Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Céim an Fhéidh.

Title
Céim an Fhéidh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
O hEachthigheirn, Séamus
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Céim an Fhéidh.



Maire Bhuidhe ro-chan.



Cois abhann gleanna an Chéime i nUíbh
Laoghaire do bhíos-sa,
Mar a dtéidheann an fiadh 'san oidhche
chum síor-chodla' a's óil,
Ag machtnamh seal liom fein, ag éisteacht i
gcoílltibh
Go haedhearach go síothmhar le bínn-ghuth
na n-ón,—
'Nuair chuala an cath ag teacht aniar,
Agus glór na n-each ag teacht ar
sians—
Le fuaim an airm do chraith an
sliabh,
A's níor bhínn liom a nglór;
Do thángadar go námhadmhar mar thiocfadh
gárda de chonaibh nimhe,
Ag cumha mo chroidhe na sáir-fhir d'fhága-
dar gan treóir!



Níor fhan fear bean ná páisde um áitribh
na dtíortha;
Na gáir-ghola bhí aco, 's na mílte olagáon,
Ag feuchaint ar an ngárda go láidir 'na
dtimcheall
Ag lámhach a's ag líonadh 's ag sgaoileadh
'na dtreó;
An liúgh gur leath i bhfad i gcian,
'Sé dubhairt gach flaith ba mhaith le
triall,—
“Gluaisidh go mear! tá an cath i
dtrian(?),
Agus téidhmís 'na gcomhair.”
Do thangadar na sáir-fhir — guidhim áthas ar
Chlannaibh Gaedheal!—
Thiománadar na páinigh le fánaidh ar
seól.



Níor bh'fhada dhúinn go dtáinic lámh láidir
'nar dtimcheall,
Gur sgaipeadar ar ndaoine ar gach maoi-
linn faoi 'n gceó;
Bhí an Barrach 'na bhun-bhaile aco, Barnett
agus Beecher,


L. 183


Hedges agus Sweet, agus na mílte eile leó.
Rí na bhfeart go leagaidh iad
Gan clú gan meas gan rath gan
sians
Go teintibh meara i measg na bpian
Gan saoraodh go deó!
Céad moladh mór le hÍosa nár dhíolamar as
an dtóir
Ach bheith ag deunamh grínn agus dá ínnsint ar
sógh.
An bhliadhain so anois tá againn beidh rás
ar gach smíste;
Leagfamaoid sa' díg iad, beidh dríob
orra 's fód;
Ní iarrfam cúirt ná stráitse, tá árd-chroch
'na suidhe againn,
'S an chaib go slachmhar sníomhtha le díol
as ar gcóir.
Go mbeidh cathracha dá stríocadh agus teíneacha
da lasadh leó;
Ta an cháirde fada ag díoladh agus na líonra
'na gcomhair.



Tá Smith ar thárr i n-áirde ar árd-leacain
fraoigh;
Budh ghránda bhí a ghnaoi agus gan tuínnte
ar a thóin;
Nár bheiridh críoch is feárr an t-ál so
Chailbhín choímhighthigh
Nár ghéill riamh do Chríost acht ag píom-
padh 's ag póit.
A Chlanna Gaedheal na n-áran! ná stánaidh
's ná stríocaidh,
A's is gearr anois gan moíll go mbeidh
críoch ar bhur ngnó;
Coingidh suas bhur gc'ráiste, tá an t-ál so
le díbirt
Go hIfrionn dá dhaoire idir teínteachaibh
teó.
Tá aco an tslat 's is olc í a riaghal
I gcóisdibh glana 's is maith é a
ngléas,
Gach sórt le caitheamh, fleadh agus féasda
le píríbh ar bórd.
'Sé deir gach ughdar cruínn liom sul a
gcríochnó'm deireadh an fhoghmhair
'San leabhar sin Pastrene go ndíolfaid
as an bpóit.



Stadfad feasda im'dhántaibh, ó táim láimh
re críonacht,
Mar tá iomad de dhroch-chroidhe agam do
buidhin an bhuilg mhóir;
Ní dhéanfad a thuilleadh 'rádh leó, mar ní
fada liom ó'n mbuidhin úd
Go dtiocfaidh orra sgeimhleadh a's droich
chríoch ar a ngnó.
Nára' díon dóibh stad feadh seala da
ngléas,
Nára' díon dóibh carraig cnoc ná
sliabh
Mar a mbíodh an sionnach mear ag
fiadhach
Agus game aco ar seol!
Go mbeidh gach sáir-fhear croidheamhail 'us
píce agus slat 'na dhóid
'Na shúil re sásamh choidhche nó díol as go
deó.'



Do rinneadh an dán so agus tuilleadh da shaghas ag bain-
fhilidh dar bh'ainm Máire de Búrca, ar a nglaodhtaoi
mar leas-ainm Máire Bhuidhe. (De mhuintir Laoghaire
do cheap an tAthair Peadar O Laoghaire gur bh'eadh do
Mháire Bhuidhe. B'fhéidir gurab amhlaidh do bhí fear
de na Búrcaibh pósta aici.) Do bhí sí féin ina comh-
nuidhe láimh le beul Céime an Fhéidh i nUíbh Laoghaire i
gContae Chorcaighe. Do bhí meas fileadh mhóir uirri
ar fud na tíre sin. Taobh re Céim an Fhéidh atá
Guagán Barra, áit i dtéid na sluaighte gach aon
tsamhradh da fheicsint, agus go deimhin is fiú é a fheicsint.
Tá togha na Gaedhilge ag gach aon duine, óg mór agus
críonna, insan gceanntar sain, agus go mbudh fada buan
dá maoidheamh aisti iad.



Séamus O hEachthigheirn,
Portláirge.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services