Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Masladh an Phiopa.
Title
Masladh an Phiopa.
Author(s)
Osborn, Seorsa,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Mac Néill, Eoghain
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Masladh an Phiopa Cuirim sgeul cruaidh cráidhte ort a dhúidín ghránda gach núin 's gach maidin is tú rinne mo chreach 's gur tusa d'fhágaibh mé gan slighe gan fagháltas gan trust gan cháirde gan chion gan mheas. Is leat gan amhrus a thuit mo shlainte mo shaoghal a's m'aimsir a chaith mé leat acht mo leun a's m'amhgar gan mé thall i nGeansuí 's bheidhinn saothrach sanntach mar gach fear. Nach mise an seucla gan bhiadh gan eudach gan urradh gan eudáil gan snuadh gan dath acht mar bheidheadh fear bréige bheidheadh a' ruagadh eunlaith agus tusa gleusta agus laighead do mhaith. Chuir mé hata lása air do bhaithis fáisgthe díol Uí Eaghra gur labhair an fob agus throisg mé tráithte mar gheall ar t'árus a's dá mhéid dá bhfághann tú níor dhún do chlab. 'S tá mo thóin gan bhríste i measg na gCríosdaidhe a's mo chuid sa' ngríosach gur dóigheadh a leath 's gurab é fuacht mo shálaidhe do bhreac mo láirgnidhe 's mo bhríste i ngeáll uaim ag bean tabac. An tráth shaoileadh Nóra mé bheith i dteach na seolta ag caitheadh smóla nó a' deunadh gar bhíodh mo lairgnidhe dóighte ar theallaigh Sheórsa ag caint 's a' comhrádh 's a' comhrádh 's a' caitheadh tabac. Acht anois go cinnte cuirim cúl mo chinn leat a's go bráth arís ní chaithfead gail téirigh siar i bhfuil Kelly an figheadóir caith do shaoghal freis ná tar ar t'ais. Seórsa Osborn. Fuair mé an dán so ar mhasladh an phíopa ó Uilliam a Riain, fear atá 'na chomhnuidhe ins a' gCaisleán Nuadh i mBarr na Gaillimhe. Maireann fós an fear ar a ndearna Osborn an dán, i ngar d'Uachdar Árd. Dubhairt Uilliam Ó Riain an dán ag cruinniughadh de Chonnradh na Gaedhilge i nGaillimh. — Mac N. Tá doimhneacht agus dlúith-chiall i bhfilidheacht na Mumhan, agus tá simplidheacht i bhfilidheacht leithe Cuinn — is iad na habhráin tuaithe, agus ní hiad dánta na bhfileadh adeirimid. Tá an sgeul ceudna le hinnsin i dtaobh na sgeulaidheachta. Is mór an dúil atá ag na daoinibh ó thuaidh san gcineál sad'abhránaibh i n-a ndeuntar mion-gháire agus magadh fá neithibh beaga sua- racha. Bo dhíobh do na habhránaibh úd do bhí againn cheana san irisleabhar, .i. “Sláinte na nEun,”
“Tarrang na Móna,” “An Chaora Bheag Dhíleas,” &c. Tá tuilleadh aca clóbhuailte san leabhar “Siamsa an Gheimhridh,”agus go deimhin féin, táid dá ndeunamh ag na daoinibh fós, pé áit thiar nó thuaidh i bhfuil ar dteanga dhá labhaiirt ag an sluagh. Núin = nóin, neoin, tráthnóna, nonae sa' Laidin. Adeirid “múin,” “túin,” &c. go minic i gConnachtaibh i n-ionad “móin,” “tóin,” &c. Tá an tsean-fhuirm so ar fagháil fós i gConnachtaibh. Ní thuigim “seucla” i gceart, agus bheidhinn buidheachde “Mhac N.” dá míneochadh sé é, agus a dó nó a trí de ráidhtibh eile do sgríobhadh ag cur céille an fhocail i dtuigsin dúinn. Bheidheadh sé comh maith aige 'san am gceudna gluais éigin do thabhairt ar na foclaibh so, do réir mar tuig- thear i measg na ndaoine iad, .i. urradh, eudáil, “gur labhair an fob,” clab, smóla; agus tuilleadh ráidhte do thabhairt, ar chor go mbeidh an chiall go daingean de mheamhair ag na macaibh léighinn, fear bréige .i. cosamh- lacht fhir deunta le maidibh agus le heudach, &c. Ba “tráth” gach uair nó gach aimsear de na seacht n-aim- searaibh 'san Eaglais .i. matutinae, primae, tertiae, sextae, nonae, vesperae, agus completorium. O'n bhfocal Laidne “nonae” atá nóin nó neoin, agus tráth-nóna. Tháinig de sin go ngoirthí “tráth” de'n am do bhíodh idir dhá chuid, nó idir dhá bhéile, agus isn mar adeir an té so gur “throisg sé tráighte.” “Fuacht na ngualann bhreacas na luirgne:” Seanfhocal. Síntear an gothadh roimh “ll,” “nn,” “m,” i ndéireadh focail, nó má bhíonn consoine eile le n-ais, 'san gcanamhaint atá dhá labhairt i dtimchioll na Gaillimhe agu i nÁrainn. Deunamh gar, doing favaours or good turns. Is í so an fhuirm fhurálach (imperative) is gnáithe'san gcaint ag an mbréithir “téidhim.” Do réir fuama, is é “teidhrigh” adeir- thear. Freis = leis; freis-sin (also) = “leis” i gcúigeadh Mumhan. Ní fhuilim dearbhtha an ionann an focal so agus an focal seanda “fris” nó “ris” .k. leis, nó an é “farreis” é, is é sin “farradh ris,” “mar aon leis.” Do chuir Padruig Ó Laoghaire i n-iúl dom, atá tamall gearr ó shoin, go n-abarthar “farris” fós i n-Iar-Mhumhain.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services