Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Loch Dearg i mBeul an Atha Mhoir.

Title
Loch Dearg i mBeul an Atha Mhoir.
Author(s)
Breathnach, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

LOCH DEARG I MBEUL AN ATHA MHOIR.
Peadar Breathnach ro-chan.



I.



“Ní stadfaidh mé i mbárach go mbídh mé ag an Phápa,
Go bhfeicidh mé an cás sin (d') achtudh 'san Róimh,
An dtug siad na grása do Bhrian is do Mháire
Loch Dearg 'fhagháil áthruighthe go Beul an Atha
Mhóir,
Má theidheann tusa an áird sin, ní dadaidh níos táire
Ná braitlín mar mhála ghníos tusa fá'n lón,
Agus luach an cháltára(?) cha ndíolfadh sé an bád,
Agus (tributes) nach n-áirmhim cha ndíolfadh do scór.



II.



“Ag dul do'n áirimh, (agus is ní é atá indeánta,
'S ní féidir a dheánadh gan sgoláire 's léigheann)
Bhí Siubhán is Máire ann, Sorcha agus Gráinne,
Agus Nansaidh mar phápa 'tabhairt freasdail do'n
chléir.
Bhí an Prior ar láimh leó, Doiminic O Dálaigh,
Is má fuair sé na grása, níor thaisbean sé fair;
An peacadh ba táire, cha dtógfadh sé a lámh leis,
Go ndéarfá ar feadh ráithe cúig deichneabhair deugh.”



III.



“Bhí daoine dhá rádh nachar eugcóir do'n Dálach
(D)a gcuirfeadh 'san lá orra cúig deichneabhair
deug, —
(D)a míneochthaidhe an cás dó, 's gach claon riamh (d)a
ndeárnsad,
Bheidheadh tuilleadh 'na gcárda nár mhaiseach le
léigheadh.
An té nach rabh áird aige ar chreideamh ná ar náisiún
Is nach bhfacas le ráithe 'rádh Paidre ná Cré,
Muna bhfaghaidh siad na grása agus géilleamhaint do'n
áithe,
Is é baramhail a láin go bhfuil siad ar strae.”


L. 14


IV.



“Ní chreidfinn síol Eubha gur ní é atá indeánta
Bheith ag cruinniudh na bpárti ar thaobh bealaigh
mhóir
Gan sconnsa gan bhábhún gan séipeal gan sgálán
Acht 'na suidhe ar an bhláir ann mar shráideoig
fhéil' Eoin.
Refracture(?) na háite 'tabhairt sgannail d'ar
náisiún,
Ag tógáil pléireác' orra maidin is nóin;
Níor orduigh an Pápa é, 's ní'l dlighe le n-a dheánadh,
Is ní chreidfinn-se Máire dá spalpad sí an
leobhar.”



V.



“Is fada mé dhá rádh leat go gcuirfinn ort náire,
Muna stadfá ded' ráiflidh 's ded' amuidigh ceoil;
Ní stopfainn a rádh leat go racthá 'un teampuill
Gomh luath leis an áithe, dá mbeidheadh sé id' chomhair.
Dá ndearcthá ar gach gábhadh a raibh tú le ráithe ann,
Stadfá ded' ráiflidh 's ded' amuidigh ceoil;
Is má fuair siad na grása le a n-anmannaibh 'shábháil,
Dropáil an cás. Ní'l baint againn dó.”



VI.



“Chreidfinn-se Máire gomh luath leis an Phápa
Níor lean sí de bhreuga' ná dadaidh de'n tsórt
'S dá mbeitheá 'fagháil pádha mar Dhoiminic is
Phádruig,
Ní feicfidhe go bráth thu ag dul 'un na Rómh'.”



GLUAIS.



1. Loch Dearg .i. áit i bhfuil "Purgadóir Phádruig:"
dá chur i gcéill go raibh oiread daoine ag dul an
turus so agus do bheidheadh ag dul ar oilithreacht go Loch
Dearg. Arid - 'walk' ata 'san sgríbhinn. Ní dadaidh
agus c. .i. ní haon rud níos lugha 'ná braitlín atá uait
chum do lóin do bhreith leat. 2. Aireamh .i. comhdháil.
Deichneabhar .i deich gclocha de'n Phaidrín. Cúid d.
deug an Paidrín ar fad. 3. Cárda, - mar go mbei-
dheadh cárda ag gach duine agus a pheacaidhe sgríobhtha air.
An áithe .i. ainm na háite ina rabhthas ag seanmóir?
4. Sgonnsa .i. claidhe cloch. Bábhún .i. buaile bhó.
Sgálán .i bothán. Blár .i. machaire. Sráideog .i.
patrún? Spalpadh .i. pógadh. 5. Ráiflidh nó ráfla
.i. gleo agus gártha. Amuideach (?) ceoil .i. amadacht
chainte, caint gan céill. Gomh .i. comh. Teampull .i.
protestúnach. Seo a bhfuil d'fhoclaibh Gallda 'san
abhrán; walk, prior, fair, party, refracture (?). drop-áil.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services