Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lugh Lámhfhada and the Death of Balar Ua Néid
Title
Lugh Lámhfhada and the Death of Balar Ua Néid
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1630
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1954)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tángatar Fomhóraigh go hÉrind, agus do chuirset dáorchíos uirre .i. dá ttrían etha, bleachta, cloinne, agus conáich do tharclamh ó fhearaibh Éirionn gacha Sámhna go Magh gCéidne na bFhomhórach .i. uinge dh'ór ón tsróin, nó an tsrón ón chionn amach. Tánaig Lugh Lámhfhada ó Chruithean na cCuan .i. Eamhuin Ábhlach a tTír Thairrngire d'fhurtacht Éreann et macraidh shídhe Thúathadh D.D. maille fris. et do dhealbhdáois T.D.D. clocha agus crainn na talmhan a reachtaibh dáoineadh, et tigdís fúatha, agus amuitte, agus urthracha an talmhan, bádhbha agus braineóin, go ttabhradáois gáirthe catha ag
cóngnamh leó. Do-bheirdís iomorra ar cheathra na talmhan agus ar énlaithe an áieóir glór daonda do dhéanamh, gor bhá hurfhúath léa n-easchairdibh cloisteacht fría ccéalmhuine, agus do-bheirdís teimhiol agus dorchadas for san ngréin an tan bá réil a ruithean agus ba soíllsighe a saighnénraidh, agus ní raibhe earnáil d'ernáilibh na dráoigheachta nach déndáois. Tángatar T.D.D. a ccomhdháil na fFomhórach go Magh Tuireadh attuaidh, et ro fearadh cath ainmhín éttrócair etorra díbh línaibh. Agus ro bhriss Lugh an tsúil neimhe ro bháoi a ccionn Bhaluir Uí Néid d'orchar don táthluimh do-roíghne Goibhneand Gabha. Agus ro mheabhaidh an tan sin for fhine Fomhra, agus teichis Balar fo thrí ass an chath, agus ro taifneadh gus an maighin chéadna do ridhisi é. Agus téid for imghabháil Logha go Cárn Uí Néid, agus níor bho dídean dó. Is ann sin tháll Lugh a cheann día sheanathair, uair rob í Eithne inghean Bhaluir a mháthair feisin. Agus tugadh ár na bhFomhórach is in chath, agus ro ba imchían a n-éachta agus a n-easbhadha fria n-innisin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services