Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Connradh na Gaedhilge i gCorcaigh.
Title
Connradh na Gaedhilge i gCorcaigh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Connradh na Gaedhilge i gCorcaigh. Oidhche ann fuaramar tuairisg go mbeidheadh an “Craoibhín Aoibhinn” i n-ar measg ar a hocht do chlog, agus do cruinnigheadh an meud againn fuair an tuairisg sin i Seomraibh na bhFear nÓg 'na dháil. Tháinig sé chugainn agus Diarmuid mac Murchudha i n-aoinfheacht leis. Tar éis fáilte d'fhearadh roimhe dhúinn gus thar éis móráin cainte caoimhe do bheith againn leis do riaruigheamar ar chomhdháil áirithe do bheith againn oidhche Dia hAoine a cúig ar fhichid de'n mhí, agus dá réir sin bhí sgoriudheacht mhór againn i n-a fhochair. Do bhí Diarmuid Mac Murchudha 'na chathaoireach againn. Tadhg Ua Murchudha do thosnuigh imtheachta na hoidhche le dán Gadhilge ag filidh Gaedhealach i nAimeiriocá ag teacht thar na Hídeach Aoibhinn. Annsain do bhí beart cleasuidheachta dá dheunamh ag Conchobhar Ua Crimín. Rinne sé aithris ar chaptaoin de'n ghasraidh Ghaedhealaigh sin do bhí 'san bhFrainc agus i n-áitibh eile 'san Eóruip ag troid i n-aghaidh Gall iar mbriseadh Luimnigh. Do ghabh Pádraig Stúndún amhrán d'ár chum “Failbhe Fionn” — Tadhg Mac Coitir a ainm ó cheart, agus do clóbhualadh cuid d'á amhránaibh 'san “Eireannach“ agus 'san “Seamróig” timcheall deich mbliadhan fichead ó shoin. Fuair an t-óganach bochd bás sul ar éirigh leis an gcúis dá dtug sé a aire agus a ghrádh. Rugadh é i n-aice “Chuocáinín aoraigh na Biolairidhe” agus do chomhnuigh tréimhse i gCorcaigh. Annso fuair sé bás. Do léigh mac mic an Stúndúnaigh sgeul as an “Sgeuluidhe Gaedhealach.” Fuair an garsún so príomh-dhuais na haicme ar a raibh sé 'san “Sgrúdughadh Meadhónach” i mbliadhna mar ghioll ar fheabhas a Ghaedhilge. Bhí tuilleadh dá shamhail sin ar siubhal againn. D'éirigh na Hídeach agus dubhairt gur thaithin leis go mór an spreuch agus an spioraid do chonnaic sé ionnainn. Oidhche Dia Ceudaoin, a deich fichead de mhí Shamhna, thug Dubhghlas de híde a leictiúir uaidh, ag trácht ar “Dí-Shacsanughadh na nGaedheal.” Do thosnuigh as Gaedhilg, agus do thaithin a chomhrádh linn go mór. Do bhí comhdháil mhór daoine ann agus do bhíodar go léir gabhtha le módh labhartha agus le glain-chéill an leictiuiridhe. Do bhí ar n-obair ghnáthach ar siubhal againn gach oidhche eile, .i. teagasg Gaedhilge agus sgoruidheacht. Do b'é meud a dtáinig ann ag foghluim Ghaedhilge gur chaitheamar buidhean an Mhonachánaigh do roinn ar dhó, agus buidhean aca do chur dá dteagasg ag Osborn Ua hAimhirgin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services