Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aor. Toirdhealbhach Cóir.

Title
Aor. Toirdhealbhach Cóir.
Author(s)
Ua Doirnín, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 103


I. Aor.



Toirdhealbhach Cóir.



Peadar Ua Doirnín ro chan.



Cha chreideam' go deó,
Ó aon a bheidheas beó,
“Béidir bocht no go leonaidh an bás
thú;
A's a liacht sin dóigh
A dtuiteann mór-thórrtha
Ar dhuine gan stró, a's é ársaidh:
Ní fios do neach beó,
An mhaidin nó'n neoin,
A gcuirfidh an rí glórmhar ágh air;
Feuch! teaadh i gcóiste,
Ag taisdeal na mbóthar síos,
Toirdhealbhach cóir Ua-hÁmuill!



Níor chruinnigh sé stór,
Nó ciste de'n ór,
Nach sgapfadh 'dith-n-óil go fáil-
teach;
Suidhfeadh fá bhórd
Ó mhaidin Dia-Domhnaigh
Go n-éirgheo' an ló Dia-Sathuirn air;
Ní ghlacfadh sé cómhairle
Mhná, nó mhí-lord,
Ní fhoirseadh, ní threabhfadh, 's ní
fhálfadh;
'S nach bhfeic sibh fá dheoidh
Gur chuir Fortún i gcóiste
Toirdhealbhach cóir Ua-hÁmuill!


L. 104


Ní rabh tigh-leanna fá chuairt,
Ó Charraig ó thuaidh,
Go hInis-chaoin suairc na fáilte;
Ó sin go Móin-fhuaghaidh,
'S go Dealgain na gcuach,
Ná'r thiormuigh sé suas, mo pháisde:
Dá dteagadh na sluaighthe,
Phronnadh, gan gruaim,
Na casca ó'n chuan, gan cánaigh;
'S ní raibh oslóir gan duais
Ó Thoirdhealbhach ruadh,
Fó'n eacraidh chur suas ar stábla.



B'fhearr liom lé mo bheó,
Gan capall, gan bó,
Gan earradh, a's fós, gan árus;
Ioná imtheacht 'san ród,
Mar Icarus óg
Mac Daeduluis eólaigh ághmhair:
B'fhearr imtheacht 'san meodhain,
Mar teagasgadh dhó,
Ioná brosnadh le stró go gárd
suas;
'S gur thuit se fá dheoidh,
'S a chleite gan treoir,
'S gur i dtonnaibh na bóchna báthadh é.



A Thoirdhealbhaigh, fiath,
Ná lean-sa do'n riaghal,
Lé'r cailleadh an fial-mhac áirighe;
Trá thabhuidh do'n ghrian,
Cead a heachraidhe do riar
Ag imtheacht lé riaghail a mháthara:
Leig leis na srianta
A's bhrosnadh gan cian,
Na greadha bhí diana, dán-bhrasa,
Gur loisgeadh 'sna ciantaibh
Na horisons shiar,
'S nach dona chuaidh a mhian do
Pháeton!



Dá nglacfadh mo chómhairle
Gach duine d'á dtabhrann
Toilte do'n ór, a's grádh fós,
Aigneadh ní thóigfeadh
Seacha' mar chóir dhó,
Acht imtheacht 'san nós is gnáth leis;
Ní'l ann acht ceó,
Ní mhaireann sé 'gcomhnuidhe,
'S is peacadh ró-mhór a lán de;
'S go sgagann a chóiste
Amach ar a thóín
An fear úd nach eol dó, a's náire
air!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services