Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tuireamh Ó Chondae an Chabháin

Title
Tuireamh Ó Chondae an Chabháin
Author(s)
Mac Comhghaill, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Mórdha, Séamus
Composition Date
1825
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1958)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Dán.



Tá an tírsi go dubhach is ní hiongnadh dhi é
Re hingreim 'tá dhá déanamh an fhíor-phobal Dé
Ag aicmí dána gan ghrásta 'tá tréigbheáil do'n tslí
Atá ag treorú re deallramh go Parrathas an Ríogh.



Theagmhuigh an bás do'n Athair Pádraig re géirleanmhaint fhír,
Fear a b'áille de Raghailligh nár shanntuigh saidhbhris a' tsaoil,
Lámh a' réitigh le daonacht, ag bochtaibh ris dá riar,
'Chuir i bhFéim Mhaigh ? gach aon ní i nonóir is don Triar.



Teacht abhaile ó'n gCabhán bhí náimhde 'na suí
Tionscnamh feille fá'n am sin chuir luigheachán ar a shlí,
Mar fhaolchoin chíochrach' re fíoch tré fholladas do'n uan
d'fhág siad sínte 'na luí é go nuige Lá an Luain.



An taidbhirseoir ró ghrána thuit ó Fhlaitheas na Naomh
Air sic treoruíonn iad san tráth sin a ndearn siad an ngníomh;
Tá sé gárdach ó tharla go bhfuair sé leo a mhian
Dá gcómhaireamh gan amhras ar lucht 'tá in a líon.


L. 275


Bhí lucht canta na bhFlaitheas, na haingle is na naoimh,
Sinim abhráin ris fá'n am sin chuaidh a anam féin dá dtaoibh,
Tráth d'eág sé i n-uaigneas ar tuighe fá'n chreideamh atá fíor
Ris an dream sin gan cheansacht atá ag Lucifer mar mhaor ?



Níorbh iongnadh liom a thréad 'san dá mbéadh dá chaoi go buan
Ag síorghol fós gan traothadh; dá éagmais sinn i mbrón.
Is a ghaolta gach aon díobh bheith in a dtulcaí chaoi
Re doilíos ghéar na dhiaidh san ó síneadh é san uaigh.



Re teacht an lae dhéidhinnigh, tráth thiocfas Rí na nDúl,
Beidh eclipse ar na spéarthaí is na Flaithis uile ar siúl sic,
Is an chruinne comhbhuaidheartha re huathbhás an chirt fhír
Re níocfar le gach éinne 'réir a oibre ar an tsaol.



Beidh lucht feallbheart san am sin ag sileadh uaibh na ndeor,
Is gan aon eile shantuíos dul a 'tslí nach bhfuil cóir.
An Breitheamh fíorcheart 'néis suí ag cur druing 'ar gach láimh
Bhéarfaidh cuntas an mhuintir 'mharbh an seanamhóntaí sámh.


L. 276


Tá an chríochaon si faoi dhaoirse timcheall trí chéad anall,
Níl cothrom ceart re fáil dúinn ó'n mbuaidh ag Clann na nGall;
Guidhmuid Dia feartach do ghnáth re headarghuí na naomh
Gach ábhar corraighil a atharú chum síothchána do'n tsaol.



Ocht gcéad déag is 'na dhiaidh leath caogaid ós a chionn,
Uadh teacht an Té úd do céasadh 'tá ríghtheamh ós ár gcionn,
Leagadh síos an sagart dílis seo i gcómhra insan úir,
d'fhág na daoiní ag caoi-ghol is ag trom-sileadh súl.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services