Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Romance of Mis and Dubh Ruis

Title
The Romance of Mis and Dubh Ruis
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1769
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1954)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Mis inghéan Dáire Dhóidgheal cct ag caoine a céile agus a
cómpáin .i. Dubh Ruis, crutaire ceólbhinn Feidhlime mhic
Criobhthuin rígh Múmhan. Óir do mharbhadar ceithrinn
Chlainne Muiris an Dubh Ruis seo an tan do chuaidh ag
tógbháil áirdchíosa orrtha do thug an Rígh Feidhlim dho
do thaoibh Mis ní Dáire do chlódh agus do thabhairt chum
céille. Óir do bhí sí seacht bhfithchid bliaghuin nó do
réir droinge eile trí chéad bliaghuin 'na geilt air Shliabh Mis
a mBarrantacht Chlainne Muiris taoibh le Tráighlidh a
cContaodh Chiarruidhe ón lá do marbhadh a hathair Dáire
Mór, do tháinig ag déanamh conngcuis na hÉirionn a
cCaith Fiontrágha. Óir do thug ise leis mar dobadh í a
aoininghean í, agus ar ccur an chatha tháinigh sí maille re
drongbhuidhean a lorg cuirp a hathar ar feadh an áir;
agus iar bhfagháil an chuirp go n-iomad créachta di,
gabhus ag súgha agus ag ól na fola as na créachtuibh, gur imthig
fá dheoig air faoidhe foluamhuin le fiabhrus gealtachuis go
Sliabh Mis, gur fhan ann leis an rae romhráidhte gur fhás
clúmh agus gruaig chómh fada san uirthe go mbíodh ag slíobadh
na talmhun iona dheadhaig. D'fhásadar fós ingnidh a cos
agus a lámh chómh hinnmheódhnach san ionas nach raibh
duine ná beathadhach do theangmhadh lé ná stróicfeadh
sí gan fuirreach.



Do chuir fós foluamhain a gealtachais an seoladh siubhail
sin fúithe go ritheach mar an ngaoith ionas go sáruigheadh
a rith nídh ar bith budh mhian lé, agus ní raibh alta ná duine
dá marbhthaoi lé ná hitheadh agus ná hóladh an mhéid
budh mhian lé dá ccuid fola agus feóla, ionas go ndeárnuidh
fásach air uathadh daoine agus airnéise le heagla roimpe don
taoibh dúthaidh dá ngairimthear Barrantacht Chlainne
Muiris, óir do chuir an Rígh Feidhlime forfhógra geanaralta
amach gan a marrúgh ar chor air bith. Gidheadh do thairg
agus do gheall duaise móra maille re árdchíosa na barrantacht


L. 329


céadhna don tí do gheóbhadh nó do thiubhradh chum
láimhe í iona beathaidh.



Triallaid mórán dá hionsuighe diaig a ndiaigh gur caileadh
a n-urmhór san eachtradh lé. Gidheadh dubhairt Dubh Ruis,
an cláirseóir, fá dheóig le Feidhlim, an rígh, go rachadh
féin dá hionnsuidhe le na chláirsig, go raibh an rígh ag
fochuidhbhe faoi, gur iar Dubh Ruis air glac óir agus glac
airigid do thabhairt do go raibh riachtanach chum na
heachtradh, agus go rachadh dá hionsuídhe. Tugas an rígh an
t-ór 's an t-airgead do, agus nocha ndearnaig fuirreach gur
shoich sé go Sliabh Mis. Agus ar ndul fá an sliabh do, suigheas
ann san áit ionar dhóith leis í do ghabháil, leathus a bhrat
nó a chlócadh faoi, agus sgaipeas an t-ór 's an t-airigead
ar imealuibh an bhruit. Luigheas air a dhromm. Cuireas
an chláirseach ar a chorp. Fhosglus a thriús nó a bhríste,
agus nochtas é féin, óir do tuigeadh dho dá bhfaghadh luidhe
léi agus feis lé gomadh maith an mogha nó an meodhan do
chum a tabhartha chum a céille nó chum a réasúin nádúrtha
é. Níor chian do mair sin an tan táinig sí chum láithrig
air ccloistin an cheóil di, agus do sheasaimh sí go n-iomad
fiaghantuis aig éisteacht leis agus aig feitheamh air. "Nach
duine thú?" air sí. "Aseadh," air sé. "Créad é seo?" air
sí, ag cur a láimhe air an ccruit. "Cláirseach", air sé. "Ho,
hó!", air sí, "as cuimhin liom an chláirseach. Do bhíoch
a samhuilt aigam athair. Seinn dom í." "Déan", air sé,
"acht ná déin dochar ná díoghbháil dam." "Nocha ndéanfad",
air sí. Féachus ann san air an ór agus air an airigead
go ndubhairt "Créad iad so?" "Ór agus airigead", air sé.
"As cuimhin liom", air sí, "Do bhíoch ór agam athair.
Och ón!"


L. 330


Sméide súl dá ttug sí, adchonairc sí a dheaghnocht agus
na baill súgartha go ndubhairt "Créad iad so?", air sí,
lé a mhála nó le a eoin eadhbhair. Agus do innis di. "Créad
é seo?" ar sí, leis an rod eile adchonairc sí. "Atá, crann
clis", ar sé. "Nochan cuimhin liom san", air sí. "Ní raibh
a shamhuil agam athair." "Crann clis" air sí arís; "créad
é an cleas?" "Suig taoibh liom", air sé, "agus déanfaigh mé
cleas an chrainn sin dhuit." "Déanfad", ar sí, "agus fan am
fhochair." "Fanfad", air sé, gur luig agus go ndearnuig feis lé,
go ndubhairt sí "Ha, ba, bá, maith é an cleas, dein arís é."
"Deinfead", ar sé, "gidheadh seinfead an chláirseach dhuit
air ttúis. "Ná bac an chláirseach", ar sí, "acht dein an
cleas." "As mian liom biadh nó beathadh do chathamh",
ar sé, "óir atá ocrus orrum." "Do-gheabhadh meise fiadh
duit", air sí. "Dein", air sé, "agus atá arrán agam fhéin."
"Cá bhfuil sé?" ar sí. "Ag so é", air sé. "Ha, há, as cuimhin
liom an t-arrán; do bhíodh sé aigam athair", air sí. "Ná
himidh uaim", air sí. "Ní imtheóchad", ar sé.



Ní cian do bhí sí uaidh an tan táinig agus fiadh táruighthe
faoina hosguil aice, d'innseas duit le foluaimhin an
ghealtachuis go ritheadh sí mar an ngaoith gur mheas
an fiadh do stracadh chum a ithche mar do bhí, go
ndubhairt Dubh Ruis lé "Fóill", ar sé, "go ndeinead an
fiadh do chosgairt agus an fheóil do bhruith." Leis sin gearras
sgórnach an fhiadh agus cuirreas as a chroicean é. An san do
rín sé morc mór tine do chríonadhmad na coille, agus do
chruinnidh caranán do chlochuibh ídhir, agus cuireas annsa
tine iad. Do rin poll coimhleathan cómhchrainn annsa
tallamh, agus líonus le huisge é. Gearas suas a chuid feóla agus
filleas suas a ndluig seisge í, agus súgán suadhinfháisgithe
uirthe, agus cuireas annsa pholl í go raibh ag biatha agus ag


L. 331


buanchur na cclocha ccoimhdhearraga ccianloisgithe sin
san uisge, gur chuinngidh ag síorfhiuchadh é nó go madh
bruighte do a ccuid feóla. Tógbhas as an bpoll í, agus cuireas
geir an fhiadh annsan uisge fiuchta nó gur leigheadh í air
an uisge. Leathus chuige air croicean an fhiadh a chuid
aráin agus feóla go ndubhairt léisi teacht agus a proinn do chathamh,
óir do bhí sí le mórán suaimhnis agus machtnaimh ag feitheamh
agus ag féachaint air ar feadh na haimsire sin uile. "As cuimhin
liom", ar sí, "gur bruighte do bhíoch feóil agam athair, agus
atá fhios agam innis gurb amhlaidh as fearr í, agus nach mar
bhíoch sí agam-sa." Leis sin briseas Dubh Ruis an t-arán
agus gearras an fheóil chuiche go ttug fá dearra uirthi a sásamh
do chathamh don bhiadh le suaimhneas agus le síorshólás,
ionas go ndubhairt sí leis go ndeinfeadh sí gach
nídh adéarfadh lé ach fanamhuin 'na fochair. Agus do gheall
seision di go bhfainfeadh sé. Annsan do thug sé iona chlócadh
nó iona chathbhara uisge glan chuiche gur ól sí a leórdhóithchin
de.



Tógbhas leis annsan í gus an bpoll iona raibh an t-anbhruith
lagfhuar agus geir an fhiadh leachta air, agus cuireas ana
seasamh ann í, agus gabhas cuige sgraith an fhiadh gur chimil
agus gur chómhshuaith snadhmanna a cuirp agus a cnámha go
huile, agus gabhas agá sgrios, agá sgrabh, agus agá sleamhuinslíobadh
le geir an fhiadh agus leis an anbhruigh nó gur ghlan
mórán í, agus gur bhain srotháin allais aiste amhlaidh san.
Gabhas chuige duilleámhur crann, caonach agus glasluachair,
agus cóirigheas leabhaidh dhi. Leathas croicean an fhiadh
fúithe agus a bhrat tháirse. Luigheas féin le na taoibh, do rin
feis lé, agus codluid amhlaidh san go maidin. Gidheadh
nochairbh fhéidir leis a dúiseacht air maidin, gur éirghidh
féin gur chlúdaigh uimpe go ndeárnuig both nó sgáith do
bhár agus do ghéaguibh crann timpcheall uirthe, agus nochair
dhúisig sí go tráthnónadh, agus ó nach fuair sí eisean iona


L. 332


fochair, gabhas agá chaoine agus é ag éisdeacht lé gan fhios
di go n-abradh sí air measg gach nídh eile: -




"Ní hé an t-ór do chaoinim, an chruit bhinn, ná na
heoin eadhbhair,
acht an crann clis do bhí aig Dubh Ruis mac
Rághnaill."




Do bhí amhlaidh san iona fochair air an sliabh air feadh
dhá mhíos, agus a gceann na haimsire sin do thuit an clúmh
go hiomshlán di, óna síorsgrios agus óna glana amhuil adubhramair,
agus fós go ttáinig a ciall agus a cuimhne, a meabhair
agus a réasún nádúrtha dhi, gur chuir Dubh Ruis éadach go
diongmhála uirthe sul tug leis chum baile í. Agus fós
sgríbhthear go raibh sí ionna cruith agus iona clódh, agus fós
annsan aois céadhna iona raibh sí an lá chuaig sí le gealtachas
air an sliabh, gur phós Dubh Ruis í, agus go ttug sí ceathrar
clainne chuige, agus go raibh air mhnáibh áille ilbhéasacha
na Múmhan le a linn. Gidheadh fá dheóig iar ndul do Dubh
Ruis amm d'áirighthe ag tógbháil an áirdchíosa rómhráighte,
gabhaidh ceithrinn chlainne Muiris stéig bhrághad
aige, go bhfuair bás amhuil adúbhramair, go ndearnuig sise
na laoithe seo síos a moghadh caoineacháin ós cionn a
chuirp:



Dubh Ruis do badh ríogha gnúis, etc.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services