Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Title
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Séadna. (Ar leanamhaint.) Do phreab Miceal as a chodladh. Bhí oiread fraocháin ins gach braon alluis bhí leis, agus é ar baill-chrith. “A Mhuire na bhfeart!” ar seisean, “cad dhéanfad? nó cad d'imthigh ar an oidhche, go bhfuil sí chomh fada? nó cad d'imthigh ar Shéadna, nó cad tá dá choimeád? má oireann dó cleamhnas an lá fada a dhaoithin chuige, agus gan bheith ag caitheamh na hoidhche amuigh ar an gcuma so? Is dorcha an duine. Is deacair bheith suas leis. Dubhairt sé gur shaoire dhi bheith marbh 'ná é dhá pósadh, agus sin é anois é dá pósadh ar a dhícheall. Ní fheadar 'an tsaoghal cad uime gur shaoire dhi bheith marbh 'ná é dhá pósadh. Badh dhóich liom- sa gur shaoire dho-san bheith marbh 'ná Sadhbh dhá phósadh. Ní phósfainn í ar a bhfuil d' airgead ag Séadna agus aici féin agus ag á hathair i dteannta' a chéile, feuch!” Le n-a linn sin, thug sé fé deara solus, mar bheidheadh éirghe an lae. Chuir sain árd- mhisneach air, acht i gceann tamaill is é rud d'éirigh 'ná an ghealach. 'Nuair chonnaic sé solus na gealaighe ag taithneamh isteach tríd an bhfuinneoig, agus anonn ar an gclabhar mar a raibh an mhealbhóg ar crochadh, agus gan aon leus de sholus an lae ag teacht, do dhubhuigh agus do ghormuigh aige, i dtreó, dá leigeadh a eagla dhó é, go gcromfadh sé ar ghol. 'Nuair tháinig an solus cruinn ar an mealbhóig, do chuir se dealbh chinn duine uirthi. Cheap Miceal ná feacaidh sé oidhre riamh acht é ar cheann na caillighe sa 'sgeul fiannuidheachta, go mbíodh an dá fhiacail ba shia siar 'na ceann mar dhá mhaide croise aici. 'Nuair bhí sé ag feuchaint tamall air, do chorruigh- eadar na súile, agus do bhog an beul mar bheidheadh sé chum labhartha. Bhí a fhios ag Miceal go maith ná raibh ann acht an mheal- bhóg, acht mar sin féin, do chorruigh a chuid fola agus do sheasaimh a ghruaig, agus do ghluais colghrithfín fan chnámha a dhroma. B'éigean do a shúile do dhúnadh sul a mbeidheadh sé ag feuchaint ar na súilibh úd ag corruighe. Ba ghearr go mb'éigean do iad d'osgailt arís le heagla agus le sgannradh. Fé dheireadh, do tháínig sgamal ar an ngealaigh, agus do cuireadh an mhealbhóg 'na riocht féin. Ba mhór an fhuasgailt é. Ghabh Miceal a bhuidh- eachas le Dia go dúthrachtach, ná bíodh eagla ort, agus ní fuláir nó do thuig sámh-chodladh le n-a linn sin air, mar is é céad rud eile do thug sé fé ndeara 'na an ghrian ag taitneamh ar an mealbhóig i n-ionad na gealaighe, an obair ar siubhal 'na thimcheall, bog-fheadghail na bhfear, mion-bhuillidhe na gcasúr mbeag, agus tarrang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh. D'fheuch sé anonn ar ionad Shéadna. Bhí Séadna féin ann, agus é ag obair chomh dian chomh dícheallach agus dá mbadh ná beidheadh cuid na hoidhche aige go mbeidheadh an bhróg sain díolta. D'éirigh Miceal agus d'fheuch sé anonn ar a shuidheachán féin. “A Mhicil,” arsa Séadna, “éirigh-se a-bhaile agus ith rud éigin agus codail greas eile. Tá pádh an lae indiu tuillte agat d'éis na hoidhche. Ní gádh dhuit teacht chum oibre go dtí maidin i mbáireach.” Le linn na cainte sin do rádh dho, d'fheuch sé ar Mhiceal, agus dá mheud codladh bhí i súilibh Mhicil, thug sé fé ndeara an fheuchaint. D'fheuch sé deich mbliadhna níos sine 'ná mar 'fheuch sé indé roimhe sin. Thiomáin Miceal leis a-bhaile. Acht níor sgar an fheuchaint úd le n-a chuimhne. “Tá buadhairt mhíochuibheasach éigin air,” ar seisean i n'aigneadh féin. “Ní mór dhom é innsint dom' mháthair, agus a chur 'na comhairle cad is ceart do dheunamh.” Tháinig sé go dtí an tigh, acht má tháinig, ní raibh tásg ná tuairisg a mháthar ann roimis. Ní raibh críosdaidhe an Luain ann. Do chuarduigh sé mor-thimcheall an tighe. Do ghlaoidh sé uirthi. Ní raibh maith ann. “Ó! mhais', Ó! mhais', Ó! mhais',” ar seis- ean, “an bhfeacaidh aon-ne' riamh a leithéid? Comh siúrálta agus tá bianna ar mhaide bacaigh,
tá sí imighthe síos go tigh Dhiarmuda Léith ag críochnughadh an chleamhnais! Agus cad dhéan- fad? Cad dhéanfad i n-aon chor? Ní chead- óchainn ar ór na cruinne Séadna dhá phósadh leis an ansgian mná sain. Ó! Ó! Ó! cad dhéanfad i n-aon chor? Mheasas go raibh ciall agam' mháthair, agus dar ndóich ní'l fasg aici agus a leithéid sin de chleamhnas do bheith idir lámhaibh aici. Ní'l rud ar bith agam le déanamh acht an t-aon rud amháin, an talamh do chur díom síos láithreach bonn, agus an cleamhnas do bhriseadh sul a mbeidh sé ro-dhéidheanach. An stiúsaidhe mí-náireach mór-chúiseach! Humhth! Is beag an iongnadh feuchaint chríonna chaithte aige ? Ní fheadar ó thalamh an domhain cad é an greim atá aco air. Ní héidir gurab amhlaidh do bheidheadh sé d'éis ceangail nó geall- mhana éigin do chur air féin, agus go mbeidís anois ag iarraidh airgid do bhaint amach. Bhíomair go leir ag magadh fé Dhiarmuid an lá úd do chuaidh sé suas. B'fhéidir go raibh a fhios aige féin cad do bhí ar siubhal aige. 'Ní'l spioraid ná púca gan fios a chúise féin aige.' Agus feuch, ní dubhairt Séadna, 'Ní phósfad í', acht, 'ní'l aon fhonn pósda orm'… B'fhéidir ná tiocfadh briseadh an chleamhnais chomh saoráideach chugham agus cheapas é… Agus feuch airiú! Sid é annso mé ag cur agus ag cúiteamh, agus b'fhéidir an chleamhnas dá chríochnughadh agam'mháthair. Nár chúitighthear a saothar léi! muna deagh-chomhursanach atá sí!' Bhí sé páirc ó'n dtigh, sul a raibh an machtnamh déidheanach sain críochnuighthe, agus é ag déanamh ceann ar aghaidh síos ar thig Dhiarmud' Léith, agus é ag cur na slighe dhe chomh tiugh i nÉirinn agus bhí sé sa' chois bhacaigh í chur de. Ba ghearr go raibh sé ar aghaidh tighe Dhiarmuda amach, agus saothar air. Ní raibh Diarmuid sa' dorus fós. Bhí sé ro-luath sa' lá. Sheasaimh Miceal ar aghaidh an doruis amach. “A mháthair!” ar seisean, i n-árd a chinn 's a ghotha. Chuir Sadhbh a ceann amach sa' dorus, agus greim aráin aici dhá chogaint. “A mháthair!” arsa Miceal arí. “Tar amach annso agus siubhal leat a-bhaile láithreach. Tá gnó éigin eile le déanamh agat, d' éaghmuis bheith ag teacht annseo ad'mhaidirín lathaighe aco. Má tá cleamhnas le déanamh aco, deunaidís féin é nó leigidís do.” Do shluig Sadhbh an greim do bhí 'na beul. “Airiú greadadh chugat, a bhacacháin!” ar sise, “cad tá anois ort?” “Bacachán an n-eadh?” arsa Miceal. “Tá mo dhá dhaoithin orm. Ní rabhais-se sásta t'ainm féin agus ainm t'athar do bheith i mbeul na ndaoine, gan mo mháthair-se do tharrang isteach i nbhur ngnó. Acht tabhar- fad-sa togha an aireachais, an rud do theip oraibh féin, ná cuirfidh sibh chum cinn é le n-a congnamh-san. A mháthair! A mháthair adeirim!” “Imthigh leat a-bhaile, a thulcais, agus na bí dár mbodhradh! agus má thógais braon, éirigh a-chodladh agus cuir díot é,” ar sise. “Deirim leat ná fágfaidh aon chos díom an áit seo go dteagaidh sí amach,” ar seisean. “Agus deirim rud eile leat, agus creid uaim é, nach gádh dhuit bheith ag caitheamh do bhal- caisidhe dhíot 'nuair na pósfadh Séadna thu. Ní phósfadh sé thu, dá mbadh ná beidheadh i nÉirinn acht tu, a stiúsaidhe sheanda! A mháthair, a mháthair adeirim! Tar annso amach, nó raghad isteach agus tabharfadh amach ar mo bhacalainn thu.” “Airiú, a bhrealláin bhacaigh! Muna bhfágair an áit sin, agus glanadh as mo radharc go diair, cuirfeadh comhartha ort a leanfaidh díot an fhaid bheidh cos cham ort,” ar sise, agus ní h-ag caint do bhí sí, acht ag sgreadaigh agus ag léimrigh, agus a gruaig ag raingce mór thimcheall a cinn. D'imthigh sí isteach. Cheap seisean go mbeidheadh a mhahair chuige amach. I n-a ionad sain, is amhlaidh d'fhill Sadhbh agus árthach 'na láimh. D'osguil sí an dorus agus do steall sí a raibh 'san árthach fé n-a
cheannachaibh. Ba mhaith an mhaise aige é — do léim sé i leath-taoibh. Do ghluais an t-uisge bhí 'san árthach treasna an bhóthair agus gal beirbhthe as. “A chuirpthigh!” ar seisean. “An amhlaidh do mheasais mo mharbhadh?” “Bain an chluas díom,” ar sise, “dá bhfaghthá an méid sin, ná tiocfá annso arís ar lorg do mháthar, an snamhaire!” Le n-a linn sin, seo amach Diarmuid agus a chaipín breac air. Do rug sé ar ghualainn ar Mhiceal. “A Mhicil,” ar seisean, “tá dearmad éigin ort. Ní'l do mháthair annso, ná ní raibh ní fheadar ca-thain.” “An ndeireann tú liom é?” arsa Miceal. “Deirim gan amhrus,” arsa Diarmuid. “An amhlaidh ná fuil sí sa' bhaile?” “Ní raibh sí sa'bhaile araoir?” arsa Diarmuid. “Is fíor dhuit go díreach,” arsa Miceal. “B'fhéidir go raibh agus gurab amhlaidh d'fhágas im'dhiaidh sa'bhaile í.” Bhí aithne ag Miceal ar Dhiarmuid agus ar a cheisdiughachán, acht ní raibh sé le dul uaidh chomh saor. “Stad, a Mhicil,” arsa Diarmuid. “Ná bí dá leigint ort gur amadán tu, mar ní headh. Cad do chuir id' cheann í bheith annso ag deanamh cleamhnais do Shaidhbh agus do Shéadna?” Bhíodar ag siubhal go socair agus ag druidim ó'n dtigh, aghaidh Mhicil ar an mbaile, Sadhbh ag callaireacht 'na ndiaidh, agus Diarmuid ag feitheamh le freagra. “Dómhaise go deimhin,” arsa Miceal, “do chuir rud greannmhar. Taidhreamh a deineadh araoir dom. Cheapas go rabhas i dtigh Shéadna im' aonar, im'shuidhe sa' chathaoir shúgáin, agus an mhealbhóg ar m'aghaidh amach ar crochadh ar an gclabhar. Tháinig dealbh cinn mhná ar an mealbhóig. Do labhair an ceann liom. D'aithnigheas glór Shaidhbhe ag teacht as. 'Tá do mháthair,' ars' an ceann, “ag briseadh a croidhe ag casadh le cleamhnas do dhéanamh idir mise agus Séadna, acht ba shaoire do Shéadna an bás is measa do fuair duine riamh 'ná mise dhá phósadh.' Le n-a linn sin, do phreabas im' dhúiseacht agus do phreabas im' shuidhe. Do ghlaodhas ar mo mháthair. Ní bhfuaras aon fhreagra. Cheapas láithreach gur annso bhí sí, agus do leanas í.” D'fheuch Diarmuid air idir an dá shúil. Níor staon Miceal. Dá bhfaghadh Diarmuid Éire air, ní fhéadfadh sé a dhéanamh amach cia 'co fírinne nó éitheach bhí ag Miceal dá innsint. Do stad sé ar feadh tamaill mhaith. Fé dheireadh dubhairt sé: “Tá eagla orm, a Mhicil, gur bh' é taidh- reamh na súl n-osgalta agat é.” “Dómhaise go deimhin,” arsa Miceal, “sin é díreach an sgeul. Ní féidir liom a dhéanamh amach ar an neomat so, agus ní dócha go ndéanfad amach choidhche cia 'co im'chodladh nó im'dhúiseacht do bhíos, 'nuair ghlaodas ar mo mháthair.” “Chomhairleóchainn duit,” arsa Diarmuid, “pé taidhreamhtha déanfar duit, gan teacht arís. Imthigh ort a-bhaile anois, agus go dtugaidh Dia ciall níos fearr duit! Do chuadhais as go dian-mhaith.” Do sgaradar. “'Seadh,” arsa Miceal leis féin, “ba dhóbair dom an donas do dhéanamh. Ní fheadar 'an tsaoghal cár thug mo mháthair an oidhche.” (leanfar de seo.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services