Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Galway Irish. An chaoi ar cuireadh ar gcúl custom ar fhataidhe i nGaillimh.
Title
Galway Irish. An chaoi ar cuireadh ar gcúl custom ar fhataidhe i nGaillimh.
Author(s)
Ó Flaithbheartaigh, Seaghán,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GALWAY IRISH An chaoi ar cuireadh ar gcúl custom ar fhataidhe i nGaillimh. 'Tuige nach bhfuil custom ar fhataidhe i nGaillimh chomh maith le ins gach uile bhaile mór eile i nÉirinn? Maiseadh, a dhuine chóir, ó's mian leat fios freagra fhagháil, innseo'd duit chomh fada a's tá ughdarthás agam ar an sgeul. I dtús an tsaoghail, ní raibh go deimhin an gnás so 'san gcathair; agus ní leigfidhe leathtrom chomh mór sin a dhéanamh ar na boicht an fhad a's bhí na Flaithbheartaigh i gcumhacht 'sa gcondae. Acht “'nuair beanadh an tuagh as lámha na saor,” sin í an uair a b'éigean do'n duine íseal bheith umhal f'reisin. Tháinic anall na Sasa- naigh, agus ní go réidh. Tá a fhios ag gach uile dhuine ciar'd rinneadar th'réis a theacht dóibh. Acht is é briseadh Eachdhroma d'fhág dólás agus brón go buan i gcroidhe na ndaoine, agus d'fhág fán ar iomad créatúr agus ar an sliocht tháinig 'na ndiaidh. Seo é an nídh d'fhág na Cromwellians 'nar measg, óir creidim go bhfuil trí chuid do bhaile mór na Gaillimhe ag a mbunadh indiu. 'Nuair tóigeadh an talamh as lámha uaisle na tíre, tugadh é do'n dream so, a bhí uaidh seo suas 'na maighistiridhe ós cionn na ndaoine. Is acab-san bhí an dlighe 'dheunamh, 'mhilleadh nó áithdhéanamh. 'Réir a dlighe sin, is iomdha fear bocht a tóigeadh d'á leabaidh ar uair an mheadhóin oidhche, agus crochadh go sgannalach roimh sheachtmhain ó'n oidhche sin, mar gheall ar an nídh úd nach ndeárnadh. Acht ní gan adhbar, a dhuine mhuinteardha, rinneadh na beirt úd 'imirt, ná iomad creach eile do'n tsórt so; mar seo é an chaoi ab'fhusa dhóibh seilbh d'fhagháil ar gach nídh saoghalta d'á raibh aige. Tar éis an t-athrughadh so 'thidheacht sa' saoghal, 'seadh cuireadh custom ar bheárnaibh
na mbailte mór; agus 'na dhiaidh so, ní raibh sé ceaduightheach nídh ar bith 'thabhairt isteach lé díol, nó 'cheannach amach, gan suim bheag airgid 'íoc. Seal gearr ó shoin, bhí gabha 'na chomhnuidhe tuairim a naoi nó a deich do mhílte ó thuaidh de Ghaillimh, lé fairrge thiar, agus 'sé an t-ainm bhí air, “Gabha na Rainnighe.” Bhí feilm bheag thalmhan aige, agus badh é an tigh- earna bhí air, an Cuimíneac, má thuigim i gceart é. Ba ghnáthach lé gach uile cheann tighe 'san am sin cóta mór a bheith aige; agus 'ar ndó', bhí ceann ag an ngabha, a chlúduigh é ó mhullach a chinn go bonn a chos, agus b'fhéidir go mbadh é an phluid ab'fhearr é bhíodh thairis iomdha geimhreadh cruaidh fuar. Acht bíodh sin mar bhí : leanadh muid' e do'n sgeul atá ar bun againn, nó go mbeidh sé críochnuigh'e ar nós ar bith. 'Dtaobh an chóta mhóir, ba ghnáthach le gach uile fhear é bheith aige 'dul ag aonach nó ag margadh, nó i n-áit suaitheantasach ar bith eile. Déantaoi é do bhréidín glas ó olainn na gcaorach, agus bhíodh beilt do'n eudach ceudna aniar trasna faoi n-a lár. Os a chionn so, bhíodh hata árd, mar hata sag- airt, acht i bhfad níos faide; agus 'sé seo an fáth a raibh na fir 'san am sin go mór níos mó 'ná tá siad anois, nídh nach iongan- tas. Agus nár mhór an fear ógánach ar bith ar an líne seo, dá gcuirfidhe a seacht nó a hocht do throighthe do hata ós árd ar a cheann. Acht anois leigimid de seo, agus leanadh muid do'n ród a rinne muid 'ionnsuighe ar dtús. Maiseadh, theastuigh suim bheag airgid ó'n ngabha lá, agus amach leis 'san ngarrdha, agus thosuigh sé a' baint fhataidhe, nó go raibh ualach aige. Ar maidin Dia Sathairn bhí'ugad, bhuail an tsrathair ar a chapall, agus a dhá lód lán d'fhataidhe “cups“ ar phighinn an chloch. Chaith sé a chóta mór ós cionn a sgórnaighe, agus shuidh sé fhéin ar dheireadh an chapaill, agus as go bráthach go Gaillimh leis. Níor stad riamh go dtáinig go ceann thoir Bhóthair na Trágha, ag an áit i dteangann sé amach ar Bhóthar Árd an Táilliúra. Bhí annsin teaichín beag cinn tuighe, agus d'éirigh as amach roimh an ngabha fear a raibh cead aige an custom a ghla- cadh. D'iarr sé go símhialta an custom, agus annsin sheas an gabha. Thosuigh sé a' tóruidheacht a phócaidhe folamh briste, acht ní raibh sgiúrtóg fhéin iontab, ná áit chomhnuidhe ar bith dhó. Mheas sé annsin dul a-bhaile, acht an duine bocht, níor fhág san mbaile 'na dhiaidh acht luaithe na ceardchan. Faoi dheireadh a's faoi dheoidh, thairg sé an cóta mór do'n fhear, nó go dtiocfadh sé ar ais arísd leis an gcustom, th'réis na fataidhe dhíol. Ghlac an fear an cóta mór go sásta, agus thug sé isteach é 'na theaichín brocach súigheach. Thiomáin Gabha na Rain- nighe leis annsin, acht a'dul isteach an Baile Meadhónach dhó, cia casadh air a' teacht amach acht tighearna na talmhana. Chuir an tighearna caint air, agus d'fhiar- fhuigh dhe godé an fáth nach raibh a chóta mór air, a leithéid sin do lá báistighe. D'innis an gabha an sgeul dó; agus annsin d'fháisg seisean a bheul, chroith a cheann, agus dubhairt leis an ngabha bheith thuas ag an gcúirt ag a leithéid seo 'chlog, Dia Luain bhí 'ugad. (Tuilleadh.) Seaghán Ó Flaithbheartaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services