Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Masladh an Phiopa.

Title
Masladh an Phiopa.
Author(s)
Osborn, Seorsa,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Mac Néill, Eoghain
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Masladh an Phiopa



Cuirim sgeul cruaidh cráidhte ort
a dhúidín ghránda
gach núin 's gach maidin
is tú rinne mo chreach
's gur tusa d'fhágaibh mé
gan slighe gan fagháltas
gan trust gan cháirde
gan chion gan mheas.



Is leat gan amhrus
a thuit mo shlainte
mo shaoghal a's m'aimsir
a chaith mé leat
acht mo leun a's m'amhgar
gan mé thall i nGeansuí
's bheidhinn saothrach sanntach
mar gach fear.



Nach mise an seucla
gan bhiadh gan eudach
gan urradh gan eudáil
gan snuadh gan dath
acht mar bheidheadh fear bréige
bheidheadh a' ruagadh eunlaith
agus tusa gleusta
agus laighead do mhaith.



Chuir mé hata lása
air do bhaithis fáisgthe
díol Uí Eaghra
gur labhair an fob
agus throisg mé tráithte
mar gheall ar t'árus
a's dá mhéid dá bhfághann tú
níor dhún do chlab.



'S tá mo thóin gan bhríste
i measg na gCríosdaidhe
a's mo chuid sa' ngríosach
gur dóigheadh a leath
's gurab é fuacht mo shálaidhe
do bhreac mo láirgnidhe
's mo bhríste i ngeáll uaim
ag bean tabac.



An tráth shaoileadh Nóra
mé bheith i dteach na seolta
ag caitheadh smóla
nó a' deunadh gar
bhíodh mo lairgnidhe dóighte
ar theallaigh Sheórsa
ag caint 's a' comhrádh
's a' comhrádh
's a' caitheadh tabac.



Acht anois go cinnte
cuirim cúl mo chinn leat
a's go bráth arís
ní chaithfead gail
téirigh siar
i bhfuil Kelly an figheadóir
caith do shaoghal freis
ná tar ar t'ais.



Seórsa Osborn.




Fuair mé an dán so ar mhasladh an
phíopa ó Uilliam a Riain, fear atá 'na
chomhnuidhe ins a' gCaisleán Nuadh i mBarr
na Gaillimhe. Maireann fós an fear ar a
ndearna Osborn an dán, i ngar d'Uachdar
Árd. Dubhairt Uilliam Ó Riain an dán ag
cruinniughadh de Chonnradh na Gaedhilge i
nGaillimh. — Mac N.



Tá doimhneacht agus dlúith-chiall i bhfilidheacht na
Mumhan, agus tá simplidheacht i bhfilidheacht leithe
Cuinn — is iad na habhráin tuaithe, agus ní hiad dánta na
bhfileadh adeirimid. Tá an sgeul ceudna le hinnsin i
dtaobh na sgeulaidheachta. Is mór an dúil atá ag na
daoinibh ó thuaidh san gcineál sad'abhránaibh i n-a
ndeuntar mion-gháire agus magadh fá neithibh beaga sua-
racha. Bo dhíobh do na habhránaibh úd do bhí againn
cheana san irisleabhar, .i. “Sláinte na nEun,”


L. 74


“Tarrang na Móna,” “An Chaora Bheag Dhíleas,”
&c. Tá tuilleadh aca clóbhuailte san leabhar
“Siamsa an Gheimhridh,”agus go deimhin féin, táid dá
ndeunamh ag na daoinibh fós, pé áit thiar nó thuaidh i
bhfuil ar dteanga dhá labhaiirt ag an sluagh.



Núin = nóin, neoin, tráthnóna, nonae sa' Laidin.
Adeirid “múin,” “túin,” &c. go minic i gConnachtaibh
i n-ionad “móin,” “tóin,” &c. Tá an tsean-fhuirm
so ar fagháil fós i gConnachtaibh. Ní thuigim
“seucla” i gceart, agus bheidhinn buidheachde “Mhac N.”
dá míneochadh sé é, agus a dó nó a trí de ráidhtibh eile do
sgríobhadh ag cur céille an fhocail i dtuigsin dúinn.
Bheidheadh sé comh maith aige 'san am gceudna gluais
éigin do thabhairt ar na foclaibh so, do réir mar tuig-
thear i measg na ndaoine iad, .i. urradh, eudáil, “gur
labhair an fob,” clab, smóla; agus tuilleadh ráidhte do
thabhairt, ar chor go mbeidh an chiall go daingean de
mheamhair ag na macaibh léighinn, fear bréige .i. cosamh-
lacht fhir deunta le maidibh agus le heudach, &c. Ba
“tráth” gach uair nó gach aimsear de na seacht n-aim-
searaibh 'san Eaglais .i. matutinae, primae, tertiae, sextae,
nonae, vesperae, agus completorium. O'n bhfocal Laidne
“nonae” atá nóin nó neoin, agus tráth-nóna. Tháinig de
sin go ngoirthí “tráth” de'n am do bhíodh idir dhá chuid,
nó idir dhá bhéile, agus isn mar adeir an té so gur “throisg
sé tráighte.” “Fuacht na ngualann bhreacas na
luirgne:” Seanfhocal. Síntear an gothadh roimh “ll,”
“nn,” “m,” i ndéireadh focail, nó má bhíonn consoine
eile le n-ais, 'san gcanamhaint atá dhá labhairt i
dtimchioll na Gaillimhe agu i nÁrainn. Deunamh gar,
doing favaours or good turns. Is í so an fhuirm fhurálach
(imperative) is gnáithe'san gcaint ag an mbréithir
“téidhim.” Do réir fuama, is é “teidhrigh” adeir-
thear. Freis = leis; freis-sin (also) = “leis” i
gcúigeadh Mumhan. Ní fhuilim dearbhtha an ionann an
focal so agus an focal seanda “fris” nó “ris” .k. leis,
nó an é “farreis” é, is é sin “farradh ris,” “mar
aon leis.” Do chuir Padruig Ó Laoghaire i n-iúl dom,
atá tamall gearr ó shoin, go n-abarthar “farris”
fós i n-Iar-Mhumhain.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services