Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bás Sheagháin Pléimionn.

Title
Bás Sheagháin Pléimionn.
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 161



Bás Sheagháin Pléimionn.



Fuair Seagha'n Pléimionn bás an t-8adh
lá fichead de Ghionbhar, i n-aois a dhá
bhliadhain agus ceithre fichid. Do bhí sé ar an
mbuidhin do chuir IRISLEABHAR NA GAE-
DHILGE ar bun atá breis agus trí bhliadhna
deug ó shoin ann. Is é an Pléimionnach do
sgríobh an ceud alt de'n cheud Irislea-
bhar. An uair do chuir ar gcara Dáithi
Coimín suas do eagarthóireacht an Iris-
leabhar, is air an bPléimionnach do
cuireadh an cúram soin i n-a ionad. Do bhí
an Pléimionnach 'na shean-fhear cheana féin
an uair sin, acht do lean sé dá ghnó an fhaid
do bhí sé 'na shláinte. Ba chruinn a eolas
ar Ghaedhilg agus ba mhór a chumas ar í do
sgríobhadh agus do labhairt. Ní bhíodh sé aon
uair gan leabhar Gaedhilge 'na láimh aige
nó le n-a ais. Do'n Ghaedhilg thug sé
grádh a chroidhe, neart a mheanman, brígh a
intinne, fuinneamh a óige, dícheall a mheadhón-
aoise, searc a shean-aoise. Go ndearnaidh
Dia trócaire ar a anam!




Iarghnó ar bhas Sheaghain Pleimionn.



Brón na bhfear ngroidhe, ceasnaidhe creucht is uch:
Leoghan na bhflaith bhfíor seal saoi chré gan chuid:
Treón an deagh-chroidhe gaisgidhigh — tréith gan truis
Leoin le ga nimhe deagh-shíol Pléimionnach.



An Pléimionnach glé-chrothach gasda glan grínn
I gcré uainn is geur-bhroid d'a maireann annso thíos;
Féile agus daondacht do cheapadh de shíor,
Is do réidhtigheadh gach daer-cheist ba deacair do'n
druíng.



Drong glan daingean is aisti dáileadh é,
Ba lúbmhar lannach i dtreas na beárnan baoghail,
I gclú 's i meas do cheap leis bárr na bpreumh,
'S i n-iúl na Banba ghlac ó chách an chraobh.



Craobh-sgaoileadh ar a líne ba lasmhar dar ndóigh,
Geug fhíor-fhada is aoirde 's is seasamhach slógh,
Preumh Thraoi thoir do shín chughainn ó Bhreatain na
seól,
Séimh-shíol glan, 's ba ghaoismhar a n-easgur de'n phór.



Pór Mhilésius feuch nach tirm a súla,
Is leoghan na nDéise tréith gan luibh san úir air;
Mo bhrón an Ghaedhilg is geur i luige a liúgh ghuirt;
I ndeoidh an tréin is léir gur sgiobadh a congnamh.



Congnamh tráth b'eadh Seaghán is coimirc ceannsa
Do chumhdach Fáil ar bheárnaibh giolla nGallda;
D'fhúigeadh tláth a gcáil 's a lochta fallsa
Gan clú gan áird go bráth gan Irisleabhar-sa.



Ní'l leabhar ag cléir gan béiceadh is sgread-chaoi
fhiadhain;
Is dall gan déirc táid Eigse i lag-luighe liag;
Is oll-dubh geur é éigheamh na mban sídhe thiar,-
Togha na laoch go tréith 's an fear groidhe i gcriaidh.



I gcriaidh, mo bhrón! ró-fhlaith ceann-úr cas
Tug liach ghuirt clódh d'Fhódla is ceasnamhail cnead,
Sgiath na leoghan gcródha gan mearughadh meas
Imbliadhna i bhfód leointe do cheap clú flaith.



An Ceangal.



Flaith atá fod' lár, a shéim-leac mhór,
Flaith gan tlás b'eadh Seaghán glan Pléimionn sóghach,
Flaith thug grádh Mhic Mháire i réim 'na ród,
Flaith is mál fuair bás, is a Eire, is brón!



Tadhg Ua Donnchudha.
Connradh na Gaedhilge Atha Cliath.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services