Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seadhna. (ar leanamhaint.)

Title
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 70


Seadhna.



(Ar leanamhaint)



Thiomán sé leis, ag caint leis féin ar an
gcuma sain, go ceann i bhfad. Fé dheireadh
do phreab se 'na shuidhe.



“Raghad anois láithreach,” ar seisean, “agus
díolfad Diarmuid, agus tabharfad tuilleadh
leathair a-bhaile liom.”



Thiomáin sé leis ceann ar aghaidh, agus níor
stad cos leis do dtí go raibh sé ar aghaidh
tighe Dhiarmada amach.



Bhí Diarmuid 'na sheasamh idir dhá lígh an
doruis ar an gcuma gceudna 'na raibh sé
indé roimhe sin. Ba ghnáth leis a lán dá
aimsir do chaitheamh mar sin, 'na sheasamh sa'
dorus agus a ghuala leis an ursain, agus é ag
feuchaint, síos an bóthar agus suas an bóthar,
síos an bóthar agus suas an bóthar, gach-re
dtamall.



“Airiú, a Sheadhna, cad do imthigh ort?”
arsa Diarmuid.



“Andaigh, níor imthigh faic, a Dhiarmuid,”
ar seisean, “acht do thánagh chughat-sa led'
chuid airgid. Seo dhuit é,” agus do shín sé
púnt chuige.



“Ní raibh sé i bhfad gan teacht isteach
chughat,” arsa Diarmuid, agus do thug sé feu-
chaint ghreannmhar ar Sheadhna, feibh mar
bheidheadh amhras aige nár bh' as an gceird
do fuair se an t-airgead.



Thuig Seadhna a fheuchaint, agus dubhairt, “Bhí
sé so geallta dhom roimh an aonach, agus ní
bhfuaras é go dtí indiu.”



“Airiú,” arsa Diarmuid, “agus cad ba ghádh
an dithneas go léir? Ná déanfad sé an
gnó i gceann seachtmhaine nó coigthighis.
Táir chomh suaite agus da mbadh ná leigfeá do
thaobh ar aon leabaidh le trí oidhche. An
rabhais amuich i n-aon bhall araoir?”



“Amuich i n-aon bhall araoir? Cá mbei-
dhinn muich araoir, airiú? Ní rabhas go
deimhin, acht 'nuair chuadhas a-bhaile ó 'n
aonach, do shuidheas sa'chathaoir agus do thuig mo
chodladh orm, agus geallaim dhuit gur fhanas
annsain go maidin indiu.”



“Domhaise, is greannmhar sain de, agus féach,
'nuair bhís ag fágaint an tidhe seo um
thráthnóna indé, ní raibh aon rian dighe ort,
agus bhí se 'na thráthnóna mhór luath. Cár
fhanais?”



“Mhaise beannacht Dé i leith anmann do
mharbh, a Dhiarmuid, agus leig dom féin. Níor
fhanas i n-aon bhall acht dul a-bhaile láith-
reach. Ní hól ná imirt bhí ag déanamh
buadhartha dhom, geallaim dhuit é.”



Do shín se an punt chum Diarmada agus thug
sé a bhóthar air, gan a thuilleadh righnis, ar
eagla go gcurfaidhe a thuilleadh ceisdeanna
air. Bhí se ceapuighthe luach a trí nó a
ceathair de phuntaibh eile do thabhairt leis,
acht bhí sgannradh air go bhfiafróchadh Diar-
muid de cia thug an t-airgead do.



Ag gabháil an bóthar a-bhaile dho, do bhí a
aigneadh agus a intinn tré n-a chéile, agus é ag
cur agus ag cúiteamh, ag cur agus ag cúiteamh,
ag iarraidh a dhéanamh amach cad d'imthigh ar
an airgead lá an aonaigh.



“Dá mbeidhinn ag machtnamh air go ceann
bliadhna ó indiu,” ar seisean, “ní fhéad-
fainn a thuigsint cad é an bhrígh atá leis.”
Agus i gcaitheamh na slighe níor sgar an
lámh chlé leis an taobh de'n bhest go raibh
an sparán lea'stigh de, agus do bhí an lámh
dheas sáithte go huillinn i bpóca an bhríste
aige, agus é ag cur an óir tré n-a mhéireannaibh.



Sile. Cad é an tairbhe dhein sé dho, bheith
dhá chur tré n-a mhéireannaibh, a Pheg?



Peg. Ní fheadar 'an tsaoghal, a Shíle, acht
bhí sé dhá dhéanamh, pé i nÉirinn é, agus níor
stad sé dhe go dtáinig sé a-bhaile. Bhí sé


L. 71


i bhfonn nídh b'fhearr chum na mine agus chum
na n-ubhall an uair sin, ioná mar bhí sé
indé roimhe sin, agus d'ith sé a dhaoithin díobh.
Bhí sé ag ithe agus ag machtnamh go ceann i
bhfad. Fé dheireadh so stad sé agus bhuail sé
buille dá bhois ar a leath-ghlúin.



“Dar an bportúr!” ar seisean, “dá
bhfeiceadh Diarmuid an capall dubh úd
ceannuighthe agam, ní fios cá stadfaidís na
ceisdeanna. Ní bheidheadh aon bhreith agam
ar dhul uaidh. Tá sé ró-ghéarchúiseach ar fad.
'Nuair thabharfá leath-sgeul do, agus badh
dhóigh leat go mbeidhtheá réidh leis, is amh-
laidh do bheidheadh sé i n-achrann ionnat
níos daingne. B'fhéidir, d'éis an tsaoghail,
gurab amhlaidh mar is fearr é nár cheann-
uigheas capall ná bó. Is cuma liom ó tá
an t-airgead agam. Mharbhóchadh an capall
úd mé, agus annsain ní bheidís na trí bliadhna
deug féin agam. Agus óir nár cheann-
uigheas an bhó, ní gádh dhom bheith ag lorg
mná chum a crúidhte. B'fhéidir nár bh'fhearr
riamh é mar sgeul, — 'an rud badh mheasa
le duine 'ná a bhás, ní fheadair sé ná gur
bh'é lár a leasa é!' Déanfad na bróga
so, agus annsain raghad ag triall ar Dhiar-
muid, agus tabharfad liom luach dhá phunt, agus
annsain luach cheithre bpunt, agus mar sin.
Ha-há! a Dhiarmauid, seadh! Seadh! Seadh!
Sleamhnóchaidh an sgeul suas gan fhios duit.
Nár' mhór an dallacán mé, nár chuimhnigh ar
an slighe sin ar dtúis? Dar nóin ní
bheidheadh nídh ar bith badh mheasa dhom 'ná
ainm airgid do dhul amach orm láithreach
bonn mar sin. Déarfaidhe gurab amhlaidh
do ghoideas ó dhuine éigin é. Acht 'nuair
curfar amach i ndiaidh a chéile é, ceapfaidh
gach aon-ne', nídh nach iongnadh, gur as mo
cheird a bheidh sé déant[h]a agam.”



'Nuair bhí an méid sin socrughadh aignidh
déanta aige, thóg sé greim eile de'n mhin agus
d'ith, agus d'aimsigh sé abhall eile agus do choguin;
annsain do tharraing sé chuige a chuid
leathair agus a chuid céarach agus a chuid snáithe agus
na meanuithidhe caola agus na meanuithidhe
ramhra agus na cip, agus do chrom sé ar obair.
'Nuair bhíodh sé ag obair, ba bhéas leis bheith
ag síor-chrónán, agus isidé an port is m.ó
bhíodh ar siubhal aige —



Ó! Greadadh 's duais ort!
A chailligh ruainnigh,
Thug orm fuath ban
Éireann —
Go bhfuil dá chluais ort
Chomh mór le sluasaid,
A's pus ró-mhór mar
Bheul ort!
Dá bhfaghainn ó'n Ruachtaigh
Go port Abhann Móire
'Gus Malla ó thuaidh már
Spré leat.
An Chlaoideach ruadh 'gus
A bhfuil de bhuaibh ann
Ní shínfinn suas mo
Shaoghal leat.



Gob. Ba dheas an crónán é. Acht ní
fheadar cad uime gur tugadh “cailleach
ruainneach” uirthi. Is dócha gurab amhlaidh
do bhí féasóg sgáinte uirthi, mar atá ar
Chailleach na mBroc.



(leanfar de seo).




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services