Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bás Sheagháin Pléimionn.
Title
Bás Sheagháin Pléimionn.
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Bás Sheagháin Pléimionn. Fuair Seagha'n Pléimionn bás an t-8adh lá fichead de Ghionbhar, i n-aois a dhá bhliadhain agus ceithre fichid. Do bhí sé ar an mbuidhin do chuir IRISLEABHAR NA GAE- DHILGE ar bun atá breis agus trí bhliadhna deug ó shoin ann. Is é an Pléimionnach do sgríobh an ceud alt de'n cheud Irislea- bhar. An uair do chuir ar gcara Dáithi Coimín suas do eagarthóireacht an Iris- leabhar, is air an bPléimionnach do cuireadh an cúram soin i n-a ionad. Do bhí an Pléimionnach 'na shean-fhear cheana féin an uair sin, acht do lean sé dá ghnó an fhaid do bhí sé 'na shláinte. Ba chruinn a eolas ar Ghaedhilg agus ba mhór a chumas ar í do sgríobhadh agus do labhairt. Ní bhíodh sé aon uair gan leabhar Gaedhilge 'na láimh aige nó le n-a ais. Do'n Ghaedhilg thug sé grádh a chroidhe, neart a mheanman, brígh a intinne, fuinneamh a óige, dícheall a mheadhón- aoise, searc a shean-aoise. Go ndearnaidh Dia trócaire ar a anam! Iarghnó ar bhas Sheaghain Pleimionn. Brón na bhfear ngroidhe, ceasnaidhe creucht is uch: Leoghan na bhflaith bhfíor seal saoi chré gan chuid: Treón an deagh-chroidhe gaisgidhigh — tréith gan truis Leoin le ga nimhe deagh-shíol Pléimionnach. An Pléimionnach glé-chrothach gasda glan grínn I gcré uainn is geur-bhroid d'a maireann annso thíos; Féile agus daondacht do cheapadh de shíor, Is do réidhtigheadh gach daer-cheist ba deacair do'n druíng. Drong glan daingean is aisti dáileadh é, Ba lúbmhar lannach i dtreas na beárnan baoghail, I gclú 's i meas do cheap leis bárr na bpreumh, 'S i n-iúl na Banba ghlac ó chách an chraobh. Craobh-sgaoileadh ar a líne ba lasmhar dar ndóigh, Geug fhíor-fhada is aoirde 's is seasamhach slógh, Preumh Thraoi thoir do shín chughainn ó Bhreatain na seól, Séimh-shíol glan, 's ba ghaoismhar a n-easgur de'n phór. Pór Mhilésius feuch nach tirm a súla, Is leoghan na nDéise tréith gan luibh san úir air; Mo bhrón an Ghaedhilg is geur i luige a liúgh ghuirt; I ndeoidh an tréin is léir gur sgiobadh a congnamh. Congnamh tráth b'eadh Seaghán is coimirc ceannsa Do chumhdach Fáil ar bheárnaibh giolla nGallda; D'fhúigeadh tláth a gcáil 's a lochta fallsa Gan clú gan áird go bráth gan Irisleabhar-sa. Ní'l leabhar ag cléir gan béiceadh is sgread-chaoi fhiadhain; Is dall gan déirc táid Eigse i lag-luighe liag; Is oll-dubh geur é éigheamh na mban sídhe thiar,- Togha na laoch go tréith 's an fear groidhe i gcriaidh. I gcriaidh, mo bhrón! ró-fhlaith ceann-úr cas Tug liach ghuirt clódh d'Fhódla is ceasnamhail cnead, Sgiath na leoghan gcródha gan mearughadh meas Imbliadhna i bhfód leointe do cheap clú flaith. An Ceangal. Flaith atá fod' lár, a shéim-leac mhór, Flaith gan tlás b'eadh Seaghán glan Pléimionn sóghach, Flaith thug grádh Mhic Mháire i réim 'na ród, Flaith is mál fuair bás, is a Eire, is brón! Tadhg Ua Donnchudha. Connradh na Gaedhilge Atha Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services