Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Bhás Cailín Oig.
Title
Ar Bhás Cailín Oig.
Author(s)
Ward, J. J.,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AR BHÁS CHAILÍN ÓIG. Bhí mé i Máluin Nuair chuala mé an gháir so, A's thug mé rása Go dtiginn aniar, Go dtugainn comhairle do'n lánamhain An fhoighde do dheánamh, A's go bhfuigheadh siad sásadh I ndeireadh a saoghail. Ar theacht damh i láthair, Bhí an chonair ar lár ann Chosgair mo nádúir Mo mhisneach 's mo chroidhe; Bhí an crónaire Gállda Ag cur tuaraisge a bháis, 'S gan a fhios caidé an fáth Acht ag líonadh an dlighe. Nach tobann an cás tháinic Ar inghin Shéamuis Ándrais, Nuair d' éirigh sí i n-áirde Ins an leabaidh 'na suidhe, Nach dtiubhradh an bás Leath-uair amháin di, Go dtáinic sagart na ngrás 'S gur fhreasdail sé í! Nach aoibhinn do'n pháisde Mar chuaidh sí go Párrthas, 'S go bhfuil sí ag Máire 'Na suidhe le n-a taoibh; Na haingle d'á gárdáil, 'S na rollaibh gach áit ann, — Is meunra do'n lánamhain Gur oil siad a 'nghean. Nach i Mairghréad a bhí cráidhte Nuair chonnaic sí an gárda Ag cruinniughadh as gach ceárn Ag comóradh a 'nghean! A's nach rabh plánta ins an ghárrdha Budh dheise 'ná Máire — Gaedhealach ná Gállda — D'á rabh ins an tír. Tiocfaidh an lá I mbeidh an saoghal ar a sgánnradh, Agus chífidh siad mo Mháire Ina culaidh go fíor, Ag tabhairt moladh do'n Áird-rígh A thug ins an áit í, 'S gur fhulaing Sé an pháis Gur fhuasgail Sé í. Ní'l a'n mhaitheas d'a deárn' sí Nach deachaidh ins na sgálaidh', A's ní bhfuaras aon mheadhachan Budh taitnighe 'ná í; A's tá aoibhneas i bPárrthas Nach bhfuil fáth a bheith 'trácht air, 'S nach feárr di bheith ann sin 'Ná bheith ar an tsaoghal?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services