Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seadna. (Ar leanamhaint.)
Title
Seadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seadna (Ar leanamhaint) Gob. Ní fheadar cad dubhairt Miceal 'nuair chonnaic sé ag teacht é. Peg. Níor labhair duine aco focal nuair chonnacadar ag teacht é. Dá ghiorracht an aimsir o tháinig Seaghan Ceatach ar maidin, bhí an sgeul, um an dtaca sin, leathta ar fuaid na dúithche, go raibh Séadna ar éad- tromacht, go raibh an cleamhnas nach mór déanta, gur dhiúltuigh Máire Ghearra do'n bpósadh, agus gur imthigh Séadna as a mheabhair; go bhfeacathas é i gcaitheamh an lae 'ag gluaiseacht tríd an ndúthaigh 'na bhríste agus 'na léine, gur mhairbh se leanbh thuas i mbarr an bhaile; agus annsain gur chuir sé an cnoc amach de, mar chuirfeadh fiadh buidhe ó'n Mangartain; go raibh sé imthighthe go Gleann na nGealt; agus gur dhócha nár bh'fhios cathain do chasfadh sé; go raibh gasradh ar gach baile de na seacht mbailtibh mór-thim- cheall ag briseadh adhmaid agus ag déanamh geitiridhe, ag ullmhughadh soillse i gcomhair na hoidhche chum dola ar a lorg, agus gan amhras go bhfuighfidhe sáithte ar mhullach a chinn i bpoll éigin é báithte, nó i bpluais charraige, leathta le fuacht agus le hocras. Cáit. Nár chúitighthear a saothar leo! B'fhéidir, dá mbeidheadh fuacht agus ocras air, gur bheag ag cuid aco gan puinn suime do chur ann. Peg. Is fíor duit-se sin, a Cháit; acht má 'seadh, ní raibh puinn 'sa mbreis aco ar Shéadna féin sa' méid sin. B'shin é an buachaill ná cuirfeadh puinn suime 'na gcuid saothair ná 'na gcuid ullmhúcháin, dá mbeidheadh 'fhios aige é bheith ar siubhal, rud ná raibh a fhios aige. Gob. Badh mór an spórt iad ag imtheacht 'san oidhche tré phortachaibh agus tré chnocaibh dá chuardach, agus go seasgair sa' bhaile ag
deunamh a chuid bróg, agus an “Cailleach Ruainneach” mar chrónán aige. Peg. Fágaim le hudhacht, a Ghobnuit, gur as mo bheul a bhainis é. Ní túisge tháinig Séadna isteach 'ná do luigh sé ar obair, agus ní raibh an tríomhadh greim curtha aige go raibh an “Chailleach Ruaineach” ar siubhal chomh haibidh agus bhí sí riamh, i dtreó gur fheu- chadar na fir ar a chéile, agus gur sháthuigh Miceal an meanuith go daingean isteach i súil a ordóige. Síle. Cad ba ghá'dh dhó é sin do dheunamh, a Pheg? Peg. Ní fheadar 'n tsaoghal, a Shíle, munab amhlaidh bhí sé ag cuimhneamh ar rud éigin eile an fhaid a bhí an meanuith aige dhá thiomáint. Síle. Tá a fhios agam-sa cad air go raibh sé ag cuimhneamh. Peg. Cad air, a Shíle? Síle. Bhí sé dhá chuimhneamh gur mhaith leis a fhios do bheith aige cad dubhairt Máire Ghearra, nuair chonnaic sí an chéir ar mheurannaibh Shéadna, agus an aprún air, agus é ceann-lomrachta; nó ar briseadh an cleamh- nas mar ghioll ar an méid sin. Peg. Agus dar ndó', a Shíle, má bhí an oiread sain ar a aigneadh, ní hiongnadh é ag cur an mheanuithe tré n-a hordóig. Síle. Dubhairt a mháthair go raibh sé go maith cum cleamhnais do dheunamh, agus is dóigh liom-sa ná raibh aon mhaith ann. Peg. Cad 'na thaobh go ndéarfá ná raibh aon mhaith ann, a Shíle? Síle. 'Dhe greadadh chuige! An tuathalán. B'fhearr go mór an díol air cleamhnas do thabhairt dó le briseadh 'ná cleamhnas do thabhairt dó le deunamh. Gob. Fan go fóill, a Shíle a chuid. Dar ndó' ní fheudfadh aon-ne' beo an chleamhnas úd do dheunamh. Ní fheudfadh Diarmán féin é dheunamh. Ná raibh aigneadh Shéadna socair 'na chuinnibh ó thosach? Ná dubhairt sé gur shaoire dhi í do losgadh 'na beathaidh 'ná é dhá pósadh? Síle. Ní fheadar, a Pheg, cad é an chúis go ndubhairt sé an focal sain. Peg. Cad is dóigh leat féin, a Shíle? Síle. Cheapas gurab amhlaidh nár mhaith leis í fhágáil 'na dhiaidh 'na bhaintrigh, nuair bheidheadh na trí bliadhna deug istigh. Acht dar ndó' ní hionann sin agus í do losgadh 'na beathaidh. Peg. Ceapaim-se go raibh níos mó 'ná sain ann, a Shíle. Níor bh'fholáir sgeul an fhir dhuibh d'innisint di ó thúis go deireadh, nó é cheilt uirthi ó thúis go deireadh. Dá 'neósfaidhe dhí é, agus annsain go bpósfadh sí Séadna, rud do dheunfadh, do bhrisfeadh a machtnamh a sláinte, bheidheadh sí dá snaoi ag galar dóghach, agus badh ghearr do mhairfeadh sí. Dá mbeadh ná 'neósfaidhe dhi é, do bheidheadh an feall deunta ag Séadna badh mheasa d'ár deineadh riamh. Ní fheudfadh sé an feall sain do dheunamh, agus bhí a rian air, - do theip ortha go léir an cleamhnas do dheunamh. Gob. D'airigheas-sa go raibh aon chleamh- nas amháin agus gur theip ar Dhiarmán é dheanamh. Síle. Cad é an cleamhnas é, a Ghobnuit? Gob. Cleamhnas an Chaoiltigh. Cáit. Ó am briathar 's am basa, a Ghob- nuit, gur airigheas é bheith ar siubhal. Acht má 'seadh, níor airigheas é bheith briste. Cad do bhris é airiú? Bhí iongnadh ar gach aon-ne' a rádh go bpósfadh sé Siún. Gob. Is amhlaidh bhí sgata áilteóiridhe cruinnighthe thoir ag ceardchain Mhichíl Gabha, agus bhí Diarmán ann. Bhíodar dá rádh go raibh feircín óir fé cheann na leapan ag an gCaoilteach, d'éis teacht tar fairrge dhó. “Níor bh'fhearra dhuit rud do dheunfá, a Dhiarmáin,” arsa duine aco, “ná cleamhnas do dheunamh dó”. “Cia leis do labharfainn?” arsa Diar- mán. “Le Tadhg Bán,” arsa fear eile. Do liúghadar go léir agus do gháireadar. Cheap seisean gur ag moladh an chleamhnais
do liúghadar. Siúd amach é, agus soir go tigh an Chaoiltigh. “A Chaoiltigh,” arsa Diarmán, “tá cleamh- nas déanta agam duit.” “Go bhfágaidh Dia do shláinte agat, a Dhiarmuid!” arsa an Caoilteach, “agus gan a fhaid sin de luigheachán na bliadhna ort! Cia hí féin?” “Go réidh! Go réidh, a Chaoiltigh! Is cuma dhuit fós cia hí féin. Ní 'neosad duit cia hí féin. Ní thráchtfad ar a hainm leat nó go mbeidh a fhios agam an bhfuilir ullamh agus ceaptha ar phósadh.” “Táim ullamh agus lán-cheapta,” ars' eisean. “Tá go maith,” arsa Diarmán; “'neósad an méid sin dóibh,” agus d'imthigh sé. Siúd siar é go tigh Thaidhg Bháin. Ní raibh istigh roimis acht Siún. “A Shiún,” ars' eisean, “tá cleamhnas déanta agam duit.” “Nár chúitighthear do shaothar leat!” ars' ise. “Cúiteóchthar,” ars' eisean; “tá feircín óir sé cheann na leapan aige.” “Tá, agus feircín gaoithe fé chosaibh na leapan agat-sa! Cá bhfaigheadh sé é?” “É thabhairt leis tar fairrge,” ars' eisean. “Airiú an n-é an Caoilteach atá ar siubhal agat?” ars' ise. “Is é an fear céadna sain díreach atá ar siubhal agam,” ars' eisean. “An rabhais ag caint leis?” ars'ise. “Anois díreach do thánagh uaidh,” ars' eisean. “Dubhairt sé,” ars'eisean, “go raibh sé ullamh agus lán-cheaptha ar thusa do phósadh.” Ní raibh aon lá ar feadh seachtmhaine 'na dhiaidh sin ná gur cheap sí an uile neómat gur bh'é an Caoilteach a bhí chúichi an dorus isteach, nuair 'airigheadh sí aon-ne' ag teacht. Fé dheireadh do bhris ar an bhfoidhidne aici. Siúd soir í go dtigh an Chaoiltigh. Peg. Níor chuaidh! Gob. Deirim leat gur chuaidh agus a ceann i n-áirde chomh baoth agus do bhí riamh. Bhí iongnadh ar an gCaoilteach cad do thug í. Bhí sé chomh fada as an ndúthaigh, níor aithin sé cia 'rbh' í. “Fy don't you marry me?” ars' ise. “Fot does I want you for?” ars' eisean. “you head of a fool!” Cáit. Tuigim an sgeul go léir anois. Níor ghabh Diarmán thar an ndorus ó shin aco, agus níor lugha air saighdiúir dearg do bhualadh uime ar an mbóthar 'ná aon-ne' de'n bheirt, Siún ná a hathair. Síle. Abair as Gaedhluing é, a Ghobnuit. Gob. “Cad 'na thaobh ná pósann tú mise?” ars' ise. “Cad é an gnó bheidheadh agam díot-sa, a phlaosg óinsighe?” ars' eisean. Síle. Sin é. Tuigim anois é. Nach gránda an chaint an Béarla sain. Ní fheadar féin 'e'n tsaoghal cad é an dúil a bhíonn ag daoinibh ann. Ní'l aco acht “Fot! Fot! Fot!” mar bheidheadh cearc go mbeidheadh diuc uirthi. (leanfar de seo.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services