Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lugh Lámhfhada and the Death of Balar Ua Néid

Title
Lugh Lámhfhada and the Death of Balar Ua Néid
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1630
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1954)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Tángatar Fomhóraigh go hÉrind, agus do chuirset dáorchíos
uirre .i. dá ttrían etha, bleachta, cloinne, agus conáich do tharclamh
ó fhearaibh Éirionn gacha Sámhna go Magh gCéidne na
bFhomhórach .i. uinge dh'ór ón tsróin, nó an tsrón ón chionn
amach.



Tánaig Lugh Lámhfhada ó Chruithean na cCuan .i. Eamhuin
Ábhlach a tTír Thairrngire d'fhurtacht Éreann et macraidh
shídhe Thúathadh D.D. maille fris. et do dhealbhdáois
T.D.D. clocha agus crainn na talmhan a reachtaibh dáoineadh,
et tigdís fúatha, agus amuitte, agus urthracha an talmhan,
bádhbha agus braineóin, go ttabhradáois gáirthe catha ag


L. 65


cóngnamh leó. Do-bheirdís iomorra ar cheathra na talmhan
agus ar énlaithe an áieóir glór daonda do dhéanamh, gor bhá
hurfhúath léa n-easchairdibh cloisteacht fría ccéalmhuine, agus
do-bheirdís teimhiol agus dorchadas for san ngréin an tan bá réil
a ruithean agus ba soíllsighe a saighnénraidh, agus ní raibhe earnáil
d'ernáilibh na dráoigheachta nach déndáois.



Tángatar T.D.D. a ccomhdháil na fFomhórach go Magh
Tuireadh attuaidh, et ro fearadh cath ainmhín éttrócair
etorra díbh línaibh. Agus ro bhriss Lugh an tsúil neimhe ro bháoi
a ccionn Bhaluir Uí Néid d'orchar don táthluimh do-roíghne
Goibhneand Gabha. Agus ro mheabhaidh an tan sin for fhine
Fomhra, agus teichis Balar fo thrí ass an chath, agus ro taifneadh
gus an maighin chéadna do ridhisi é. Agus téid for imghabháil
Logha go Cárn Uí Néid, agus níor bho dídean dó. Is ann sin
tháll Lugh a cheann día sheanathair, uair rob í Eithne inghean
Bhaluir a mháthair feisin. Agus tugadh ár na bhFomhórach is
in chath, agus ro ba imchían a n-éachta agus a n-easbhadha fria
n-innisin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services