Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cath Cluana Tairbh. II.
Title
Cath Cluana Tairbh. II.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CATH CLUANA TAIRBH. II. Annsin do ghluais Murchadh agus Dúnlaing chumh an chatha, agus tárla Murchadh agus Conmhaol agus Carolus, dhá mhac ríogh Lochlann, d'á chéile 'san gcath, gur ghoineadar an dís é de gach leith. Goinis agus marbhais Murchadh iad-san,
agus do chuaidh fá 'n gcath 'na ruathar agus gabhais ag slaidhe agus ag gearradh fíor-laoch ar feadh an chomhlaoi, nó gur briseadh do na Lochlannchaibh chum a long. Adubhairt Dolat mar ríogh Fionn-Lochlannach, “Cia atá ag cothughadh an chatha orainn?” “Atá Murchadh mac Briain,” ar Easgal mac Godhfraidh. “Is cúis domh-sa,” ar Síothrach mac Éibhric, “nach é, acht an dá fhear dhéag úd atá ag coimeád an tobair i gCluain Tairbh dho. Óir an fad do gheabha Murchadh a sháith uisge le hól, is deacair a thraochadh.” Agus b' fhíor do Shíothrach soin. Óir an tan do ghabhadh teasbach é ó iomad na húr- shlaidhe agus na hiorghaile, do thigeadh gus an tiobraid agus d'ibheadh a sháith de'n uisge agus dar leat, is tar éis óil nó aoibhnis do bhíodh sé. Annsin do ghluais Dolat mac ríogh Inse h-Orc agus céad fear colgach mar aon leis, d' ionnsuighe an tobair, agus do thuiteadar an céad laoch soin leis na hógaibh do bhí ag coimeád an tobair, agus do thuiteadar soin leó-san. Agus ag teacht do Mhurchadh i gceann na tiobraide, is amhlaidh fuair é agus a íochtar i n-uachtar agus é líonta d' fhuil agus d'fholracht na laochraidhe, ionnus nár fheud deoch d'ól as. Agus ba dhoiligh mór lé Murchadh soin. Agus do connairc sé Síothrach mac Luadair i lár catha Dáil gCais, agus é dhá slaidhe agus dá n-orlach. Léimis Murchadh chuige agus tug aon bhéim do, gur sgoilt ar a dó é. Tógais Murchadh a cheann arís, agus do chon- nairc Aindriú mac Eíbhric ag treasgairt na laochraidhe. Agus is amhlaidh bhí Murchadh an uair sin agus a ladhracha agus a ghlaca sgoilte, iar ndorn-chloinn a chlaidhim do leaghadh ina chrobh; go nach raibh i gcumas dó iombualadh do dheunamh. Annsin adubhairt Murchadh, “Is cúis domh-sa gur mór do mheall mí-laochas Muimhneach orm indiu,” agus sínis a lámh chlí chum an Allmhuraigh agus crothais as a lúirigh amach agus treasgarais fá lár agus fá lán-talamh é. Tarraingis an t-Allmhurach scian Mhur- chadha, agus sáithis go sanntach uaidh suas i n-íochtar a chuirp ins an rígh-mhílidh í, gur thuit an cath-churadh ar an láthair sin, acht gur mhair go maidin agus gur chaith Corp Críost iar ndéanamh faoisidine. Agus do bhris an druim 'san ngaisgeadh de bhás an mhic sin ríogh Éireann. Ó chonnairc giolla Bhriain na catha ag dul trí n-a chéile, adubhairt le Brian dul ar each. “Ní rachad,” ar Brian, “óir ní beó rachad as an gcath so. Agus imthigh-se agus beir na heich leat. Agus déanaim-se mo thiomna le Dia, agus tiodhlaicim m' anam dó, agus mo chorp d' Árd Macha, agus mo bheannacht dom' mhac Donnchadh, agus tabhradh dá fhichid déag bó d' Árd Macha mar leagáid lem' anam. Imthigh reomhat go Sord Coluim Chille anocht, agus abair leis na manchaibh teacht i gcoinne mo chuirp i mbárach, agus tionnlaicfid sin mé go Lughmhagh. Tigeadh Maolmhuire mac Eochach, comharba Phádruig, agus muintear Árda Macha ar cheann mo chuirp-se gonuige sin.” “Daoine chugainn!” do ráidh an giolla. “Creud an sórt iad?” do ráidh Brian. “Daoine glasa lom-nochtuighthe,” ar an giolla. “Goill na Lúireach sin,” ar Brian, “agus ní do dhéanamh leasa dhúinn thagaid siad.” Agus ba drong de Lochlannaibh do bhí ann, agus iad ag teicheadh as an gcath, agus Bruadar 'na cheann feadhna orra. Do thug Bruadar aithne ar phubaill Bhriain agus d'fhill dá hionnsuighe, óir do chuimhnigh go mbeith Brian ina aonar ann. Annsin d'éirigh Brian de'n pheall do bhí faoi agus do ghlac a chloidheamh ina láimh, agus do chonnairc Bruadar go n-a bhuidhin chuige, agus ní raibh gan éideadh dhe acht a shúile agus a chosa. Tug Brian buille dho, gur threasgair an dá chois i n-éinfheacht de, agus ar dtuitim do'n Allmhurach, thárla a thuagh i gceann Bhriain, gur sgoilt go talamh é, go bhfuair bás ar an láthair sin. Tángadar muintir Shuird Choluim Chille
ar n-a bhárach agus rugadar corp Bhriain leó, agus corp Mhurchadha mhic Bhriain, agus ceann Chonaing mhic Dhonnchuain, go mainistir Shuird, as sin go Daimhliaig Chiaráin; agus do thionnlacadar sain go Lughmhagh iad. Tángadar muintir Árda Macha chuca annsain, agus rugadar leó na cuirp sin; agus do hadhlacadh i nÁrd Macha Brian mac Cinnéididh, árd-rí Éireann, i gcomhrain chloiche do'n taobh bha thuaidh de'n Teampull Mhór, agus corp Mhurchadha agus ceann Chonaing i gcomhrain eile do'n taobh bha dheas de'n Teampull. Dá oidhche dhéag dhóibh ag faire na gcorp agus ag léadhadh salm agus urnaighthe os a gcionn, go n-iomad iomann agus caintic ré a n-anam. Ceithre bliadhna déag agus míle (aois an Tighearna) gus an Aoine i n-ar marbhadh Brian Bóramha mac Cinnéididh, amhail atá an rann: Ceithre bliadhna déag, is deimhin, Agus míle gan meabhail Ó d'fhás Liaigh d'ár gcabhair Go bás Brian i mBreaghaibh. A ceathair déag is míle mór, — Nocha ar chlódh an chiall — Is é sin adeir an rann — Gur thuit ár na nGall ar Bhrian. Do bhíodar Fir Mhidhe ag fiarfaighe tuarasgbhála Catha Cluana Tairbh de Mhaoilseachlainn, agus isé adubhairt: “Ní furusa a thuarasgbháil do thabhairt,” ar sé, “acht muna dtigeadh aingeal ó neimh ag tabhairt a theasda nó a thuarasgbhála. Óir do chuireamar-ne gort treabhtha agus claidhe eadrainn agus iad, agus an ghaoth earraigh d' éirigh tharsa … ní fuide ná fad leath-uaire do bhíomar ann, an tan ná (nach) tabhradh neach againn aithne ar a chéile, dá mb' é a athair nó a chomhfhogus do bheith ann, munadh aithne ar a ghuth, nó a fhios do bheith aige roimhe sin gur bh' é sin ionad i n-a mbiadh, ar n-ár líonadh 'n-ar n-aghaidh agus 'n-ar bhfolt agus 'n-ar n-éadach de bhraonghail na fola fír-dheirge tug an ghaoth chugainn; agus bíodh gur eangnamh ba mhian linn-ne do dhéanamh, ní fhéadh- famaois, óir do ceangladh ar n-airm agus ar gcrannghoille ós ár gceannaibh de na foltaibh fiara fad-leabhaire, iar n-a dteasgadh dhíobh d' armaibh an chatha, gur mhór an duadh dhúinn bheith ag réidhteach ár n-arm agus ar gcrannghoille ó chéile; agus fós ba mó d'eangnamh dhúinn ná do'n lucht do bhí 'san gcath fulang a bhfeicsiona, gan dul ar foluamhain nó ar fáinnil; agus ro bhíodar ag cur an chatha ó thráth éirghe do'n ghréin go hiarnóin an laoi sin.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services