Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seadhna. (ar leanamhaint.)

Title
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 178


Séadna.



(Ar leanamhaint.)



Do phreab Miceal as a chodladh. Bhí
oiread fraocháin ins gach braon alluis bhí
leis, agus é ar baill-chrith.



“A Mhuire na bhfeart!” ar seisean, “cad
dhéanfad? nó cad d'imthigh ar an oidhche, go
bhfuil sí chomh fada? nó cad d'imthigh ar
Shéadna, nó cad tá dá choimeád? má oireann
dó cleamhnas an lá fada a dhaoithin chuige,
agus gan bheith ag caitheamh na hoidhche amuigh ar
an gcuma so? Is dorcha an duine. Is
deacair bheith suas leis. Dubhairt sé gur
shaoire dhi bheith marbh 'ná é dhá pósadh, agus sin
é anois é dá pósadh ar a dhícheall. Ní
fheadar 'an tsaoghal cad uime gur shaoire dhi
bheith marbh 'ná é dhá pósadh. Badh dhóich liom-
sa gur shaoire dho-san bheith marbh 'ná Sadhbh
dhá phósadh. Ní phósfainn í ar a bhfuil d'
airgead ag Séadna agus aici féin agus ag á hathair
i dteannta' a chéile, feuch!”



Le n-a linn sin, thug sé fé deara solus,
mar bheidheadh éirghe an lae. Chuir sain árd-
mhisneach air, acht i gceann tamaill is é rud
d'éirigh 'ná an ghealach. 'Nuair chonnaic sé
solus na gealaighe ag taithneamh isteach tríd
an bhfuinneoig, agus anonn ar an gclabhar mar
a raibh an mhealbhóg ar crochadh, agus gan aon
leus de sholus an lae ag teacht, do dhubhuigh
agus do ghormuigh aige, i dtreó, dá leigeadh a
eagla dhó é, go gcromfadh sé ar ghol. 'Nuair
tháinig an solus cruinn ar an mealbhóig, do
chuir se dealbh chinn duine uirthi. Cheap
Miceal ná feacaidh sé oidhre riamh acht é ar
cheann na caillighe sa 'sgeul fiannuidheachta,
go mbíodh an dá fhiacail ba shia siar 'na
ceann mar dhá mhaide croise aici. 'Nuair
bhí sé ag feuchaint tamall air, do chorruigh-
eadar na súile, agus do bhog an beul mar
bheidheadh sé chum labhartha. Bhí a fhios ag
Miceal go maith ná raibh ann acht an mheal-
bhóg, acht mar sin féin, do chorruigh a chuid
fola agus do sheasaimh a ghruaig, agus do ghluais
colghrithfín fan chnámha a dhroma. B'éigean
do a shúile do dhúnadh sul a mbeidheadh sé
ag feuchaint ar na súilibh úd ag corruighe.
Ba ghearr go mb'éigean do iad d'osgailt
arís le heagla agus le sgannradh. Fé dheireadh,
do tháínig sgamal ar an ngealaigh, agus do
cuireadh an mhealbhóg 'na riocht féin. Ba
mhór an fhuasgailt é. Ghabh Miceal a bhuidh-
eachas le Dia go dúthrachtach, ná bíodh eagla
ort, agus ní fuláir nó do thuig sámh-chodladh le
n-a linn sin air, mar is é céad rud eile do
thug sé fé ndeara 'na an ghrian ag taitneamh
ar an mealbhóig i n-ionad na gealaighe, an
obair ar siubhal 'na thimcheall, bog-fheadghail
na bhfear, mion-bhuillidhe na gcasúr mbeag,
agus tarrang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh.
D'fheuch sé anonn ar ionad Shéadna. Bhí
Séadna féin ann, agus é ag obair chomh dian
chomh dícheallach agus dá mbadh ná beidheadh cuid
na hoidhche aige go mbeidheadh an bhróg sain
díolta. D'éirigh Miceal agus d'fheuch sé anonn
ar a shuidheachán féin.



“A Mhicil,” arsa Séadna, “éirigh-se
a-bhaile agus ith rud éigin agus codail greas eile.
Tá pádh an lae indiu tuillte agat d'éis na
hoidhche. Ní gádh dhuit teacht chum oibre go
dtí maidin i mbáireach.”



Le linn na cainte sin do rádh dho, d'fheuch
sé ar Mhiceal, agus dá mheud codladh bhí i
súilibh Mhicil, thug sé fé ndeara an fheuchaint.
D'fheuch sé deich mbliadhna níos sine 'ná mar
'fheuch sé indé roimhe sin. Thiomáin Miceal
leis a-bhaile. Acht níor sgar an fheuchaint
úd le n-a chuimhne.



“Tá buadhairt mhíochuibheasach éigin air,”
ar seisean i n'aigneadh féin. “Ní mór dhom
é innsint dom' mháthair, agus a chur 'na comhairle
cad is ceart do dheunamh.”



Tháinig sé go dtí an tigh, acht má tháinig,
ní raibh tásg ná tuairisg a mháthar ann
roimis. Ní raibh críosdaidhe an Luain ann.
Do chuarduigh sé mor-thimcheall an tighe. Do
ghlaoidh sé uirthi. Ní raibh maith ann.



“Ó! mhais', Ó! mhais', Ó! mhais',” ar seis-
ean, “an bhfeacaidh aon-ne' riamh a leithéid?
Comh siúrálta agus tá bianna ar mhaide bacaigh,


L. 179


tá sí imighthe síos go tigh Dhiarmuda Léith
ag críochnughadh an chleamhnais! Agus cad dhéan-
fad? Cad dhéanfad i n-aon chor? Ní chead-
óchainn ar ór na cruinne Séadna dhá phósadh
leis an ansgian mná sain. Ó! Ó! Ó! cad
dhéanfad i n-aon chor? Mheasas go raibh
ciall agam' mháthair, agus dar ndóich ní'l fasg
aici agus a leithéid sin de chleamhnas do bheith
idir lámhaibh aici. Ní'l rud ar bith agam
le déanamh acht an t-aon rud amháin, an
talamh do chur díom síos láithreach bonn, agus
an cleamhnas do bhriseadh sul a mbeidh
sé ro-dhéidheanach. An stiúsaidhe mí-náireach
mór-chúiseach! Humhth! Is beag an iongnadh
feuchaint chríonna chaithte aige ?



Ní fheadar ó thalamh an domhain cad é an
greim atá aco air. Ní héidir gurab amhlaidh
do bheidheadh sé d'éis ceangail nó geall-
mhana éigin do chur air féin, agus go mbeidís
anois ag iarraidh airgid do bhaint amach.
Bhíomair go leir ag magadh fé Dhiarmuid an
lá úd do chuaidh sé suas. B'fhéidir go raibh
a fhios aige féin cad do bhí ar siubhal aige.
'Ní'l spioraid ná púca gan fios a chúise
féin aige.' Agus feuch, ní dubhairt Séadna,
'Ní phósfad í', acht, 'ní'l aon fhonn pósda
orm'… B'fhéidir ná tiocfadh
briseadh an chleamhnais chomh saoráideach
chugham agus cheapas é… Agus feuch
airiú! Sid é annso mé ag cur agus ag
cúiteamh, agus b'fhéidir an chleamhnas dá
chríochnughadh agam'mháthair. Nár chúitighthear a
saothar léi! muna deagh-chomhursanach atá sí!'



Bhí sé páirc ó'n dtigh, sul a raibh an
machtnamh déidheanach sain críochnuighthe, agus é
ag déanamh ceann ar aghaidh síos ar thig
Dhiarmud' Léith, agus é ag cur na slighe dhe chomh
tiugh i nÉirinn agus bhí sé sa' chois bhacaigh í chur
de. Ba ghearr go raibh sé ar aghaidh tighe
Dhiarmuda amach, agus saothar air. Ní raibh
Diarmuid sa' dorus fós. Bhí sé ro-luath
sa' lá. Sheasaimh Miceal ar aghaidh an
doruis amach.



“A mháthair!” ar seisean, i n-árd a chinn
's a ghotha.



Chuir Sadhbh a ceann amach sa' dorus, agus
greim aráin aici dhá chogaint.



“A mháthair!” arsa Miceal arí. “Tar
amach annso agus siubhal leat a-bhaile láithreach.
Tá gnó éigin eile le déanamh agat, d'
éaghmuis bheith ag teacht annseo ad'mhaidirín
lathaighe aco. Má tá cleamhnas le déanamh
aco, deunaidís féin é nó leigidís do.”



Do shluig Sadhbh an greim do bhí 'na beul.



“Airiú greadadh chugat, a bhacacháin!” ar
sise, “cad tá anois ort?”



“Bacachán an n-eadh?” arsa Miceal.
“Tá mo dhá dhaoithin orm. Ní rabhais-se
sásta t'ainm féin agus ainm t'athar do bheith i
mbeul na ndaoine, gan mo mháthair-se do
tharrang isteach i nbhur ngnó. Acht tabhar-
fad-sa togha an aireachais, an rud do theip
oraibh féin, ná cuirfidh sibh chum cinn é le
n-a congnamh-san. A mháthair! A mháthair
adeirim!”



“Imthigh leat a-bhaile, a thulcais, agus na bí
dár mbodhradh! agus má thógais braon,
éirigh a-chodladh agus cuir díot é,” ar sise.



“Deirim leat ná fágfaidh aon chos díom
an áit seo go dteagaidh sí amach,” ar seisean.
“Agus deirim rud eile leat, agus creid uaim
é, nach gádh dhuit bheith ag caitheamh do bhal-
caisidhe dhíot 'nuair na pósfadh Séadna thu.
Ní phósfadh sé thu, dá mbadh ná beidheadh i
nÉirinn acht tu, a stiúsaidhe sheanda! A
mháthair, a mháthair adeirim! Tar annso amach,
nó raghad isteach agus tabharfadh amach ar mo
bhacalainn thu.”



“Airiú, a bhrealláin bhacaigh! Muna
bhfágair an áit sin, agus glanadh as mo radharc
go diair, cuirfeadh comhartha ort a leanfaidh
díot an fhaid bheidh cos cham ort,” ar sise, agus
ní h-ag caint do bhí sí, acht ag sgreadaigh agus
ag léimrigh, agus a gruaig ag raingce mór
thimcheall a cinn.



D'imthigh sí isteach. Cheap seisean go
mbeidheadh a mhahair chuige amach. I n-a
ionad sain, is amhlaidh d'fhill Sadhbh agus árthach
'na láimh. D'osguil sí an dorus agus do
steall sí a raibh 'san árthach fé n-a


L. 180


cheannachaibh. Ba mhaith an mhaise aige é —
do léim sé i leath-taoibh. Do ghluais an
t-uisge bhí 'san árthach treasna an bhóthair agus
gal beirbhthe as.



“A chuirpthigh!” ar seisean. “An amhlaidh
do mheasais mo mharbhadh?”



“Bain an chluas díom,” ar sise, “dá
bhfaghthá an méid sin, ná tiocfá annso arís
ar lorg do mháthar, an snamhaire!”



Le n-a linn sin, seo amach Diarmuid agus a
chaipín breac air. Do rug sé ar ghualainn
ar Mhiceal.



“A Mhicil,” ar seisean, “tá dearmad
éigin ort. Ní'l do mháthair annso, ná ní
raibh ní fheadar ca-thain.”



“An ndeireann tú liom é?” arsa Miceal.



“Deirim gan amhrus,” arsa Diarmuid.
“An amhlaidh ná fuil sí sa' bhaile?”



“Ní raibh sí sa'bhaile araoir?” arsa
Diarmuid.



“Is fíor dhuit go díreach,” arsa Miceal.



“B'fhéidir go raibh agus gurab amhlaidh d'fhágas
im'dhiaidh sa'bhaile í.”



Bhí aithne ag Miceal ar Dhiarmuid agus ar a
cheisdiughachán, acht ní raibh sé le dul uaidh
chomh saor.



“Stad, a Mhicil,” arsa Diarmuid. “Ná
bí dá leigint ort gur amadán tu, mar ní
headh. Cad do chuir id' cheann í bheith annso
ag deanamh cleamhnais do Shaidhbh agus do
Shéadna?”



Bhíodar ag siubhal go socair agus ag druidim
ó'n dtigh, aghaidh Mhicil ar an mbaile, Sadhbh
ag callaireacht 'na ndiaidh, agus Diarmuid ag
feitheamh le freagra.



“Dómhaise go deimhin,” arsa Miceal, “do
chuir rud greannmhar. Taidhreamh a deineadh
araoir dom. Cheapas go rabhas i dtigh
Shéadna im' aonar, im'shuidhe sa' chathaoir
shúgáin, agus an mhealbhóg ar m'aghaidh amach ar
crochadh ar an gclabhar. Tháinig dealbh cinn
mhná ar an mealbhóig. Do labhair an ceann
liom. D'aithnigheas glór Shaidhbhe ag teacht
as. 'Tá do mháthair,' ars' an ceann, “ag
briseadh a croidhe ag casadh le cleamhnas do
dhéanamh idir mise agus Séadna, acht ba shaoire
do Shéadna an bás is measa do fuair duine
riamh 'ná mise dhá phósadh.' Le n-a linn sin,
do phreabas im' dhúiseacht agus do phreabas im'
shuidhe. Do ghlaodhas ar mo mháthair. Ní
bhfuaras aon fhreagra. Cheapas láithreach
gur annso bhí sí, agus do leanas í.”



D'fheuch Diarmuid air idir an dá shúil.
Níor staon Miceal. Dá bhfaghadh Diarmuid
Éire air, ní fhéadfadh sé a dhéanamh amach
cia 'co fírinne nó éitheach bhí ag Miceal dá
innsint. Do stad sé ar feadh tamaill
mhaith. Fé dheireadh dubhairt sé:



“Tá eagla orm, a Mhicil, gur bh' é taidh-
reamh na súl n-osgalta agat é.”



“Dómhaise go deimhin,” arsa Miceal, “sin
é díreach an sgeul. Ní féidir liom a
dhéanamh amach ar an neomat so, agus ní dócha
go ndéanfad amach choidhche cia 'co im'chodladh
nó im'dhúiseacht do bhíos, 'nuair ghlaodas ar
mo mháthair.”



“Chomhairleóchainn duit,” arsa Diarmuid,
“pé taidhreamhtha déanfar duit, gan teacht
arís. Imthigh ort a-bhaile anois, agus go dtugaidh
Dia ciall níos fearr duit! Do chuadhais
as go dian-mhaith.”



Do sgaradar.



“'Seadh,” arsa Miceal leis féin, “ba
dhóbair dom an donas do dhéanamh. Ní
fheadar 'an tsaoghal cár thug mo mháthair an
oidhche.”



(leanfar de seo.)




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services