Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dornlach Filidheachta.
Title
Dornlach Filidheachta.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Mogh Nuadhad
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DORNLACH FILIDHEACHTA. Lá 'le Póil má fhoghnann grian go glan, Beidh grán go leór 's gach sórt 'sa mbliadhain go maith. Má's lán-tsioc mór ús feoitnidh dian ag teacht. Deir fáidh an sgeóil gur cóir do'n bhliadhain bheith tearc. Má's lán de cheó bhias mór-chnuic thiar 'us theas, Beidh Márs go treón 'us gleó aige i gcian 's i ngar Má's báisteach mhór um neóin 's an sliabh 'bheith glan, Beidh ár go leór, go ndeónaidh Dia dhó stad.
Deoch gan dram is lag an t-ól, dar línn, Acht deoch 'us dram 's a dteacht ar bórd do shíor; Ní deoch gan dram 's ní dram gan ól na dighe, Acht deoch 'us dram, is deas an t-ól an dís. Ní do na mnáibh glioca amháin bheirim fós grádh ná gnaoi; Aithne an bhiolair thar an bhféar, níor bheag liom de chéill ag mnaoi. STÁTA AN FHIR FHOLAIMH. Is dubhach brónach é státa an fhir fholaimh, Tá faoi amhgar agus faoi leath-trom an tsaoghail, Acht is measa go mór atá an cása Ag an té 'mbíonn an tinneas dhá chlaoidh. MARC Tá crostacht gan suaimhneas ag an gcéad- fhear, Ghá thabhairtin faoi chlampar no dlighe; Tá an fear eile faoi dhólás gan tsólás As é i riocht bheith tuirseach dhá saoghal. Saidhbhreas má láimhsighir go cóireamhail, Beidh tú 'do ghame mór ag an saoghal; Ag teampull, ag Aifreann, 's ag coisir Gheabha tú an chéad áit le suidhe. Tá an fear bocht faoi tharcaisne i gcomhnuidhe Faoi dhroch-mheas agus faoi dhólás dhá shníomh; Má 's aigeanta é, ní 'l ann acht ceólán, 'S má's foghlamtha é, bhí a chomhrádh gan bhrígh. Má bhíonn tú faoi leathtrom i n-aon-chor, Is gearr bheidheas meas ar do ghníomh, 'S má bheidhir ar do leabhaidh tinn tréith-lag, Beidh do ghaolta dhíot tuirseach gan mhoíll. Ní bhfuighidh tú fóirithint ó aon-fhear, 'Nuair thiocfas an bás dod' chlaoidh, Acht 'sé an sagart fhuasglóchas do ghéibheann Le branda agus séala an Spioraid Naoimh. Ó a Tighearna, bí grásamhail, 's ná tabhair dham Saidhbhreas ná bochtanacht choidhche, Acht tabhair dham slighe cheart le go riarfainn Lucht fiach atá 'triall chum mo thighe, Sgilling le caitheadh i n-am chóireamhail Thóigfeas an brón dem' chroidhe, Bheith sásta leis an stáid sin i gcomhnuidhe, 'S mo chuntas bheith i gcóir, (do) réir do dhlighe.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services