Focailín i dTráth.
A mhuintir na Gaedhilge -
Is cuma ár nGaedhilg no abha bhreagh mhór
shaidhbhir ag gluaiseacht le fánaidh tré
dhúthaighibh leathana. Is fada í a cuaird agus is
fairsing é a tairbhe. Acht is minic mórán
salachair ar barr uisge ag an abhainn is
glaine. 'Nuair thiocfaidh duine go port na
habhann ag iarraidh uisge, ní h-i lár an
tsalachair do chuirfidh sé an t-árthach. Tá
uisge glan ár ndaoithin le fagháil againn
san abhainn seo, agus ní cal dúinn sinn féin agus
ár muintir do mhilleadh leis an ndomblas
a bhíonn ag gluaiseacht ar barr uisge.
Ní folláine-de madradh marbh é bheith 'san
uisge glan. Ní milse-de an domblas é
bheith i n-árthach airgid. Níor mheasa do
dhuine rud do ghearrfadh a sgórnach 'ná
sgian óir. Ar an gcuma gcéadna, ní
folláine-de agus ní milse-de agus ní macánta-de
sgeul neamh-cháidh é bheith dá innsint i
nGaedhilg uasail. Ní headh, acht dá uais-
leacht í an chaint, is eadh is tiubaistighe an
díoghbháil.
Tá sgéalaidheacht an Béarla loitthe leis
an ndomblas úd. Tá sgéalaidheacht na
Fraingcise loitthe leis. Tá aigneadh na
ndaoine imthighthe i mugha, agus ní'l meas anois
ar sgéal Béarla ná ar sgéal Frangcach
muna mbeidh líonta de gach ainmhian. Is
leamh an obair dúinne aithris do dhéanamh
ortha súd, ag rith 'na ndiaidh 'nár maidirínidhibh
laithighe.
Do bhí ar nGaedhilg fíor-ghlan nó go
dtáinig claochlódh uirthi le cúpla céad
bliadhan. Anois an t-am againn. Anois
atá againn í thógáil as an laithigh, agus gan
í thumadh innti. Déanamaois mar ghnídh an
bheach, .i. an mhil do chnuasach agus an nimh do
sheachnadh.
Táim-se im chodladh
'S gan codladh acht shúil liom.