Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Céim an Fhéidh.
Title
Céim an Fhéidh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
O hEachthigheirn, Séamus
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Céim an Fhéidh. Maire Bhuidhe ro-chan. Cois abhann gleanna an Chéime i nUíbh Laoghaire do bhíos-sa, Mar a dtéidheann an fiadh 'san oidhche chum síor-chodla' a's óil, Ag machtnamh seal liom fein, ag éisteacht i gcoílltibh Go haedhearach go síothmhar le bínn-ghuth na n-ón,— 'Nuair chuala an cath ag teacht aniar, Agus glór na n-each ag teacht ar sians— Le fuaim an airm do chraith an sliabh, A's níor bhínn liom a nglór; Do thángadar go námhadmhar mar thiocfadh gárda de chonaibh nimhe, Ag cumha mo chroidhe na sáir-fhir d'fhága- dar gan treóir! Níor fhan fear bean ná páisde um áitribh na dtíortha; Na gáir-ghola bhí aco, 's na mílte olagáon, Ag feuchaint ar an ngárda go láidir 'na dtimcheall Ag lámhach a's ag líonadh 's ag sgaoileadh 'na dtreó; An liúgh gur leath i bhfad i gcian, 'Sé dubhairt gach flaith ba mhaith le triall,— “Gluaisidh go mear! tá an cath i dtrian(?), Agus téidhmís 'na gcomhair.” Do thangadar na sáir-fhir — guidhim áthas ar Chlannaibh Gaedheal!— Thiománadar na páinigh le fánaidh ar seól. Níor bh'fhada dhúinn go dtáinic lámh láidir 'nar dtimcheall, Gur sgaipeadar ar ndaoine ar gach maoi- linn faoi 'n gceó; Bhí an Barrach 'na bhun-bhaile aco, Barnett agus Beecher,
Hedges agus Sweet, agus na mílte eile leó. Rí na bhfeart go leagaidh iad Gan clú gan meas gan rath gan sians Go teintibh meara i measg na bpian Gan saoraodh go deó! Céad moladh mór le hÍosa nár dhíolamar as an dtóir Ach bheith ag deunamh grínn agus dá ínnsint ar sógh. An bhliadhain so anois tá againn beidh rás ar gach smíste; Leagfamaoid sa' díg iad, beidh dríob orra 's fód; Ní iarrfam cúirt ná stráitse, tá árd-chroch 'na suidhe againn, 'S an chaib go slachmhar sníomhtha le díol as ar gcóir. Go mbeidh cathracha dá stríocadh agus teíneacha da lasadh leó; Ta an cháirde fada ag díoladh agus na líonra 'na gcomhair. Tá Smith ar thárr i n-áirde ar árd-leacain fraoigh; Budh ghránda bhí a ghnaoi agus gan tuínnte ar a thóin; Nár bheiridh críoch is feárr an t-ál so Chailbhín choímhighthigh Nár ghéill riamh do Chríost acht ag píom- padh 's ag póit. A Chlanna Gaedheal na n-áran! ná stánaidh 's ná stríocaidh, A's is gearr anois gan moíll go mbeidh críoch ar bhur ngnó; Coingidh suas bhur gc'ráiste, tá an t-ál so le díbirt Go hIfrionn dá dhaoire idir teínteachaibh teó. Tá aco an tslat 's is olc í a riaghal I gcóisdibh glana 's is maith é a ngléas, Gach sórt le caitheamh, fleadh agus féasda le píríbh ar bórd. 'Sé deir gach ughdar cruínn liom sul a gcríochnó'm deireadh an fhoghmhair 'San leabhar sin Pastrene go ndíolfaid as an bpóit. Stadfad feasda im'dhántaibh, ó táim láimh re críonacht, Mar tá iomad de dhroch-chroidhe agam do buidhin an bhuilg mhóir; Ní dhéanfad a thuilleadh 'rádh leó, mar ní fada liom ó'n mbuidhin úd Go dtiocfaidh orra sgeimhleadh a's droich chríoch ar a ngnó. Nára' díon dóibh stad feadh seala da ngléas, Nára' díon dóibh carraig cnoc ná sliabh Mar a mbíodh an sionnach mear ag fiadhach Agus game aco ar seol! Go mbeidh gach sáir-fhear croidheamhail 'us píce agus slat 'na dhóid 'Na shúil re sásamh choidhche nó díol as go deó.' Do rinneadh an dán so agus tuilleadh da shaghas ag bain- fhilidh dar bh'ainm Máire de Búrca, ar a nglaodhtaoi mar leas-ainm Máire Bhuidhe. (De mhuintir Laoghaire do cheap an tAthair Peadar O Laoghaire gur bh'eadh do Mháire Bhuidhe. B'fhéidir gurab amhlaidh do bhí fear de na Búrcaibh pósta aici.) Do bhí sí féin ina comh- nuidhe láimh le beul Céime an Fhéidh i nUíbh Laoghaire i gContae Chorcaighe. Do bhí meas fileadh mhóir uirri ar fud na tíre sin. Taobh re Céim an Fhéidh atá Guagán Barra, áit i dtéid na sluaighte gach aon tsamhradh da fheicsint, agus go deimhin is fiú é a fheicsint. Tá togha na Gaedhilge ag gach aon duine, óg mór agus críonna, insan gceanntar sain, agus go mbudh fada buan dá maoidheamh aisti iad. Séamus O hEachthigheirn, Portláirge.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services