin;
aois an Tighearna míle bliadhan agus cúig
bliadhna déag.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services