Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Bhás Cailín Oig.

Title
Ar Bhás Cailín Oig.
Author(s)
Ward, J. J.,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 54


AR BHÁS CHAILÍN ÓIG.



Bhí mé i Máluin
Nuair chuala mé an gháir so,
A's thug mé rása
Go dtiginn aniar,
Go dtugainn comhairle do'n lánamhain
An fhoighde do dheánamh,
A's go bhfuigheadh siad sásadh
I ndeireadh a saoghail.



Ar theacht damh i láthair,
Bhí an chonair ar lár ann
Chosgair mo nádúir
Mo mhisneach 's mo chroidhe;
Bhí an crónaire Gállda
Ag cur tuaraisge a bháis,
'S gan a fhios caidé an fáth
Acht ag líonadh an dlighe.



Nach tobann an cás tháinic
Ar inghin Shéamuis Ándrais,
Nuair d' éirigh sí i n-áirde
Ins an leabaidh 'na suidhe,
Nach dtiubhradh an bás
Leath-uair amháin di,
Go dtáinic sagart na ngrás
'S gur fhreasdail sé í!



Nach aoibhinn do'n pháisde
Mar chuaidh sí go Párrthas,
'S go bhfuil sí ag Máire
'Na suidhe le n-a taoibh;
Na haingle d'á gárdáil,
'S na rollaibh gach áit ann, —
Is meunra do'n lánamhain
Gur oil siad a 'nghean.



Nach i Mairghréad a bhí cráidhte
Nuair chonnaic sí an gárda
Ag cruinniughadh as gach ceárn
Ag comóradh a 'nghean!
A's nach rabh plánta ins an ghárrdha
Budh dheise 'ná Máire —
Gaedhealach ná Gállda —
D'á rabh ins an tír.



Tiocfaidh an lá
I mbeidh an saoghal ar a sgánnradh,
Agus chífidh siad mo Mháire
Ina culaidh go fíor,
Ag tabhairt moladh do'n Áird-rígh
A thug ins an áit í,
'S gur fhulaing Sé an pháis
Gur fhuasgail Sé í.



Ní'l a'n mhaitheas d'a deárn' sí
Nach deachaidh ins na sgálaidh',
A's ní bhfuaras aon mheadhachan
Budh taitnighe 'ná í;
A's tá aoibhneas i bPárrthas
Nach bhfuil fáth a bheith 'trácht air,
'S nach feárr di bheith ann sin
'Ná bheith ar an tsaoghal?




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services