Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dornlach Filidheachta.

Title
Dornlach Filidheachta.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Mogh Nuadhad
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DORNLACH FILIDHEACHTA.



Lá 'le Póil má fhoghnann grian go glan,
Beidh grán go leór 's gach sórt 'sa
mbliadhain go maith.
Má's lán-tsioc mór ús feoitnidh dian ag
teacht.
Deir fáidh an sgeóil gur cóir do'n bhliadhain
bheith tearc.
Má's lán de cheó bhias mór-chnuic thiar 'us
theas,
Beidh Márs go treón 'us gleó aige i gcian
's i ngar
Má's báisteach mhór um neóin 's an sliabh
'bheith glan,
Beidh ár go leór, go ndeónaidh Dia dhó stad.


L. 45


Deoch gan dram is lag an t-ól, dar línn,
Acht deoch 'us dram 's a dteacht ar bórd do
shíor;
Ní deoch gan dram 's ní dram gan ól na
dighe,
Acht deoch 'us dram, is deas an t-ól an dís.



Ní do na mnáibh glioca amháin bheirim fós
grádh ná gnaoi;
Aithne an bhiolair thar an bhféar, níor bheag
liom de chéill ag mnaoi.



STÁTA AN FHIR FHOLAIMH.



Is dubhach brónach é státa an fhir fholaimh,
Tá faoi amhgar agus faoi leath-trom an
tsaoghail,
Acht is measa go mór atá an cása
Ag an té 'mbíonn an tinneas dhá chlaoidh.
MARC
Tá crostacht gan suaimhneas ag an gcéad-
fhear,
Ghá thabhairtin faoi chlampar no dlighe;
Tá an fear eile faoi dhólás gan tsólás
As é i riocht bheith tuirseach dhá saoghal.



Saidhbhreas má láimhsighir go cóireamhail,
Beidh tú 'do ghame mór ag an saoghal;
Ag teampull, ag Aifreann, 's ag coisir
Gheabha tú an chéad áit le suidhe.



Tá an fear bocht faoi tharcaisne i gcomhnuidhe
Faoi dhroch-mheas agus faoi dhólás dhá shníomh;
Má 's aigeanta é, ní 'l ann acht ceólán,
'S má's foghlamtha é, bhí a chomhrádh gan bhrígh.



Má bhíonn tú faoi leathtrom i n-aon-chor,
Is gearr bheidheas meas ar do ghníomh,
'S má bheidhir ar do leabhaidh tinn tréith-lag,
Beidh do ghaolta dhíot tuirseach gan mhoíll.



Ní bhfuighidh tú fóirithint ó aon-fhear,
'Nuair thiocfas an bás dod' chlaoidh,
Acht 'sé an sagart fhuasglóchas do ghéibheann
Le branda agus séala an Spioraid Naoimh.



Ó a Tighearna, bí grásamhail, 's ná tabhair
dham
Saidhbhreas ná bochtanacht choidhche,
Acht tabhair dham slighe cheart le go riarfainn
Lucht fiach atá 'triall chum mo thighe,



Sgilling le caitheadh i n-am chóireamhail
Thóigfeas an brón dem' chroidhe,
Bheith sásta leis an stáid sin i gcomhnuidhe,
'S mo chuntas bheith i gcóir, (do) réir do
dhlighe.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services