Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Title
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seadhna. (Ar leanamhaint) Thiomán sé leis, ag caint leis féin ar an gcuma sain, go ceann i bhfad. Fé dheireadh do phreab se 'na shuidhe. “Raghad anois láithreach,” ar seisean, “agus díolfad Diarmuid, agus tabharfad tuilleadh leathair a-bhaile liom.” Thiomáin sé leis ceann ar aghaidh, agus níor stad cos leis do dtí go raibh sé ar aghaidh tighe Dhiarmada amach. Bhí Diarmuid 'na sheasamh idir dhá lígh an doruis ar an gcuma gceudna 'na raibh sé indé roimhe sin. Ba ghnáth leis a lán dá aimsir do chaitheamh mar sin, 'na sheasamh sa' dorus agus a ghuala leis an ursain, agus é ag feuchaint, síos an bóthar agus suas an bóthar, síos an bóthar agus suas an bóthar, gach-re dtamall. “Airiú, a Sheadhna, cad do imthigh ort?” arsa Diarmuid. “Andaigh, níor imthigh faic, a Dhiarmuid,” ar seisean, “acht do thánagh chughat-sa led' chuid airgid. Seo dhuit é,” agus do shín sé púnt chuige. “Ní raibh sé i bhfad gan teacht isteach chughat,” arsa Diarmuid, agus do thug sé feu- chaint ghreannmhar ar Sheadhna, feibh mar bheidheadh amhras aige nár bh' as an gceird do fuair se an t-airgead. Thuig Seadhna a fheuchaint, agus dubhairt, “Bhí sé so geallta dhom roimh an aonach, agus ní bhfuaras é go dtí indiu.” “Airiú,” arsa Diarmuid, “agus cad ba ghádh an dithneas go léir? Ná déanfad sé an gnó i gceann seachtmhaine nó coigthighis. Táir chomh suaite agus da mbadh ná leigfeá do thaobh ar aon leabaidh le trí oidhche. An rabhais amuich i n-aon bhall araoir?” “Amuich i n-aon bhall araoir? Cá mbei- dhinn muich araoir, airiú? Ní rabhas go deimhin, acht 'nuair chuadhas a-bhaile ó 'n aonach, do shuidheas sa'chathaoir agus do thuig mo chodladh orm, agus geallaim dhuit gur fhanas annsain go maidin indiu.” “Domhaise, is greannmhar sain de, agus féach, 'nuair bhís ag fágaint an tidhe seo um thráthnóna indé, ní raibh aon rian dighe ort, agus bhí se 'na thráthnóna mhór luath. Cár fhanais?” “Mhaise beannacht Dé i leith anmann do mharbh, a Dhiarmuid, agus leig dom féin. Níor fhanas i n-aon bhall acht dul a-bhaile láith- reach. Ní hól ná imirt bhí ag déanamh buadhartha dhom, geallaim dhuit é.” Do shín se an punt chum Diarmada agus thug sé a bhóthar air, gan a thuilleadh righnis, ar eagla go gcurfaidhe a thuilleadh ceisdeanna air. Bhí se ceapuighthe luach a trí nó a ceathair de phuntaibh eile do thabhairt leis, acht bhí sgannradh air go bhfiafróchadh Diar- muid de cia thug an t-airgead do. Ag gabháil an bóthar a-bhaile dho, do bhí a aigneadh agus a intinn tré n-a chéile, agus é ag cur agus ag cúiteamh, ag cur agus ag cúiteamh, ag iarraidh a dhéanamh amach cad d'imthigh ar an airgead lá an aonaigh. “Dá mbeidhinn ag machtnamh air go ceann bliadhna ó indiu,” ar seisean, “ní fhéad- fainn a thuigsint cad é an bhrígh atá leis.” Agus i gcaitheamh na slighe níor sgar an lámh chlé leis an taobh de'n bhest go raibh an sparán lea'stigh de, agus do bhí an lámh dheas sáithte go huillinn i bpóca an bhríste aige, agus é ag cur an óir tré n-a mhéireannaibh. Sile. Cad é an tairbhe dhein sé dho, bheith dhá chur tré n-a mhéireannaibh, a Pheg? Peg. Ní fheadar 'an tsaoghal, a Shíle, acht bhí sé dhá dhéanamh, pé i nÉirinn é, agus níor stad sé dhe go dtáinig sé a-bhaile. Bhí sé
i bhfonn nídh b'fhearr chum na mine agus chum na n-ubhall an uair sin, ioná mar bhí sé indé roimhe sin, agus d'ith sé a dhaoithin díobh. Bhí sé ag ithe agus ag machtnamh go ceann i bhfad. Fé dheireadh so stad sé agus bhuail sé buille dá bhois ar a leath-ghlúin. “Dar an bportúr!” ar seisean, “dá bhfeiceadh Diarmuid an capall dubh úd ceannuighthe agam, ní fios cá stadfaidís na ceisdeanna. Ní bheidheadh aon bhreith agam ar dhul uaidh. Tá sé ró-ghéarchúiseach ar fad. 'Nuair thabharfá leath-sgeul do, agus badh dhóigh leat go mbeidhtheá réidh leis, is amh- laidh do bheidheadh sé i n-achrann ionnat níos daingne. B'fhéidir, d'éis an tsaoghail, gurab amhlaidh mar is fearr é nár cheann- uigheas capall ná bó. Is cuma liom ó tá an t-airgead agam. Mharbhóchadh an capall úd mé, agus annsain ní bheidís na trí bliadhna deug féin agam. Agus óir nár cheann- uigheas an bhó, ní gádh dhom bheith ag lorg mná chum a crúidhte. B'fhéidir nár bh'fhearr riamh é mar sgeul, — 'an rud badh mheasa le duine 'ná a bhás, ní fheadair sé ná gur bh'é lár a leasa é!' Déanfad na bróga so, agus annsain raghad ag triall ar Dhiar- muid, agus tabharfad liom luach dhá phunt, agus annsain luach cheithre bpunt, agus mar sin. Ha-há! a Dhiarmauid, seadh! Seadh! Seadh! Sleamhnóchaidh an sgeul suas gan fhios duit. Nár' mhór an dallacán mé, nár chuimhnigh ar an slighe sin ar dtúis? Dar nóin ní bheidheadh nídh ar bith badh mheasa dhom 'ná ainm airgid do dhul amach orm láithreach bonn mar sin. Déarfaidhe gurab amhlaidh do ghoideas ó dhuine éigin é. Acht 'nuair curfar amach i ndiaidh a chéile é, ceapfaidh gach aon-ne', nídh nach iongnadh, gur as mo cheird a bheidh sé déant[h]a agam.” 'Nuair bhí an méid sin socrughadh aignidh déanta aige, thóg sé greim eile de'n mhin agus d'ith, agus d'aimsigh sé abhall eile agus do choguin; annsain do tharraing sé chuige a chuid leathair agus a chuid céarach agus a chuid snáithe agus na meanuithidhe caola agus na meanuithidhe ramhra agus na cip, agus do chrom sé ar obair. 'Nuair bhíodh sé ag obair, ba bhéas leis bheith ag síor-chrónán, agus isidé an port is m.ó bhíodh ar siubhal aige — Ó! Greadadh 's duais ort! A chailligh ruainnigh, Thug orm fuath ban Éireann — Go bhfuil dá chluais ort Chomh mór le sluasaid, A's pus ró-mhór mar Bheul ort! Dá bhfaghainn ó'n Ruachtaigh Go port Abhann Móire 'Gus Malla ó thuaidh már Spré leat. An Chlaoideach ruadh 'gus A bhfuil de bhuaibh ann Ní shínfinn suas mo Shaoghal leat. Gob. Ba dheas an crónán é. Acht ní fheadar cad uime gur tugadh “cailleach ruainneach” uirthi. Is dócha gurab amhlaidh do bhí féasóg sgáinte uirthi, mar atá ar Chailleach na mBroc. (leanfar de seo).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services