Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Chuideachta Ghaodhalach.

Title
An Chuideachta Ghaodhalach.
Author(s)
O'Brien, P.,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN CHUIDEACHTA GHAODHALACH.



Nuadh-Eabhrac, U.S.A.



Mí na Bealtaine, 1896.



Tá dhá “Chumann Gaedhilge” 'san gcathair seo, mar
atá an Cumann Albanach agus an Cumann Eireannach,
agus táid araon ag saothrughadh go duthrachtach ar son
teangadh, ceoil agus litridheachta na nGaodhal. Mar
is cóir, tá baill an dá chumann ro-cháirdeamhail le n-a
chéile, agus chum an cháirdis sin do neartughadh agus do
dhaingniughadh agus chum stuidéire do thabhairt ar thuil-
leadh de na teanghnaibh Ceilteacha, cuireadh cumann
nuadh .i. “An Chuideachta Ghaodhalach” ar bun beagán
seachtmhain ó shoin. Is mar seo do tharla an chuideachta
sin do chur ar bun: I Mí-mheadhoin an Fhóghmhair chuaidh
tharainn go déidhionach, bhí sgríobhnóir na línteadh seo
agus beirt nó triúr eile de bhallaibh Cumainn na
Gaedhilge Eireannaigh i látháir, faoi chuireadh, ag cruin-
niughadh mhíosamhail de Chumann na n-Albanach. Ann-
sin ameasg a charad, do casadh orainn duine uasal
d'árab ainm J. Dyneley Prince, atá 'na Ollamh ar
theangthaibh na dtírtheadh thoir i n-Ardcholáisde Nuadh-
Eabhraic. Tar éis seanachais a bheith againn air súd
agus air so, dúbhairt an t-Ollamh gur budh ro-mhaith an
nídh é dá dtiocfadh roinn de na hAlbanaighibh agus
roinn de na hEireannaighibh i gceann a chéile go minic
agus caint chiúin, shocair, cháirdeamhail do bheith aca ar
phuincibh graiméir agus ar neithibh eile bhaineas le
Gaedhilg an dá thír seo agus leis na craobhaibh eile
de'n teangaidh Cheiltigh go coitcheann. De phór
Bhreathnach is eadh an t-Ollamh, agus gheall sé go
dtiubhradh sé seanchas dúinn ó am go h-am ar thean-
gaidh a shinsear, ar theangaidh Inse Mhanann, ar thean-
gaidh na gCoirniseach agus ar an tSeanscrit. D'aon-
tuigh gach duine gur budh mhaith an smuaineadh é, agus
mar sin de, ar feadh an gheimhridh thángamar i gceann
a chéile oidhche ins gach mí i dtigh mór an Ollaimh Prince
(agus aon osdóir níos feárr agus níos flaitheamhla
'ná é ní furus d'fhagháil). Ar gach oidhche teagmhála, do
léigheadh a dó nó a trí de pháipeuraibh ar phuincibh do-
thuigsiona na dteangthadh, agus annsin roimh dul a
bhaile, caitheadh leath-uair nó fá'n tuairim sin ag seinm
ceoil Ghaodhalaigh. Ar feadh an gheimhridh, ní rabhamar
acht mar bheidheadh comharsain no cáirde ag deunamh
cuarta ar a chéile, acht ag an gcruinniughadh déidhionach a
bhí againn, chuireamar cumann riaghalta ar bun agus
bhaisdeamhar air “An Chuideachta Ghaodhalach”. Toghadh
an tOllamh Prince féin chum bheith 'na Uachdarán ar an
“gCuideachtain,” agus toghadh fear óg, foghlumtha,
d'arab ainm La Farge, a rugadh 'san tír seo ó thuis-
mightheóraibh Franncacha, chum bheith 'na rúinchléireach.
Ní féidir mórán oibre inntinnighe do chur ar aghaidh
annso ar feadh an tsamhraidh, acht ar dteacht an fhogh-
mhair seo chugainn tá súil againn, le congnamh Dé, go
mbéidh sé i n-ar gcumhachta obair níos tábhachtaighe do
dheunamh 'na do rinneamar ar feadh na bliadhna chuaidh
tharainn go déidhionach.



Nach breágh an sgeul é agus nach ro-mhaith an comhartha
é an Breathnach, an Franncach, an tAlbanach agus an
tEireannach d'fheicsin ag teagmháil le chéile mar
bhráithribh chum a ndíchill do dheunamh ar son cúise na
Gaedhilge. Go d-tugaidh Dia buaidh agus beannacht
ar an obair mhaith!



P.O'B


L. 32


Is oil liom a rádh go bhfuaras sgéala ó'n mbuaiseach
an bhás Bhriain Mhic Sheathfraidh, .i. an Midheach ó a
bhfuair an Buaiseach an "Comhrádh idir an bás agus an
Cláiríneach" do bhí fá chló insan Irisleabhar tá sealadh
ó shoin ann. Fuair an Buaiseach litir ó chloinn Bhriain
.i. ó n-a mhac, Tomás Mac Seathfraidh, agus ó n-a inghín,
Brighid Ní Mhic Sheathfraidh, dá innsin dó go bhfuair a
n-athair bás an treas lá déag de'n Aibreán. 'Nuair
do chonnaic an Buaiseach Diardaoin roimhe sin é, ní raibh
air acht slaghdán, agus ní dheárna sé gearán acht gan é
bheith "i gcruth maith." Dar ndóigh, tig an bás gan
choinne. Gaedheal geanamhail gleoite dob' eadh é, agus is
iomdha "comhrádh beag deas" do rinneas-sa agus an
buaiseach leis, agus is uaidh-sean do fuaramar an chuid
ba mhó dár n-eolus ar Ghaedhilg na Midhe, agus sinn ag
caint leis ar bhruach na Bóinne i n-aice Thighe Cholláin.
Bhíos féin ag brath ar chuairt eile do thabhairt air faoi
ghoirid, acht faraor níor "léig an bás an bogha uaidh,"
agus sin mise gan an chuairt sin do dhéanamh feasda.
Trócaire Dé ar a anam! S.L.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services