Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Loch Dearg i mBeul an Atha Mhoir.
Title
Loch Dearg i mBeul an Atha Mhoir.
Author(s)
Breathnach, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LOCH DEARG I MBEUL AN ATHA MHOIR. Peadar Breathnach ro-chan. I. “Ní stadfaidh mé i mbárach go mbídh mé ag an Phápa, Go bhfeicidh mé an cás sin (d') achtudh 'san Róimh, An dtug siad na grása do Bhrian is do Mháire Loch Dearg 'fhagháil áthruighthe go Beul an Atha Mhóir, Má theidheann tusa an áird sin, ní dadaidh níos táire Ná braitlín mar mhála ghníos tusa fá'n lón, Agus luach an cháltára(?) cha ndíolfadh sé an bád, Agus (tributes) nach n-áirmhim cha ndíolfadh do scór. II. “Ag dul do'n áirimh, (agus is ní é atá indeánta, 'S ní féidir a dheánadh gan sgoláire 's léigheann) Bhí Siubhán is Máire ann, Sorcha agus Gráinne, Agus Nansaidh mar phápa 'tabhairt freasdail do'n chléir. Bhí an Prior ar láimh leó, Doiminic O Dálaigh, Is má fuair sé na grása, níor thaisbean sé fair; An peacadh ba táire, cha dtógfadh sé a lámh leis, Go ndéarfá ar feadh ráithe cúig deichneabhair deugh.” III. “Bhí daoine dhá rádh nachar eugcóir do'n Dálach (D)a gcuirfeadh 'san lá orra cúig deichneabhair deug, — (D)a míneochthaidhe an cás dó, 's gach claon riamh (d)a ndeárnsad, Bheidheadh tuilleadh 'na gcárda nár mhaiseach le léigheadh. An té nach rabh áird aige ar chreideamh ná ar náisiún Is nach bhfacas le ráithe 'rádh Paidre ná Cré, Muna bhfaghaidh siad na grása agus géilleamhaint do'n áithe, Is é baramhail a láin go bhfuil siad ar strae.”
IV. “Ní chreidfinn síol Eubha gur ní é atá indeánta Bheith ag cruinniudh na bpárti ar thaobh bealaigh mhóir Gan sconnsa gan bhábhún gan séipeal gan sgálán Acht 'na suidhe ar an bhláir ann mar shráideoig fhéil' Eoin. Refracture(?) na háite 'tabhairt sgannail d'ar náisiún, Ag tógáil pléireác' orra maidin is nóin; Níor orduigh an Pápa é, 's ní'l dlighe le n-a dheánadh, Is ní chreidfinn-se Máire dá spalpad sí an leobhar.” V. “Is fada mé dhá rádh leat go gcuirfinn ort náire, Muna stadfá ded' ráiflidh 's ded' amuidigh ceoil; Ní stopfainn a rádh leat go racthá 'un teampuill Gomh luath leis an áithe, dá mbeidheadh sé id' chomhair. Dá ndearcthá ar gach gábhadh a raibh tú le ráithe ann, Stadfá ded' ráiflidh 's ded' amuidigh ceoil; Is má fuair siad na grása le a n-anmannaibh 'shábháil, Dropáil an cás. Ní'l baint againn dó.” VI. “Chreidfinn-se Máire gomh luath leis an Phápa Níor lean sí de bhreuga' ná dadaidh de'n tsórt 'S dá mbeitheá 'fagháil pádha mar Dhoiminic is Phádruig, Ní feicfidhe go bráth thu ag dul 'un na Rómh'.” GLUAIS. 1. Loch Dearg .i. áit i bhfuil "Purgadóir Phádruig:" dá chur i gcéill go raibh oiread daoine ag dul an turus so agus do bheidheadh ag dul ar oilithreacht go Loch Dearg. Arid - 'walk' ata 'san sgríbhinn. Ní dadaidh agus c. .i. ní haon rud níos lugha 'ná braitlín atá uait chum do lóin do bhreith leat. 2. Aireamh .i. comhdháil. Deichneabhar .i deich gclocha de'n Phaidrín. Cúid d. deug an Paidrín ar fad. 3. Cárda, - mar go mbei- dheadh cárda ag gach duine agus a pheacaidhe sgríobhtha air. An áithe .i. ainm na háite ina rabhthas ag seanmóir? 4. Sgonnsa .i. claidhe cloch. Bábhún .i. buaile bhó. Sgálán .i bothán. Blár .i. machaire. Sráideog .i. patrún? Spalpadh .i. pógadh. 5. Ráiflidh nó ráfla .i. gleo agus gártha. Amuideach (?) ceoil .i. amadacht chainte, caint gan céill. Gomh .i. comh. Teampull .i. protestúnach. Seo a bhfuil d'fhoclaibh Gallda 'san abhrán; walk, prior, fair, party, refracture (?). drop-áil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services