Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Title
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Séadna. (ar leanamhaint.) Ag teacht i gcomhgar an tighe dho, d'airigh sé na fir ag caint go hárd fé mar bheidheadh sgéal mór éigin ar siubhal acu. Nuair tháinig sé isteach do stadadar. D'fhiafruigh sé dhíobh cad do bhí ar siubhal acu. Bhí iongnadh ortha é dá fhiafraighe, mar níor ghnáth leis aon tsuim do chur 'na gcomhrádh. “Tá,” arsa duine acu, “muintir Mhichíl do bheith i mbuadhairt ar maidin indiu.” D'fheuch Séadna 'na thimcheall. “Agus cá bhfuil Micheál?” ar seisean. “D'fhan sé sa' bhaile,” arsa 'n fear a labhair. “Tá báille ag teacht ann ag tógáilt chíosa, agus ní deirim go bhfuil aon leath-phingin airgid fé dhín tighe acu.” Níor dhein Séadna acht casadh agus imtheacht an dorus amach. Baintreach dob' eadh máthair Mhichíl. Do dhein sé ceann ar aghaidh ar thigh na baintrighe. Bhí tosach ar an mbáille aige agus ní raibh acht sain. D'fháiltigh an bhaintreach roimis. “Cad tá uaidh sin?” arsa Séadna. “Tá an cíos,” ar sisi. “An mór é?” ar seisean. “Fiche punt,” ar sisi. “Seo,” ar seisean. “Tá punt sa' tseachtmhuin ag dul do Mhicheál. Sin fiche punt dá phádh roimh ré dhuit.” “Airiu,” ar sisi, “cad ar a shon go dtabharfá an oiread sain airgid dom roimh ré?” “Ar son an tSlánuightheóra,” ar seisean. “Go dtugaidh an Slánuightheoir a luach dhuit!” ar sisi. Bhí sé imthighthe sul a raibh uain aici ar a thuilleadh do rádh. Tháinig an báille isteach. Hata bán air. Pluic air. Pus mór- chúiseach air. Caingcín ramhar air. Muineál beathuighthe air. Casóg bhréide glas-caorach air. Bolg mór air. Tárr leathan air. Colpaidhe air. Bata trom draighin duibh 'na láimh. É ag cneadaigh agus ag séideadh. “Cíos nó seilbh, a bhean an tighe,” ar seisean.
Gob. O! am briathar 's am basa, a Pheg, nach bhfeaca oidhre riamh ar Sheaghán an aonaigh acht é. Peg. Agus nach báille Seaghán an aonaigh, a Ghobnuit? Gob. Am basa iseadh dar ndóigh. Peg. Cad eile mar sin? “Cíos nó seilbh, a bhean an tighe,” ar seisean, díreach mar déarfadh Seaghán an aonaigh é. Do ghlaoidh sí ar a mac. “Seo a Mhichíl,” ar sisi, “comhairimh é sin agus tabhair do'n duine mhacánta so é.” Do leath a shúile ar Mhicheál, mar ní fheacaidh sé Séadna ag tabhairt an airgid dá máthair, agus do leath a shúile ar a mbáille, mar ní raibh aon choinne aige go raibh aon leath-phingin airgid sa' tigh. Ghlac sé an cíos agus thug sé a bhóthar air, agus is é bhí go cráidhte cancarach, mar bhí an áit geallta aige an mhaidin chéadna do dhuine eile ar bhreib mhaith. “'Seadh,” arsa Séadna, ag teacht abhaile dho; “má bhí gnó idir lámhaibh aige ag lot maitheasa mo sgillinge, bíodh gnó is mó 'ná é anois aige ag lot tairbhe an fhichead punt. Is dóigh liom nach misde dhom an gnó sain d'fhagáil idir é féin agus an bhaintreach.” Tháinig sé a-bhaile agus chrom sé ar an obair. Ba ghearr go raibh Micheál isteach 'na dhiaidh agus do chrom sé ar an obair. Níor labhair aon-ne' an chuid eile de'n lá agus ní raibh le cloisdin ann acht bog-fheadghail na bhfear, anál fhada throm Shéadna, mion-bhuillidhe na gcasúr mbeag agus tarrang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh. Nuair chuaidh Micheál a-bhaile an oidhche sin, d'innis a mháthair do cad dubhairt Séadna le linn an airgid do thabhairt di do, go ndubhairt sé gur ar son an tSlánuightheóra do bhí sé dá thabhairt dí. Do bhí iongnadh ortha araon, mar níor bh'é a dtuairim riamh go raibh puinn cráibhtheachta ag baint le Séadna. Do ghluais Micheál ag sguruidheacht agus d'innis sé do bhuachaill eile é. Ba ghearr go raibh sé fada fairsing ar fuaid na dúithche. D'airigh Diarmaid Liath é. D'airigh an báille é. D'airigh Sadhbh é. “A dhaid,” arsa Sadhbh, “ar airighis cad do dhin Séadna le déidheanaighe?” “Níor airigheas agus is cuma liom.” “Sdó' a dhaid, do cheapamar go raibh ciall aige.” “Airiú agus cad do dhin sé?” arsa Diar- maid. “Do dhin sé an tuathal — rud nár theip riamh air,” ar sisi. “Agus cad é an tuathal is deireannaighe ata déanta aige?” arsa Diarmaid. “Tá,” ar sisi, “dul agus céad punt airgid do thabhairt do'n tsnamhaire bheag sain thuas, máthair Mhichíl bhacaigh.” “Airiú a Shadhbh, ná creid é.” “Ó go deimhin a dhaid, ní'l focal bréige ann. Isé an báille féin d'innis dom é. Ní fheadar cá bhfuair sé an t-airgead go léir. Agus dar ndóin, cad é an tairbhe do airgead do bheith aige má 's mar sin do cheapann sé é do sgaoileadh uaidh? Is maith a dhinis an cleamhnas do bhriseadh an uair úd. Ní chuirfinn a chathughadh go bráth dhíom mé bheith pósta ag amadán.” “Am basa, a Shadhbh,” arsa Diarmaid, “Ní mise do bhris é.” “Dhe agus darfa liath! a dhuine, cia eile bhris é acht tusa? Dár ndóigh ní hamhlaidh a mheasfá a rádh gurab é Séadna do bhris é.” “Andaigh, a ghamhain, ní dócha gur bhris aon-ne' é. Ní raibh sé ann le briseadh,” arsa Diarmuid. “Ní raibh sé ann le briseadh!” ar sisi. “Ní raibh agus ní bheidh. Is deas an saghas duine thu! Ní raibh sé ann le briseadh! Is deas an chaint í sin uait-se. Sin iad do chomharsain uile agus a gclann curtha i gcrích acu, agus chad tá déanta agat-sa? Ní raibh sé ann le briseadh! Ní raibh agus ní bheidh!” Annsain do chrom sí ar ghol. D'éirigh Diarmaid agus bhuail sé síos chum an doruis agus chuir sé a ghuala leis agus ursain agus
d'fheuch sé síos an bóthar agus annsain d'fheuch sé suas an bóthar. (leanfar de seo.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services