Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tuireamh Ó Chondae an Chabháin
Title
Tuireamh Ó Chondae an Chabháin
Author(s)
Mac Comhghaill, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Mórdha, Séamus
Composition Date
1825
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1958)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Dán. Tá an tírsi go dubhach is ní hiongnadh dhi é Re hingreim 'tá dhá déanamh an fhíor-phobal Dé Ag aicmí dána gan ghrásta 'tá tréigbheáil do'n tslí Atá ag treorú re deallramh go Parrathas an Ríogh. Theagmhuigh an bás do'n Athair Pádraig re géirleanmhaint fhír, Fear a b'áille de Raghailligh nár shanntuigh saidhbhris a' tsaoil, Lámh a' réitigh le daonacht, ag bochtaibh ris dá riar, 'Chuir i bhFéim Mhaigh ? gach aon ní i nonóir is don Triar. Teacht abhaile ó'n gCabhán bhí náimhde 'na suí Tionscnamh feille fá'n am sin chuir luigheachán ar a shlí, Mar fhaolchoin chíochrach' re fíoch tré fholladas do'n uan d'fhág siad sínte 'na luí é go nuige Lá an Luain. An taidbhirseoir ró ghrána thuit ó Fhlaitheas na Naomh Air sic treoruíonn iad san tráth sin a ndearn siad an ngníomh; Tá sé gárdach ó tharla go bhfuair sé leo a mhian Dá gcómhaireamh gan amhras ar lucht 'tá in a líon.
Bhí lucht canta na bhFlaitheas, na haingle is na naoimh, Sinim abhráin ris fá'n am sin chuaidh a anam féin dá dtaoibh, Tráth d'eág sé i n-uaigneas ar tuighe fá'n chreideamh atá fíor Ris an dream sin gan cheansacht atá ag Lucifer mar mhaor ? Níorbh iongnadh liom a thréad 'san dá mbéadh dá chaoi go buan Ag síorghol fós gan traothadh; dá éagmais sinn i mbrón. Is a ghaolta gach aon díobh bheith in a dtulcaí chaoi Re doilíos ghéar na dhiaidh san ó síneadh é san uaigh. Re teacht an lae dhéidhinnigh, tráth thiocfas Rí na nDúl, Beidh eclipse ar na spéarthaí is na Flaithis uile ar siúl sic, Is an chruinne comhbhuaidheartha re huathbhás an chirt fhír Re níocfar le gach éinne 'réir a oibre ar an tsaol. Beidh lucht feallbheart san am sin ag sileadh uaibh na ndeor, Is gan aon eile shantuíos dul a 'tslí nach bhfuil cóir. An Breitheamh fíorcheart 'néis suí ag cur druing 'ar gach láimh Bhéarfaidh cuntas an mhuintir 'mharbh an seanamhóntaí sámh.
Tá an chríochaon si faoi dhaoirse timcheall trí chéad anall, Níl cothrom ceart re fáil dúinn ó'n mbuaidh ag Clann na nGall; Guidhmuid Dia feartach do ghnáth re headarghuí na naomh Gach ábhar corraighil a atharú chum síothchána do'n tsaol. Ocht gcéad déag is 'na dhiaidh leath caogaid ós a chionn, Uadh teacht an Té úd do céasadh 'tá ríghtheamh ós ár gcionn, Leagadh síos an sagart dílis seo i gcómhra insan úir, d'fhág na daoiní ag caoi-ghol is ag trom-sileadh súl.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services