GALWAY IRISH
An chaoi ar cuireadh ar gcúl
custom ar fhataidhe i nGaillimh.
'Tuige nach bhfuil custom ar fhataidhe i
nGaillimh chomh maith le ins gach uile bhaile
mór eile i nÉirinn?
Maiseadh, a dhuine chóir, ó's mian leat
fios freagra fhagháil, innseo'd duit chomh
fada a's tá ughdarthás agam ar an sgeul.
I dtús an tsaoghail, ní raibh go deimhin
an gnás so 'san gcathair; agus ní leigfidhe
leathtrom chomh mór sin a dhéanamh ar na
boicht an fhad a's bhí na Flaithbheartaigh i
gcumhacht 'sa gcondae. Acht “'nuair
beanadh an tuagh as lámha na saor,” sin í
an uair a b'éigean do'n duine íseal bheith
umhal f'reisin. Tháinic anall na Sasa-
naigh, agus ní go réidh. Tá a fhios ag gach uile
dhuine ciar'd rinneadar th'réis a theacht
dóibh. Acht is é briseadh Eachdhroma d'fhág
dólás agus brón go buan i gcroidhe na ndaoine,
agus d'fhág fán ar iomad créatúr agus ar an
sliocht tháinig 'na ndiaidh. Seo é an nídh
d'fhág na Cromwellians 'nar measg, óir
creidim go bhfuil trí chuid do bhaile mór
na Gaillimhe ag a mbunadh indiu. 'Nuair
tóigeadh an talamh as lámha uaisle na tíre,
tugadh é do'n dream so, a bhí uaidh seo suas
'na maighistiridhe ós cionn na ndaoine. Is
acab-san bhí an dlighe 'dheunamh, 'mhilleadh
nó áithdhéanamh. 'Réir a dlighe sin, is
iomdha fear bocht a tóigeadh d'á leabaidh ar
uair an mheadhóin oidhche, agus crochadh go
sgannalach roimh sheachtmhain ó'n oidhche sin,
mar gheall ar an nídh úd nach ndeárnadh.
Acht ní gan adhbar, a dhuine mhuinteardha,
rinneadh na beirt úd 'imirt, ná iomad
creach eile do'n tsórt so; mar seo é an
chaoi ab'fhusa dhóibh seilbh d'fhagháil ar gach
nídh saoghalta d'á raibh aige.
Tar éis an t-athrughadh so 'thidheacht sa'
saoghal, 'seadh cuireadh custom ar bheárnaibh
na mbailte mór; agus 'na dhiaidh so, ní raibh
sé ceaduightheach nídh ar bith 'thabhairt isteach
lé díol, nó 'cheannach amach, gan suim bheag
airgid 'íoc.
Seal gearr ó shoin, bhí gabha 'na chomhnuidhe
tuairim a naoi nó a deich do mhílte ó thuaidh
de Ghaillimh, lé fairrge thiar, agus 'sé an
t-ainm bhí air, “Gabha na Rainnighe.” Bhí
feilm bheag thalmhan aige, agus badh é an tigh-
earna bhí air, an Cuimíneac, má thuigim i
gceart é. Ba ghnáthach lé gach uile cheann
tighe 'san am sin cóta mór a bheith aige;
agus 'ar ndó', bhí ceann ag an ngabha, a
chlúduigh é ó mhullach a chinn go bonn a chos,
agus b'fhéidir go mbadh é an phluid ab'fhearr é
bhíodh thairis iomdha geimhreadh cruaidh fuar.
Acht bíodh sin mar bhí : leanadh muid' e do'n
sgeul atá ar bun againn, nó go mbeidh sé
críochnuigh'e ar nós ar bith.
'Dtaobh an chóta mhóir, ba ghnáthach le gach
uile fhear é bheith aige 'dul ag aonach nó ag
margadh, nó i n-áit suaitheantasach ar bith
eile. Déantaoi é do bhréidín glas ó
olainn na gcaorach, agus bhíodh beilt do'n eudach
ceudna aniar trasna faoi n-a lár. Os
a chionn so, bhíodh hata árd, mar hata sag-
airt, acht i bhfad níos faide; agus 'sé seo an
fáth a raibh na fir 'san am sin go mór
níos mó 'ná tá siad anois, nídh nach iongan-
tas. Agus nár mhór an fear ógánach ar
bith ar an líne seo, dá gcuirfidhe a seacht
nó a hocht do throighthe do hata ós árd ar a
cheann. Acht anois leigimid de seo, agus
leanadh muid do'n ród a rinne muid
'ionnsuighe ar dtús.
Maiseadh, theastuigh suim bheag airgid ó'n
ngabha lá, agus amach leis 'san ngarrdha, agus
thosuigh sé a' baint fhataidhe, nó go
raibh ualach aige. Ar maidin Dia
Sathairn bhí'ugad, bhuail an tsrathair ar a
chapall, agus a dhá lód lán d'fhataidhe “cups“
ar phighinn an chloch. Chaith sé a chóta mór ós
cionn a sgórnaighe, agus shuidh sé fhéin ar
dheireadh an chapaill, agus as go bráthach go
Gaillimh leis. Níor stad riamh go dtáinig
go ceann thoir Bhóthair na Trágha, ag an áit
i dteangann sé amach ar Bhóthar Árd an
Táilliúra. Bhí annsin teaichín beag cinn
tuighe, agus d'éirigh as amach roimh an ngabha
fear a raibh cead aige an custom a ghla-
cadh.
D'iarr sé go símhialta an custom, agus
annsin sheas an gabha. Thosuigh sé a'
tóruidheacht a phócaidhe folamh briste, acht
ní raibh sgiúrtóg fhéin iontab, ná áit
chomhnuidhe ar bith dhó. Mheas sé annsin dul
a-bhaile, acht an duine bocht, níor fhág san
mbaile 'na dhiaidh acht luaithe na ceardchan.
Faoi dheireadh a's faoi dheoidh, thairg sé an
cóta mór do'n fhear, nó go dtiocfadh sé ar
ais arísd leis an gcustom, th'réis na
fataidhe dhíol. Ghlac an fear an cóta mór
go sásta, agus thug sé isteach é 'na theaichín
brocach súigheach. Thiomáin Gabha na Rain-
nighe leis annsin, acht a'dul isteach an
Baile Meadhónach dhó, cia casadh air a'
teacht amach acht tighearna na talmhana.
Chuir an tighearna caint air, agus d'fhiar-
fhuigh dhe godé an fáth nach raibh a
chóta mór air, a leithéid sin do lá báistighe.
D'innis an gabha an sgeul dó; agus annsin
d'fháisg seisean a bheul, chroith a cheann, agus
dubhairt leis an ngabha bheith thuas ag an
gcúirt ag a leithéid seo 'chlog, Dia Luain
bhí 'ugad.
(Tuilleadh.)
Seaghán Ó Flaithbheartaigh.