agus do chuaidh fá 'n gcath 'na ruathar agus gabhais
ag slaidhe agus ag gearradh fíor-laoch ar feadh
an chomhlaoi, nó gur briseadh do na
Lochlannchaibh chum a long. Adubhairt Dolat
mar ríogh Fionn-Lochlannach, “Cia atá ag
cothughadh an chatha orainn?”
“Atá Murchadh mac Briain,” ar Easgal
mac Godhfraidh.
“Is cúis domh-sa,” ar Síothrach mac Éibhric,
“nach é, acht an dá fhear dhéag úd atá ag
coimeád an tobair i gCluain Tairbh dho.
Óir an fad do gheabha Murchadh a sháith uisge
le hól, is deacair a thraochadh.”
Agus b' fhíor do Shíothrach soin. Óir an
tan do ghabhadh teasbach é ó iomad na húr-
shlaidhe agus na hiorghaile, do thigeadh gus an
tiobraid agus d'ibheadh a sháith de'n uisge agus
dar leat, is tar éis óil nó aoibhnis do bhíodh
sé.
Annsin do ghluais Dolat mac ríogh Inse
h-Orc agus céad fear colgach mar aon
leis, d' ionnsuighe an tobair, agus do thuiteadar
an céad laoch soin leis na hógaibh do bhí ag
coimeád an tobair, agus do thuiteadar soin
leó-san. Agus ag teacht do Mhurchadh i
gceann na tiobraide, is amhlaidh fuair é agus
a íochtar i n-uachtar agus é líonta d' fhuil agus
d'fholracht na laochraidhe, ionnus nár fheud
deoch d'ól as. Agus ba dhoiligh mór lé
Murchadh soin. Agus do connairc sé
Síothrach mac Luadair i lár catha Dáil
gCais, agus é dhá slaidhe agus dá n-orlach. Léimis
Murchadh chuige agus tug aon bhéim do, gur
sgoilt ar a dó é.
Tógais Murchadh a cheann arís, agus do chon-
nairc Aindriú mac Eíbhric ag treasgairt na
laochraidhe. Agus is amhlaidh bhí Murchadh an
uair sin agus a ladhracha agus a ghlaca sgoilte, iar
ndorn-chloinn a chlaidhim do leaghadh ina
chrobh; go nach raibh i gcumas dó iombualadh
do dheunamh. Annsin adubhairt Murchadh, “Is
cúis domh-sa gur mór do mheall mí-laochas
Muimhneach orm indiu,” agus sínis a lámh chlí
chum an Allmhuraigh agus crothais as a lúirigh
amach agus treasgarais fá lár agus fá lán-talamh
é. Tarraingis an t-Allmhurach scian Mhur-
chadha, agus sáithis go sanntach uaidh suas i
n-íochtar a chuirp ins an rígh-mhílidh í, gur
thuit an cath-churadh ar an láthair sin, acht gur
mhair go maidin agus gur chaith Corp Críost iar
ndéanamh faoisidine. Agus do bhris an
druim 'san ngaisgeadh de bhás an mhic sin
ríogh Éireann.
Ó chonnairc giolla Bhriain na catha ag
dul trí n-a chéile, adubhairt le Brian dul
ar each. “Ní rachad,” ar Brian, “óir ní
beó rachad as an gcath so. Agus imthigh-se
agus beir na heich leat. Agus déanaim-se mo
thiomna le Dia, agus tiodhlaicim m' anam dó, agus
mo chorp d' Árd Macha, agus mo bheannacht dom'
mhac Donnchadh, agus tabhradh dá fhichid déag bó
d' Árd Macha mar leagáid lem' anam.
Imthigh reomhat go Sord Coluim Chille anocht, agus
abair leis na manchaibh teacht i gcoinne mo
chuirp i mbárach, agus tionnlaicfid sin mé go
Lughmhagh. Tigeadh Maolmhuire mac Eochach,
comharba Phádruig, agus muintear Árda Macha
ar cheann mo chuirp-se gonuige sin.”
“Daoine chugainn!” do ráidh an giolla.
“Creud an sórt iad?” do ráidh Brian.
“Daoine glasa lom-nochtuighthe,” ar an
giolla.
“Goill na Lúireach sin,” ar Brian, “agus ní
do dhéanamh leasa dhúinn thagaid siad.”
Agus ba drong de Lochlannaibh do bhí
ann, agus iad ag teicheadh as an gcath, agus
Bruadar 'na cheann feadhna orra. Do thug
Bruadar aithne ar phubaill Bhriain agus d'fhill
dá hionnsuighe, óir do chuimhnigh go mbeith
Brian ina aonar ann.
Annsin d'éirigh Brian de'n pheall do bhí
faoi agus do ghlac a chloidheamh ina láimh, agus do
chonnairc Bruadar go n-a bhuidhin chuige, agus
ní raibh gan éideadh dhe acht a shúile agus a chosa.
Tug Brian buille dho, gur threasgair an dá
chois i n-éinfheacht de, agus ar dtuitim do'n
Allmhurach, thárla a thuagh i gceann Bhriain,
gur sgoilt go talamh é, go bhfuair bás ar
an láthair sin.
Tángadar muintir Shuird Choluim Chille
ar n-a bhárach agus rugadar corp Bhriain leó, agus
corp Mhurchadha mhic Bhriain, agus ceann
Chonaing mhic Dhonnchuain, go mainistir
Shuird, as sin go Daimhliaig Chiaráin; agus
do thionnlacadar sain go Lughmhagh iad.
Tángadar muintir Árda Macha chuca
annsain, agus rugadar leó na cuirp sin; agus
do hadhlacadh i nÁrd Macha Brian mac
Cinnéididh, árd-rí Éireann, i gcomhrain
chloiche do'n taobh bha thuaidh de'n Teampull
Mhór, agus corp Mhurchadha agus ceann Chonaing i
gcomhrain eile do'n taobh bha dheas de'n
Teampull. Dá oidhche dhéag dhóibh ag faire
na gcorp agus ag léadhadh salm agus urnaighthe os
a gcionn, go n-iomad iomann agus caintic ré a
n-anam.
Ceithre bliadhna déag agus míle (aois an
Tighearna) gus an Aoine i n-ar marbhadh
Brian Bóramha mac Cinnéididh, amhail atá
an rann:
Ceithre bliadhna déag, is deimhin,
Agus míle gan meabhail
Ó d'fhás Liaigh d'ár gcabhair
Go bás Brian i mBreaghaibh.
A ceathair déag is míle mór, —
Nocha ar chlódh an chiall —
Is é sin adeir an rann —
Gur thuit ár na nGall ar Bhrian.
Do bhíodar Fir Mhidhe ag fiarfaighe
tuarasgbhála Catha Cluana Tairbh de
Mhaoilseachlainn, agus isé adubhairt: “Ní
furusa a thuarasgbháil do thabhairt,” ar
sé, “acht muna dtigeadh aingeal ó neimh ag
tabhairt a theasda nó a thuarasgbhála. Óir
do chuireamar-ne gort treabhtha agus claidhe
eadrainn agus iad, agus an ghaoth earraigh d' éirigh
tharsa … ní fuide ná fad leath-uaire
do bhíomar ann, an tan ná (nach) tabhradh
neach againn aithne ar a chéile, dá mb' é a
athair nó a chomhfhogus do bheith ann, munadh
aithne ar a ghuth, nó a fhios do bheith aige roimhe
sin gur bh' é sin ionad i n-a mbiadh, ar n-ár
líonadh 'n-ar n-aghaidh agus 'n-ar bhfolt agus 'n-ar
n-éadach de bhraonghail na fola fír-dheirge
tug an ghaoth chugainn; agus bíodh gur eangnamh
ba mhian linn-ne do dhéanamh, ní fhéadh-
famaois, óir do ceangladh ar n-airm agus ar
gcrannghoille ós ár gceannaibh de na
foltaibh fiara fad-leabhaire, iar n-a
dteasgadh dhíobh d' armaibh an chatha, gur
mhór an duadh dhúinn bheith ag réidhteach ár
n-arm agus ar gcrannghoille ó chéile; agus fós
ba mó d'eangnamh dhúinn ná do'n lucht do
bhí 'san gcath fulang a bhfeicsiona, gan dul
ar foluamhain nó ar fáinnil; agus ro bhíodar
ag cur an chatha ó thráth éirghe do'n ghréin go
hiarnóin an laoi sin.”