Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Chuideachta Ghaodhalach.
Title
An Chuideachta Ghaodhalach.
Author(s)
O'Brien, P.,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN CHUIDEACHTA GHAODHALACH. Nuadh-Eabhrac, U.S.A. Mí na Bealtaine, 1896. Tá dhá “Chumann Gaedhilge” 'san gcathair seo, mar atá an Cumann Albanach agus an Cumann Eireannach, agus táid araon ag saothrughadh go duthrachtach ar son teangadh, ceoil agus litridheachta na nGaodhal. Mar is cóir, tá baill an dá chumann ro-cháirdeamhail le n-a chéile, agus chum an cháirdis sin do neartughadh agus do dhaingniughadh agus chum stuidéire do thabhairt ar thuil- leadh de na teanghnaibh Ceilteacha, cuireadh cumann nuadh .i. “An Chuideachta Ghaodhalach” ar bun beagán seachtmhain ó shoin. Is mar seo do tharla an chuideachta sin do chur ar bun: I Mí-mheadhoin an Fhóghmhair chuaidh tharainn go déidhionach, bhí sgríobhnóir na línteadh seo agus beirt nó triúr eile de bhallaibh Cumainn na Gaedhilge Eireannaigh i látháir, faoi chuireadh, ag cruin- niughadh mhíosamhail de Chumann na n-Albanach. Ann- sin ameasg a charad, do casadh orainn duine uasal d'árab ainm J. Dyneley Prince, atá 'na Ollamh ar theangthaibh na dtírtheadh thoir i n-Ardcholáisde Nuadh- Eabhraic. Tar éis seanachais a bheith againn air súd agus air so, dúbhairt an t-Ollamh gur budh ro-mhaith an nídh é dá dtiocfadh roinn de na hAlbanaighibh agus roinn de na hEireannaighibh i gceann a chéile go minic agus caint chiúin, shocair, cháirdeamhail do bheith aca ar phuincibh graiméir agus ar neithibh eile bhaineas le Gaedhilg an dá thír seo agus leis na craobhaibh eile de'n teangaidh Cheiltigh go coitcheann. De phór Bhreathnach is eadh an t-Ollamh, agus gheall sé go dtiubhradh sé seanchas dúinn ó am go h-am ar thean- gaidh a shinsear, ar theangaidh Inse Mhanann, ar thean- gaidh na gCoirniseach agus ar an tSeanscrit. D'aon- tuigh gach duine gur budh mhaith an smuaineadh é, agus mar sin de, ar feadh an gheimhridh thángamar i gceann a chéile oidhche ins gach mí i dtigh mór an Ollaimh Prince (agus aon osdóir níos feárr agus níos flaitheamhla 'ná é ní furus d'fhagháil). Ar gach oidhche teagmhála, do léigheadh a dó nó a trí de pháipeuraibh ar phuincibh do- thuigsiona na dteangthadh, agus annsin roimh dul a bhaile, caitheadh leath-uair nó fá'n tuairim sin ag seinm ceoil Ghaodhalaigh. Ar feadh an gheimhridh, ní rabhamar acht mar bheidheadh comharsain no cáirde ag deunamh cuarta ar a chéile, acht ag an gcruinniughadh déidhionach a bhí againn, chuireamar cumann riaghalta ar bun agus bhaisdeamhar air “An Chuideachta Ghaodhalach”. Toghadh an tOllamh Prince féin chum bheith 'na Uachdarán ar an “gCuideachtain,” agus toghadh fear óg, foghlumtha, d'arab ainm La Farge, a rugadh 'san tír seo ó thuis- mightheóraibh Franncacha, chum bheith 'na rúinchléireach. Ní féidir mórán oibre inntinnighe do chur ar aghaidh annso ar feadh an tsamhraidh, acht ar dteacht an fhogh- mhair seo chugainn tá súil againn, le congnamh Dé, go mbéidh sé i n-ar gcumhachta obair níos tábhachtaighe do dheunamh 'na do rinneamar ar feadh na bliadhna chuaidh tharainn go déidhionach. Nach breágh an sgeul é agus nach ro-mhaith an comhartha é an Breathnach, an Franncach, an tAlbanach agus an tEireannach d'fheicsin ag teagmháil le chéile mar bhráithribh chum a ndíchill do dheunamh ar son cúise na Gaedhilge. Go d-tugaidh Dia buaidh agus beannacht ar an obair mhaith! P.O'B
Is oil liom a rádh go bhfuaras sgéala ó'n mbuaiseach an bhás Bhriain Mhic Sheathfraidh, .i. an Midheach ó a bhfuair an Buaiseach an "Comhrádh idir an bás agus an Cláiríneach" do bhí fá chló insan Irisleabhar tá sealadh ó shoin ann. Fuair an Buaiseach litir ó chloinn Bhriain .i. ó n-a mhac, Tomás Mac Seathfraidh, agus ó n-a inghín, Brighid Ní Mhic Sheathfraidh, dá innsin dó go bhfuair a n-athair bás an treas lá déag de'n Aibreán. 'Nuair do chonnaic an Buaiseach Diardaoin roimhe sin é, ní raibh air acht slaghdán, agus ní dheárna sé gearán acht gan é bheith "i gcruth maith." Dar ndóigh, tig an bás gan choinne. Gaedheal geanamhail gleoite dob' eadh é, agus is iomdha "comhrádh beag deas" do rinneas-sa agus an buaiseach leis, agus is uaidh-sean do fuaramar an chuid ba mhó dár n-eolus ar Ghaedhilg na Midhe, agus sinn ag caint leis ar bhruach na Bóinne i n-aice Thighe Cholláin. Bhíos féin ag brath ar chuairt eile do thabhairt air faoi ghoirid, acht faraor níor "léig an bás an bogha uaidh," agus sin mise gan an chuairt sin do dhéanamh feasda. Trócaire Dé ar a anam! S.L.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services