Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seadhna. (ar leanamhaint.)

Title
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 152


Séadna.



(ar leanamhaint.)



Ag teacht i gcomhgar an tighe dho, d'airigh
sé na fir ag caint go hárd fé mar bheidheadh
sgéal mór éigin ar siubhal acu. Nuair
tháinig sé isteach do stadadar. D'fhiafruigh
sé dhíobh cad do bhí ar siubhal acu. Bhí
iongnadh ortha é dá fhiafraighe, mar níor
ghnáth leis aon tsuim do chur 'na gcomhrádh.



“Tá,” arsa duine acu, “muintir Mhichíl
do bheith i mbuadhairt ar maidin indiu.”



D'fheuch Séadna 'na thimcheall. “Agus
cá bhfuil Micheál?” ar seisean.



“D'fhan sé sa' bhaile,” arsa 'n fear a
labhair. “Tá báille ag teacht ann ag
tógáilt chíosa, agus ní deirim go bhfuil aon
leath-phingin airgid fé dhín tighe acu.”



Níor dhein Séadna acht casadh agus imtheacht
an dorus amach.



Baintreach dob' eadh máthair Mhichíl. Do
dhein sé ceann ar aghaidh ar thigh na baintrighe.
Bhí tosach ar an mbáille aige agus ní raibh acht
sain. D'fháiltigh an bhaintreach roimis.



“Cad tá uaidh sin?” arsa Séadna.



“Tá an cíos,” ar sisi.



“An mór é?” ar seisean.



“Fiche punt,” ar sisi.



“Seo,” ar seisean. “Tá punt sa'
tseachtmhuin ag dul do Mhicheál. Sin fiche
punt dá phádh roimh ré dhuit.”



“Airiu,” ar sisi, “cad ar a shon go
dtabharfá an oiread sain airgid dom roimh
ré?”



“Ar son an tSlánuightheóra,” ar seisean.



“Go dtugaidh an Slánuightheoir a luach
dhuit!” ar sisi.



Bhí sé imthighthe sul a raibh uain aici ar a
thuilleadh do rádh. Tháinig an báille isteach.
Hata bán air. Pluic air. Pus mór-
chúiseach air. Caingcín ramhar air. Muineál
beathuighthe air. Casóg bhréide glas-caorach
air. Bolg mór air. Tárr leathan air.
Colpaidhe air. Bata trom draighin duibh
'na láimh. É ag cneadaigh agus ag séideadh.
“Cíos nó seilbh, a bhean an tighe,” ar seisean.


L. 153


Gob. O! am briathar 's am basa, a Pheg,
nach bhfeaca oidhre riamh ar Sheaghán an
aonaigh acht é.



Peg. Agus nach báille Seaghán an aonaigh,
a Ghobnuit?



Gob. Am basa iseadh dar ndóigh.



Peg. Cad eile mar sin? “Cíos nó seilbh,
a bhean an tighe,” ar seisean, díreach mar
déarfadh Seaghán an aonaigh é. Do ghlaoidh
sí ar a mac.



“Seo a Mhichíl,” ar sisi, “comhairimh é sin
agus tabhair do'n duine mhacánta so é.”



Do leath a shúile ar Mhicheál, mar ní
fheacaidh sé Séadna ag tabhairt an airgid
dá máthair, agus do leath a shúile ar a mbáille,
mar ní raibh aon choinne aige go raibh aon
leath-phingin airgid sa' tigh. Ghlac sé an
cíos agus thug sé a bhóthar air, agus is é bhí go
cráidhte cancarach, mar bhí an áit geallta
aige an mhaidin chéadna do dhuine eile ar
bhreib mhaith.



“'Seadh,” arsa Séadna, ag teacht abhaile
dho; “má bhí gnó idir lámhaibh aige ag lot
maitheasa mo sgillinge, bíodh gnó is mó 'ná
é anois aige ag lot tairbhe an fhichead punt.
Is dóigh liom nach misde dhom an gnó sain
d'fhagáil idir é féin agus an bhaintreach.”



Tháinig sé a-bhaile agus chrom sé ar an obair.
Ba ghearr go raibh Micheál isteach 'na dhiaidh
agus do chrom sé ar an obair. Níor labhair
aon-ne' an chuid eile de'n lá agus ní raibh le
cloisdin ann acht bog-fheadghail na bhfear,
anál fhada throm Shéadna, mion-bhuillidhe na
gcasúr mbeag agus tarrang agus fásgadh an
tsnátha chéaraigh.



Nuair chuaidh Micheál a-bhaile an oidhche sin,
d'innis a mháthair do cad dubhairt Séadna
le linn an airgid do thabhairt di do, go
ndubhairt sé gur ar son an tSlánuightheóra
do bhí sé dá thabhairt dí. Do bhí iongnadh
ortha araon, mar níor bh'é a dtuairim riamh
go raibh puinn cráibhtheachta ag baint le
Séadna.



Do ghluais Micheál ag sguruidheacht agus
d'innis sé do bhuachaill eile é. Ba ghearr
go raibh sé fada fairsing ar fuaid na
dúithche. D'airigh Diarmaid Liath é. D'airigh
an báille é. D'airigh Sadhbh é.



“A dhaid,” arsa Sadhbh, “ar airighis cad do
dhin Séadna le déidheanaighe?”



“Níor airigheas agus is cuma liom.”



“Sdó' a dhaid, do cheapamar go raibh ciall
aige.”



“Airiú agus cad do dhin sé?” arsa Diar-
maid.



“Do dhin sé an tuathal — rud nár theip
riamh air,” ar sisi.



“Agus cad é an tuathal is deireannaighe
ata déanta aige?” arsa Diarmaid.



“Tá,” ar sisi, “dul agus céad punt airgid
do thabhairt do'n tsnamhaire bheag sain thuas,
máthair Mhichíl bhacaigh.”



“Airiú a Shadhbh, ná creid é.”



“Ó go deimhin a dhaid, ní'l focal bréige
ann. Isé an báille féin d'innis dom é.
Ní fheadar cá bhfuair sé an t-airgead go
léir. Agus dar ndóin, cad é an tairbhe
do airgead do bheith aige má 's mar sin do
cheapann sé é do sgaoileadh uaidh? Is maith
a dhinis an cleamhnas do bhriseadh an uair
úd. Ní chuirfinn a chathughadh go bráth dhíom
mé bheith pósta ag amadán.”



“Am basa, a Shadhbh,” arsa Diarmaid,
“Ní mise do bhris é.”



“Dhe agus darfa liath! a dhuine, cia eile
bhris é acht tusa? Dár ndóigh ní hamhlaidh
a mheasfá a rádh gurab é Séadna do bhris
é.”



“Andaigh, a ghamhain, ní dócha gur bhris
aon-ne' é. Ní raibh sé ann le briseadh,”
arsa Diarmuid.



“Ní raibh sé ann le briseadh!” ar sisi.
“Ní raibh agus ní bheidh. Is deas an saghas
duine thu! Ní raibh sé ann le briseadh! Is
deas an chaint í sin uait-se. Sin iad do
chomharsain uile agus a gclann curtha i gcrích
acu, agus chad tá déanta agat-sa? Ní raibh
sé ann le briseadh! Ní raibh agus ní bheidh!”



Annsain do chrom sí ar ghol. D'éirigh
Diarmaid agus bhuail sé síos chum an doruis
agus chuir sé a ghuala leis agus ursain agus


L. 154


d'fheuch sé síos an bóthar agus annsain d'fheuch
sé suas an bóthar.



(leanfar de seo.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services