Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aor. Toirdhealbhach Cóir.
Title
Aor. Toirdhealbhach Cóir.
Author(s)
Ua Doirnín, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
I. Aor. Toirdhealbhach Cóir. Peadar Ua Doirnín ro chan. Cha chreideam' go deó, Ó aon a bheidheas beó, “Béidir bocht no go leonaidh an bás thú; A's a liacht sin dóigh A dtuiteann mór-thórrtha Ar dhuine gan stró, a's é ársaidh: Ní fios do neach beó, An mhaidin nó'n neoin, A gcuirfidh an rí glórmhar ágh air; Feuch! teaadh i gcóiste, Ag taisdeal na mbóthar síos, Toirdhealbhach cóir Ua-hÁmuill! Níor chruinnigh sé stór, Nó ciste de'n ór, Nach sgapfadh 'dith-n-óil go fáil- teach; Suidhfeadh fá bhórd Ó mhaidin Dia-Domhnaigh Go n-éirgheo' an ló Dia-Sathuirn air; Ní ghlacfadh sé cómhairle Mhná, nó mhí-lord, Ní fhoirseadh, ní threabhfadh, 's ní fhálfadh; 'S nach bhfeic sibh fá dheoidh Gur chuir Fortún i gcóiste Toirdhealbhach cóir Ua-hÁmuill!
Ní rabh tigh-leanna fá chuairt, Ó Charraig ó thuaidh, Go hInis-chaoin suairc na fáilte; Ó sin go Móin-fhuaghaidh, 'S go Dealgain na gcuach, Ná'r thiormuigh sé suas, mo pháisde: Dá dteagadh na sluaighthe, Phronnadh, gan gruaim, Na casca ó'n chuan, gan cánaigh; 'S ní raibh oslóir gan duais Ó Thoirdhealbhach ruadh, Fó'n eacraidh chur suas ar stábla. B'fhearr liom lé mo bheó, Gan capall, gan bó, Gan earradh, a's fós, gan árus; Ioná imtheacht 'san ród, Mar Icarus óg Mac Daeduluis eólaigh ághmhair: B'fhearr imtheacht 'san meodhain, Mar teagasgadh dhó, Ioná brosnadh le stró go gárd suas; 'S gur thuit se fá dheoidh, 'S a chleite gan treoir, 'S gur i dtonnaibh na bóchna báthadh é. A Thoirdhealbhaigh, fiath, Ná lean-sa do'n riaghal, Lé'r cailleadh an fial-mhac áirighe; Trá thabhuidh do'n ghrian, Cead a heachraidhe do riar Ag imtheacht lé riaghail a mháthara: Leig leis na srianta A's bhrosnadh gan cian, Na greadha bhí diana, dán-bhrasa, Gur loisgeadh 'sna ciantaibh Na horisons shiar, 'S nach dona chuaidh a mhian do Pháeton! Dá nglacfadh mo chómhairle Gach duine d'á dtabhrann Toilte do'n ór, a's grádh fós, Aigneadh ní thóigfeadh Seacha' mar chóir dhó, Acht imtheacht 'san nós is gnáth leis; Ní'l ann acht ceó, Ní mhaireann sé 'gcomhnuidhe, 'S is peacadh ró-mhór a lán de; 'S go sgagann a chóiste Amach ar a thóín An fear úd nach eol dó, a's náire air!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services