Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Focailín i dTráth.
Title
Focailín i dTráth.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Focailín i dTráth. A mhuintir na Gaedhilge - Is cuma ár nGaedhilg no abha bhreagh mhór shaidhbhir ag gluaiseacht le fánaidh tré dhúthaighibh leathana. Is fada í a cuaird agus is fairsing é a tairbhe. Acht is minic mórán salachair ar barr uisge ag an abhainn is glaine. 'Nuair thiocfaidh duine go port na habhann ag iarraidh uisge, ní h-i lár an tsalachair do chuirfidh sé an t-árthach. Tá uisge glan ár ndaoithin le fagháil againn san abhainn seo, agus ní cal dúinn sinn féin agus ár muintir do mhilleadh leis an ndomblas a bhíonn ag gluaiseacht ar barr uisge. Ní folláine-de madradh marbh é bheith 'san uisge glan. Ní milse-de an domblas é bheith i n-árthach airgid. Níor mheasa do dhuine rud do ghearrfadh a sgórnach 'ná sgian óir. Ar an gcuma gcéadna, ní folláine-de agus ní milse-de agus ní macánta-de sgeul neamh-cháidh é bheith dá innsint i nGaedhilg uasail. Ní headh, acht dá uais- leacht í an chaint, is eadh is tiubaistighe an díoghbháil. Tá sgéalaidheacht an Béarla loitthe leis an ndomblas úd. Tá sgéalaidheacht na Fraingcise loitthe leis. Tá aigneadh na ndaoine imthighthe i mugha, agus ní'l meas anois ar sgéal Béarla ná ar sgéal Frangcach muna mbeidh líonta de gach ainmhian. Is leamh an obair dúinne aithris do dhéanamh ortha súd, ag rith 'na ndiaidh 'nár maidirínidhibh laithighe. Do bhí ar nGaedhilg fíor-ghlan nó go dtáinig claochlódh uirthi le cúpla céad bliadhan. Anois an t-am againn. Anois atá againn í thógáil as an laithigh, agus gan í thumadh innti. Déanamaois mar ghnídh an bheach, .i. an mhil do chnuasach agus an nimh do sheachnadh. Táim-se im chodladh 'S gan codladh acht shúil liom.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services