Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
The Romance of Mis and Dubh Ruis
Title
The Romance of Mis and Dubh Ruis
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1769
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1954)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Mis inghéan Dáire Dhóidgheal cct ag caoine a céile agus a cómpáin .i. Dubh Ruis, crutaire ceólbhinn Feidhlime mhic Criobhthuin rígh Múmhan. Óir do mharbhadar ceithrinn Chlainne Muiris an Dubh Ruis seo an tan do chuaidh ag tógbháil áirdchíosa orrtha do thug an Rígh Feidhlim dho do thaoibh Mis ní Dáire do chlódh agus do thabhairt chum céille. Óir do bhí sí seacht bhfithchid bliaghuin nó do réir droinge eile trí chéad bliaghuin 'na geilt air Shliabh Mis a mBarrantacht Chlainne Muiris taoibh le Tráighlidh a cContaodh Chiarruidhe ón lá do marbhadh a hathair Dáire Mór, do tháinig ag déanamh conngcuis na hÉirionn a cCaith Fiontrágha. Óir do thug ise leis mar dobadh í a aoininghean í, agus ar ccur an chatha tháinigh sí maille re drongbhuidhean a lorg cuirp a hathar ar feadh an áir; agus iar bhfagháil an chuirp go n-iomad créachta di, gabhus ag súgha agus ag ól na fola as na créachtuibh, gur imthig fá dheoig air faoidhe foluamhuin le fiabhrus gealtachuis go Sliabh Mis, gur fhan ann leis an rae romhráidhte gur fhás clúmh agus gruaig chómh fada san uirthe go mbíodh ag slíobadh na talmhun iona dheadhaig. D'fhásadar fós ingnidh a cos agus a lámh chómh hinnmheódhnach san ionas nach raibh duine ná beathadhach do theangmhadh lé ná stróicfeadh sí gan fuirreach. Do chuir fós foluamhain a gealtachais an seoladh siubhail sin fúithe go ritheach mar an ngaoith ionas go sáruigheadh a rith nídh ar bith budh mhian lé, agus ní raibh alta ná duine dá marbhthaoi lé ná hitheadh agus ná hóladh an mhéid budh mhian lé dá ccuid fola agus feóla, ionas go ndeárnuidh fásach air uathadh daoine agus airnéise le heagla roimpe don taoibh dúthaidh dá ngairimthear Barrantacht Chlainne Muiris, óir do chuir an Rígh Feidhlime forfhógra geanaralta amach gan a marrúgh ar chor air bith. Gidheadh do thairg agus do gheall duaise móra maille re árdchíosa na barrantacht
céadhna don tí do gheóbhadh nó do thiubhradh chum láimhe í iona beathaidh. Triallaid mórán dá hionsuighe diaig a ndiaigh gur caileadh a n-urmhór san eachtradh lé. Gidheadh dubhairt Dubh Ruis, an cláirseóir, fá dheóig le Feidhlim, an rígh, go rachadh féin dá hionnsuidhe le na chláirsig, go raibh an rígh ag fochuidhbhe faoi, gur iar Dubh Ruis air glac óir agus glac airigid do thabhairt do go raibh riachtanach chum na heachtradh, agus go rachadh dá hionsuídhe. Tugas an rígh an t-ór 's an t-airgead do, agus nocha ndearnaig fuirreach gur shoich sé go Sliabh Mis. Agus ar ndul fá an sliabh do, suigheas ann san áit ionar dhóith leis í do ghabháil, leathus a bhrat nó a chlócadh faoi, agus sgaipeas an t-ór 's an t-airigead ar imealuibh an bhruit. Luigheas air a dhromm. Cuireas an chláirseach ar a chorp. Fhosglus a thriús nó a bhríste, agus nochtas é féin, óir do tuigeadh dho dá bhfaghadh luidhe léi agus feis lé gomadh maith an mogha nó an meodhan do chum a tabhartha chum a céille nó chum a réasúin nádúrtha é. Níor chian do mair sin an tan táinig sí chum láithrig air ccloistin an cheóil di, agus do sheasaimh sí go n-iomad fiaghantuis aig éisteacht leis agus aig feitheamh air. "Nach duine thú?" air sí. "Aseadh," air sé. "Créad é seo?" air sí, ag cur a láimhe air an ccruit. "Cláirseach", air sé. "Ho, hó!", air sí, "as cuimhin liom an chláirseach. Do bhíoch a samhuilt aigam athair. Seinn dom í." "Déan", air sé, "acht ná déin dochar ná díoghbháil dam." "Nocha ndéanfad", air sí. Féachus ann san air an ór agus air an airigead go ndubhairt "Créad iad so?" "Ór agus airigead", air sé. "As cuimhin liom", air sí, "Do bhíoch ór agam athair. Och ón!"
Sméide súl dá ttug sí, adchonairc sí a dheaghnocht agus na baill súgartha go ndubhairt "Créad iad so?", air sí, lé a mhála nó le a eoin eadhbhair. Agus do innis di. "Créad é seo?" ar sí, leis an rod eile adchonairc sí. "Atá, crann clis", ar sé. "Nochan cuimhin liom san", air sí. "Ní raibh a shamhuil agam athair." "Crann clis" air sí arís; "créad é an cleas?" "Suig taoibh liom", air sé, "agus déanfaigh mé cleas an chrainn sin dhuit." "Déanfad", ar sí, "agus fan am fhochair." "Fanfad", air sé, gur luig agus go ndearnuig feis lé, go ndubhairt sí "Ha, ba, bá, maith é an cleas, dein arís é." "Deinfead", ar sé, "gidheadh seinfead an chláirseach dhuit air ttúis. "Ná bac an chláirseach", ar sí, "acht dein an cleas." "As mian liom biadh nó beathadh do chathamh", ar sé, "óir atá ocrus orrum." "Do-gheabhadh meise fiadh duit", air sí. "Dein", air sé, "agus atá arrán agam fhéin." "Cá bhfuil sé?" ar sí. "Ag so é", air sé. "Ha, há, as cuimhin liom an t-arrán; do bhíodh sé aigam athair", air sí. "Ná himidh uaim", air sí. "Ní imtheóchad", ar sé. Ní cian do bhí sí uaidh an tan táinig agus fiadh táruighthe faoina hosguil aice, d'innseas duit le foluaimhin an ghealtachuis go ritheadh sí mar an ngaoith gur mheas an fiadh do stracadh chum a ithche mar do bhí, go ndubhairt Dubh Ruis lé "Fóill", ar sé, "go ndeinead an fiadh do chosgairt agus an fheóil do bhruith." Leis sin gearras sgórnach an fhiadh agus cuirreas as a chroicean é. An san do rín sé morc mór tine do chríonadhmad na coille, agus do chruinnidh caranán do chlochuibh ídhir, agus cuireas annsa tine iad. Do rin poll coimhleathan cómhchrainn annsa tallamh, agus líonus le huisge é. Gearas suas a chuid feóla agus filleas suas a ndluig seisge í, agus súgán suadhinfháisgithe uirthe, agus cuireas annsa pholl í go raibh ag biatha agus ag
buanchur na cclocha ccoimhdhearraga ccianloisgithe sin san uisge, gur chuinngidh ag síorfhiuchadh é nó go madh bruighte do a ccuid feóla. Tógbhas as an bpoll í, agus cuireas geir an fhiadh annsan uisge fiuchta nó gur leigheadh í air an uisge. Leathus chuige air croicean an fhiadh a chuid aráin agus feóla go ndubhairt léisi teacht agus a proinn do chathamh, óir do bhí sí le mórán suaimhnis agus machtnaimh ag feitheamh agus ag féachaint air ar feadh na haimsire sin uile. "As cuimhin liom", ar sí, "gur bruighte do bhíoch feóil agam athair, agus atá fhios agam innis gurb amhlaidh as fearr í, agus nach mar bhíoch sí agam-sa." Leis sin briseas Dubh Ruis an t-arán agus gearras an fheóil chuiche go ttug fá dearra uirthi a sásamh do chathamh don bhiadh le suaimhneas agus le síorshólás, ionas go ndubhairt sí leis go ndeinfeadh sí gach nídh adéarfadh lé ach fanamhuin 'na fochair. Agus do gheall seision di go bhfainfeadh sé. Annsan do thug sé iona chlócadh nó iona chathbhara uisge glan chuiche gur ól sí a leórdhóithchin de. Tógbhas leis annsan í gus an bpoll iona raibh an t-anbhruith lagfhuar agus geir an fhiadh leachta air, agus cuireas ana seasamh ann í, agus gabhas cuige sgraith an fhiadh gur chimil agus gur chómhshuaith snadhmanna a cuirp agus a cnámha go huile, agus gabhas agá sgrios, agá sgrabh, agus agá sleamhuinslíobadh le geir an fhiadh agus leis an anbhruigh nó gur ghlan mórán í, agus gur bhain srotháin allais aiste amhlaidh san. Gabhas chuige duilleámhur crann, caonach agus glasluachair, agus cóirigheas leabhaidh dhi. Leathas croicean an fhiadh fúithe agus a bhrat tháirse. Luigheas féin le na taoibh, do rin feis lé, agus codluid amhlaidh san go maidin. Gidheadh nochairbh fhéidir leis a dúiseacht air maidin, gur éirghidh féin gur chlúdaigh uimpe go ndeárnuig both nó sgáith do bhár agus do ghéaguibh crann timpcheall uirthe, agus nochair dhúisig sí go tráthnónadh, agus ó nach fuair sí eisean iona
fochair, gabhas agá chaoine agus é ag éisdeacht lé gan fhios di go n-abradh sí air measg gach nídh eile: -
"Ní hé an t-ór do chaoinim, an chruit bhinn, ná na heoin eadhbhair, acht an crann clis do bhí aig Dubh Ruis mac Rághnaill."
Do bhí amhlaidh san iona fochair air an sliabh air feadh dhá mhíos, agus a gceann na haimsire sin do thuit an clúmh go hiomshlán di, óna síorsgrios agus óna glana amhuil adubhramair, agus fós go ttáinig a ciall agus a cuimhne, a meabhair agus a réasún nádúrtha dhi, gur chuir Dubh Ruis éadach go diongmhála uirthe sul tug leis chum baile í. Agus fós sgríbhthear go raibh sí ionna cruith agus iona clódh, agus fós annsan aois céadhna iona raibh sí an lá chuaig sí le gealtachas air an sliabh, gur phós Dubh Ruis í, agus go ttug sí ceathrar clainne chuige, agus go raibh air mhnáibh áille ilbhéasacha na Múmhan le a linn. Gidheadh fá dheóig iar ndul do Dubh Ruis amm d'áirighthe ag tógbháil an áirdchíosa rómhráighte, gabhaidh ceithrinn chlainne Muiris stéig bhrághad aige, go bhfuair bás amhuil adúbhramair, go ndearnuig sise na laoithe seo síos a moghadh caoineacháin ós cionn a chuirp: Dubh Ruis do badh ríogha gnúis, etc.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services