Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Easy Lessons in Irish. (Continued.)
Title
Easy Lessons in Irish. (Continued.)
Author(s)
Ó Gramhnaigh, Eoghan - O'Gramhna, Eoghan,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EASY LESSONS IN IRISH. EXERCISE CXI.- (Continued). 650. An leat an capall úd? Ní liom é, is le Domhnall O'Connaill é. Nach leis an láir so? Ní leis; is le Nóra an láir agus an t-uan. Atá caora ag Úna, acht ní léithi an chaora so. Is leis an bhfear sin an leabhar so atá agam anois. Ní linn an áít so, is le Brighid agus lé n-a fear í. Ceannuigh uaim an t-asal so, is liom é. Ca mheud atá air? Is beag an teach é sin. Is beag, is le Nóra é. Feuch Aodh agus Eoghan, an leo an áit so? Ní leo, is linn é. Ní'l áit ná teach agam anois, bhí áit dheas agaus teach breagh agam fad ó, agus bhí caoi mhaith orm, acht anois atáim bocht. EXERCISE CXVII. 651. Cia leis … As cia leis an áit? Cia leis an páisde sin? 652. Féin mé féin, tú féin, sé féin; liom féin, leat féin, etc. 652. mo thír féin, do bhean féin, a cheann féin, a súil féin ar dteach féin bhur n-áit féin a bpáisde féin 654. Is maith an tsúil atá ag an bhfear sin. Is folláin an áit í so. Is linn féin ar dtír féin. Nach libh féin bhur dtír féin? Is línn, go deimhin; acht ní'l teach ná tír againn anois, atámuid ar seachrán ó n-ar dtír féin. Bhí sinn saidhbhir fad ó, acht atámuid bocht anois. Cá raibh Domhnall indé? Bhí sé ar an aonach. Cia an t-aonach? Aonach Bhaile an Átha. An raibh capall aige? Bhí, agus thug sé capall eile a bhaile leis, acht ní leis féin an capall sin. Chuaidh Art a bhaile indiu.
EXERCISE CXIII. 656. In sentences like is fear maith é, is maith an fear é, the is is often omitted in short exclamations, as maith an fear = (is maith an fear tú) maith an buachaill maith an cailín. fear maith é sin. bean mhaith í súd! 658. An bhfaca tú é? Ní fhaca mé í. An bhfaca tú an stól? An bhfuair sé an mhin? Fuair sé ins an móla í, Chonnaic sé síos ar an mbóthar iad. 659. An bhfuil aithne agat ar an bhfear so? Atá aithna mhaith agam air, chonnaic mé é indé. An bhfuil an sgilling sin agat? Ní'l, thug mé do Dhiarmuid í. An bhfuilmid saidhbhir? Ni'l a fhios agam, is linn an áit so, an teach, an talamh, an capall so, an t-asal beag sin, agus an bhó úd shuas ar an gcnoc. Cá bhfuil an bhó? Ní fhaca mé í ó mhaidin. Feuch í! shuas ag an tobar, atá sí ag ól an uisge. An bhfuil Diarmuid astigh? Feuch é féin 'na shuidhe ins an gcathaoir. Nach maith an páisde é, bail ó Dhia air? EXERCISE CXVIV. 661. is liom an leabhar sin 662. is le Cormac an capall Is maith liom an áit sin Ní maith liom sin. An maith leat dul a bhaile nach maith libh an t-iasg so? 663. So is fear leo uisge ioná bainne.
664. Is fearr liom fíon iná bainne. Is fearr dom fíon ioná bainne Nach fearr duit é? Nach fearr leat é? Cia fearr leat, laoidh nó sgeul? Ioná, than is usually shortened to ná. 666. We never say fear sean, beann droch, áit dheagh, but seanfhear, droch-bhean, deagh-áit, or fear aosta, bean olc, áit mhaith. 668. Tabhair dhom an sean-tuirne sin agus an olann. Nach fearr leat an túirne nuadh? Ní fear, is fearr liom an sean- túirne. Ní droch-thúirne é so An fearr leat an talamh ná an t-airgead? Ní fhuair Tomás an capall maith, fuair sé an droch-chapall. Is maith le Nóra an fheoil úr, is fearr linne an fheoil ghuirt. Is fearr leo arán ná feoil. Ní fearr leis an gcapall feur ná coirce. Nach fearr do Niall an t-uisge so; is fearr leis an fíon láidir. An maith leat an fíon so? fuair mé uait feiné. Is maith liom é, go deimhin; acht is fearr do an bainne. Cia fearr leat bád nó long? Is fearr liom bad beag. Ní maith dhuit an aimsir fhuar so, a Dhiarmuid, acht is maith leat í. CXV. 670. Instead of bhí mé, bhí tú, &c., the older and proper forms are - 1. do bhidheas 2. do bhidhis 3. do bhí(sé,sí) 1. do bhidheamar, 2. do bhídheabhar 3. do bhiadheadar 671. And in the same way, instead of ní raibh mé, &c. an/ní/nach/go 1. rabhas 2. rabhais 3 raibh 1. rabhamar 2. rabhabhar 3. rabhadar 672. an rabhais ar an aonach? Do bhidheas An raibh Art agus Cormac leat? Ní rabhadar.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services