Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Connradh na Gaedhilge i gCorcaigh.

Title
Connradh na Gaedhilge i gCorcaigh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Connradh na Gaedhilge i gCorcaigh.



Oidhche ann fuaramar tuairisg go mbeidheadh an
“Craoibhín Aoibhinn” i n-ar measg ar a hocht do chlog,
agus do cruinnigheadh an meud againn fuair an tuairisg
sin i Seomraibh na bhFear nÓg 'na dháil. Tháinig sé
chugainn agus Diarmuid mac Murchudha i n-aoinfheacht leis.
Tar éis fáilte d'fhearadh roimhe dhúinn gus thar éis
móráin cainte caoimhe do bheith againn leis do
riaruigheamar ar chomhdháil áirithe do bheith againn
oidhche Dia hAoine a cúig ar fhichid de'n mhí, agus dá réir
sin bhí sgoriudheacht mhór againn i n-a fhochair. Do bhí
Diarmuid Mac Murchudha 'na chathaoireach againn.
Tadhg Ua Murchudha do thosnuigh imtheachta na hoidhche
le dán Gadhilge ag filidh Gaedhealach i nAimeiriocá
ag teacht thar na Hídeach Aoibhinn. Annsain do bhí
beart cleasuidheachta dá dheunamh ag Conchobhar Ua
Crimín. Rinne sé aithris ar chaptaoin de'n ghasraidh
Ghaedhealaigh sin do bhí 'san bhFrainc agus i n-áitibh eile
'san Eóruip ag troid i n-aghaidh Gall iar mbriseadh
Luimnigh. Do ghabh Pádraig Stúndún amhrán d'ár chum
“Failbhe Fionn” — Tadhg Mac Coitir a ainm ó cheart,
agus do clóbhualadh cuid d'á amhránaibh 'san “Eireannach“
agus 'san “Seamróig” timcheall deich mbliadhan fichead
ó shoin. Fuair an t-óganach bochd bás sul ar éirigh
leis an gcúis dá dtug sé a aire agus a ghrádh. Rugadh é
i n-aice “Chuocáinín aoraigh na Biolairidhe” agus do
chomhnuigh tréimhse i gCorcaigh. Annso fuair sé bás.
Do léigh mac mic an Stúndúnaigh sgeul as an
“Sgeuluidhe Gaedhealach.” Fuair an garsún so
príomh-dhuais na haicme ar a raibh sé 'san
“Sgrúdughadh Meadhónach” i mbliadhna mar ghioll ar
fheabhas a Ghaedhilge. Bhí tuilleadh dá shamhail sin
ar siubhal againn. D'éirigh na Hídeach agus dubhairt gur
thaithin leis go mór an spreuch agus an spioraid do chonnaic
sé ionnainn.



Oidhche Dia Ceudaoin, a deich fichead de mhí Shamhna,
thug Dubhghlas de híde a leictiúir uaidh, ag trácht ar
“Dí-Shacsanughadh na nGaedheal.” Do thosnuigh as
Gaedhilg, agus do thaithin a chomhrádh linn go mór. Do bhí
comhdháil mhór daoine ann agus do bhíodar go léir gabhtha
le módh labhartha agus le glain-chéill an leictiuiridhe.



Do bhí ar n-obair ghnáthach ar siubhal againn gach
oidhche eile, .i. teagasg Gaedhilge agus sgoruidheacht. Do
b'é meud a dtáinig ann ag foghluim Ghaedhilge
gur chaitheamar buidhean an Mhonachánaigh do roinn
ar dhó, agus buidhean aca do chur dá dteagasg ag Osborn
Ua hAimhirgin.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services