Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seadna. (Ar leanamhaint.)

Title
Seadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 50


Seadna



(Ar leanamhaint)



Gob. Ní fheadar cad dubhairt Miceal
'nuair chonnaic sé ag teacht é.



Peg. Níor labhair duine aco focal nuair
chonnacadar ag teacht é. Dá ghiorracht an
aimsir o tháinig Seaghan Ceatach ar maidin,
bhí an sgeul, um an dtaca sin, leathta ar
fuaid na dúithche, go raibh Séadna ar éad-
tromacht, go raibh an cleamhnas nach mór
déanta, gur dhiúltuigh Máire Ghearra do'n
bpósadh, agus gur imthigh Séadna as a mheabhair;
go bhfeacathas é i gcaitheamh an lae 'ag
gluaiseacht tríd an ndúthaigh 'na bhríste agus
'na léine, gur mhairbh se leanbh thuas i
mbarr an bhaile; agus annsain gur chuir sé an
cnoc amach de, mar chuirfeadh fiadh buidhe
ó'n Mangartain; go raibh sé imthighthe go
Gleann na nGealt; agus gur dhócha nár bh'fhios
cathain do chasfadh sé; go raibh gasradh ar
gach baile de na seacht mbailtibh mór-thim-
cheall ag briseadh adhmaid agus ag déanamh
geitiridhe, ag ullmhughadh soillse i gcomhair
na hoidhche chum dola ar a lorg, agus gan
amhras go bhfuighfidhe sáithte ar mhullach a
chinn i bpoll éigin é báithte, nó i bpluais
charraige, leathta le fuacht agus le hocras.



Cáit. Nár chúitighthear a saothar leo!
B'fhéidir, dá mbeidheadh fuacht agus ocras air,
gur bheag ag cuid aco gan puinn suime do
chur ann.



Peg. Is fíor duit-se sin, a Cháit; acht
má 'seadh, ní raibh puinn 'sa mbreis aco ar
Shéadna féin sa' méid sin. B'shin é an
buachaill ná cuirfeadh puinn suime 'na
gcuid saothair ná 'na gcuid ullmhúcháin, dá
mbeidheadh 'fhios aige é bheith ar siubhal, rud
ná raibh a fhios aige.



Gob. Badh mór an spórt iad ag imtheacht
'san oidhche tré phortachaibh agus tré chnocaibh dá
chuardach, agus go seasgair sa' bhaile ag


L. 51


deunamh a chuid bróg, agus an “Cailleach
Ruainneach” mar chrónán aige.



Peg. Fágaim le hudhacht, a Ghobnuit, gur
as mo bheul a bhainis é. Ní túisge tháinig
Séadna isteach 'ná do luigh sé ar obair, agus
ní raibh an tríomhadh greim curtha aige go
raibh an “Chailleach Ruaineach” ar siubhal
chomh haibidh agus bhí sí riamh, i dtreó gur fheu-
chadar na fir ar a chéile, agus gur sháthuigh
Miceal an meanuith go daingean isteach i
súil a ordóige.



Síle. Cad ba ghá'dh dhó é sin do dheunamh,
a Pheg?



Peg. Ní fheadar 'n tsaoghal, a Shíle,
munab amhlaidh bhí sé ag cuimhneamh ar rud
éigin eile an fhaid a bhí an meanuith aige dhá
thiomáint.



Síle. Tá a fhios agam-sa cad air go raibh
sé ag cuimhneamh.



Peg. Cad air, a Shíle?



Síle. Bhí sé dhá chuimhneamh gur mhaith leis
a fhios do bheith aige cad dubhairt Máire
Ghearra, nuair chonnaic sí an chéir ar
mheurannaibh Shéadna, agus an aprún air, agus é
ceann-lomrachta; nó ar briseadh an cleamh-
nas mar ghioll ar an méid sin.



Peg. Agus dar ndó', a Shíle, má bhí an
oiread sain ar a aigneadh, ní hiongnadh é
ag cur an mheanuithe tré n-a hordóig.



Síle. Dubhairt a mháthair go raibh sé go
maith cum cleamhnais do dheunamh, agus is dóigh
liom-sa ná raibh aon mhaith ann.



Peg. Cad 'na thaobh go ndéarfá ná raibh
aon mhaith ann, a Shíle?



Síle. 'Dhe greadadh chuige! An tuathalán.
B'fhearr go mór an díol air cleamhnas do
thabhairt dó le briseadh 'ná cleamhnas do
thabhairt dó le deunamh.



Gob. Fan go fóill, a Shíle a chuid. Dar
ndó' ní fheudfadh aon-ne' beo an chleamhnas
úd do dheunamh. Ní fheudfadh Diarmán féin
é dheunamh. Ná raibh aigneadh Shéadna socair
'na chuinnibh ó thosach? Ná dubhairt sé gur
shaoire dhi í do losgadh 'na beathaidh 'ná é dhá
pósadh?



Síle. Ní fheadar, a Pheg, cad é an chúis go
ndubhairt sé an focal sain.



Peg. Cad is dóigh leat féin, a Shíle?



Síle. Cheapas gurab amhlaidh nár mhaith
leis í fhágáil 'na dhiaidh 'na bhaintrigh, nuair
bheidheadh na trí bliadhna deug istigh. Acht
dar ndó' ní hionann sin agus í do losgadh 'na
beathaidh.



Peg. Ceapaim-se go raibh níos mó 'ná
sain ann, a Shíle. Níor bh'fholáir sgeul an
fhir dhuibh d'innisint di ó thúis go deireadh,
nó é cheilt uirthi ó thúis go deireadh. Dá
'neósfaidhe dhí é, agus annsain go bpósfadh sí
Séadna, rud do dheunfadh, do bhrisfeadh a
machtnamh a sláinte, bheidheadh sí dá snaoi
ag galar dóghach, agus badh ghearr do mhairfeadh
sí. Dá mbeadh ná 'neósfaidhe dhi é, do
bheidheadh an feall deunta ag Séadna badh
mheasa d'ár deineadh riamh. Ní fheudfadh sé
an feall sain do dheunamh, agus bhí a rian air, -
do theip ortha go léir an cleamhnas do
dheunamh.



Gob. D'airigheas-sa go raibh aon chleamh-
nas amháin agus gur theip ar Dhiarmán é
dheanamh.



Síle. Cad é an cleamhnas é, a Ghobnuit?



Gob. Cleamhnas an Chaoiltigh.



Cáit. Ó am briathar 's am basa, a Ghob-
nuit, gur airigheas é bheith ar siubhal. Acht
má 'seadh, níor airigheas é bheith briste.
Cad do bhris é airiú? Bhí iongnadh ar gach
aon-ne' a rádh go bpósfadh sé Siún.



Gob. Is amhlaidh bhí sgata áilteóiridhe
cruinnighthe thoir ag ceardchain Mhichíl Gabha,
agus bhí Diarmán ann. Bhíodar dá rádh go
raibh feircín óir fé cheann na leapan ag an
gCaoilteach, d'éis teacht tar fairrge dhó.



“Níor bh'fhearra dhuit rud do dheunfá, a
Dhiarmáin,” arsa duine aco, “ná cleamhnas
do dheunamh dó”.



“Cia leis do labharfainn?” arsa Diar-
mán.



“Le Tadhg Bán,” arsa fear eile.



Do liúghadar go léir agus do gháireadar.
Cheap seisean gur ag moladh an chleamhnais


L. 52


do liúghadar. Siúd amach é, agus soir go tigh
an Chaoiltigh.



“A Chaoiltigh,” arsa Diarmán, “tá cleamh-
nas déanta agam duit.”



“Go bhfágaidh Dia do shláinte agat, a
Dhiarmuid!” arsa an Caoilteach, “agus gan a
fhaid sin de luigheachán na bliadhna ort!
Cia hí féin?”



“Go réidh! Go réidh, a Chaoiltigh! Is cuma
dhuit fós cia hí féin. Ní 'neosad duit cia
hí féin. Ní thráchtfad ar a hainm leat nó
go mbeidh a fhios agam an bhfuilir ullamh agus
ceaptha ar phósadh.”



“Táim ullamh agus lán-cheapta,” ars' eisean.



“Tá go maith,” arsa Diarmán; “'neósad
an méid sin dóibh,” agus d'imthigh sé.



Siúd siar é go tigh Thaidhg Bháin. Ní raibh
istigh roimis acht Siún.



“A Shiún,” ars' eisean, “tá cleamhnas
déanta agam duit.”



“Nár chúitighthear do shaothar leat!” ars'
ise.



“Cúiteóchthar,” ars' eisean; “tá feircín
óir sé cheann na leapan aige.”



“Tá, agus feircín gaoithe fé chosaibh na
leapan agat-sa! Cá bhfaigheadh sé é?”



“É thabhairt leis tar fairrge,” ars'
eisean.



“Airiú an n-é an Caoilteach atá ar
siubhal agat?” ars' ise.



“Is é an fear céadna sain díreach atá
ar siubhal agam,” ars' eisean.



“An rabhais ag caint leis?” ars'ise.



“Anois díreach do thánagh uaidh,” ars'
eisean. “Dubhairt sé,” ars'eisean, “go
raibh sé ullamh agus lán-cheaptha ar thusa do
phósadh.”



Ní raibh aon lá ar feadh seachtmhaine 'na
dhiaidh sin ná gur cheap sí an uile neómat
gur bh'é an Caoilteach a bhí chúichi an dorus
isteach, nuair 'airigheadh sí aon-ne' ag teacht.
Fé dheireadh do bhris ar an bhfoidhidne aici.
Siúd soir í go dtigh an Chaoiltigh.



Peg. Níor chuaidh!



Gob. Deirim leat gur chuaidh agus a ceann i
n-áirde chomh baoth agus do bhí riamh. Bhí
iongnadh ar an gCaoilteach cad do thug í.
Bhí sé chomh fada as an ndúthaigh, níor aithin
sé cia 'rbh' í.



“Fy don't you marry me?” ars' ise.



“Fot does I want you for?” ars' eisean.
“you head of a fool!”



Cáit. Tuigim an sgeul go léir anois.
Níor ghabh Diarmán thar an ndorus ó shin
aco, agus níor lugha air saighdiúir dearg do
bhualadh uime ar an mbóthar 'ná aon-ne'
de'n bheirt, Siún ná a hathair.



Síle. Abair as Gaedhluing é, a Ghobnuit.



Gob. “Cad 'na thaobh ná pósann tú mise?”
ars' ise.



“Cad é an gnó bheidheadh agam díot-sa,
a phlaosg óinsighe?” ars' eisean.



Síle. Sin é. Tuigim anois é. Nach
gránda an chaint an Béarla sain. Ní
fheadar féin 'e'n tsaoghal cad é an dúil a
bhíonn ag daoinibh ann. Ní'l aco acht “Fot!
Fot! Fot!” mar bheidheadh cearc go mbeidheadh
diuc uirthi.



(leanfar de seo.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services